Top Issue 1-2024

3 September 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Meas ar na huaigheanna

I mbliana chaith muid cúpla lá ag campáil i Normandy na Fraince ar shuíomh campála gar do Thrá Utah. Admhaím nach duine mé atá ró-thugtha don champáil ach bhí na páistí ag iarraidh seo a dhéanamh le blianta agus faoi dheireadh ghéill mé do vóta an tromlaigh. Bhí rudaí ag dul go maith i rith an lae, agus san oíche d’oscail muid buidéal fíona agus d’ól gloine nó dhó faoi ghrian an tráthnóna agus le titim na hoíche chuaigh muid a’ chodladh, go suaimhneach. Músclaíodh mé go tobann cúpla uair i ndiaidh sin le scread na mná céile: Cad chuige gur reab tú an cheannadhairt faoi mo cheann? arsa sí. Gheall mé nár sciob mé tada uaithi agus ós rud go raibh an puball lán-zipeáilte suas, gurbh fhearr dí, agus domh dhul ar ais a chodladh. Cúpla bomaite i ndiaidh sin tá mé múscailte arís. ‘An gcloiseann tú sin?’ Chuala mé ceart go leor ach bhí sé deacair a rá cad a bhí ar siúl. Bhí trup duine ag bogadh rudaí timpeall, agus ag tarraing rudaí thart laistigh an phubaill ach nuair a d’amharc muid ní raibh aon rud ann. An mhaidin dar gceann chuir mé ceist ar na cailíní an raibh codladh maith acu agus dúirt siad go raibh, ach, aisteach go leor, gur ‘iompaíodh’ iad i rith na hoíche 180 céim nó gur chríochnaigh siad suas lena gcinn, in aice cosa
na beirte eile. Aisteach go leor bhí cros cuimhneachán 30 méadar ón phuball, cos do shaighdiúir Meiriceánach, Pte F Barone, a fuair bás ar 6 Meitheamh 1944: D-day, nuair a maraíodh na mílte ar na tránna a bhfuil na suímh campála orthu anois. ‘Meas tú go raibh taibhse sa phuball aréir’ arsa sí liom. ‘B’fhéidir go raibh’, arsa mé, ‘ach ní dóigh liom go ndéanann taibhse, ná an marbh, aon dochar dúinn’.

Láthair na marbh
Tá an trá seo, Trá Utah, ar na tránna a ath-bhaistíodh mar Utah, Omaha, Gold, Sword agus Juno sna pleananna chun iomruathar a dhéanamh ar an Fhrainc le linn Mí Mheithimh 1944 agus chun deireadh a chur le diansmacht na Nazaithe agus an Eoraip a fhuascailt. Le linn na trí nó ceithre mhí ón 6ú Meithimh fuair na mílte bás ar gach taobh ar fhronta an oirthir agus fronta an Iarthair: Gearmánaigh, Meiriceánaigh, Sasanaigh, Francaigh, Polannaigh, Rúisigh... agus cuireadh iad mar a thit siad, i reiligí sealadacha, i reiligí taobh le heaglaisí beaga áitiúla nó in uaigheanna réamhdéanta ag na buamaí, diúracháin agus pléascáin a scrios poill agus créatair as an talamh agus a chlúdaigh na mílte coirp nár thangthas orthu ó shin.
Ní raibh mórán spéise agam riamh sna cogaí domhanda ná i stair na gcathanna agus na dtroideanna a loit mór-roinn na hEoraipe sa deichniúr sular rugadh mé ach cuimhním go minic ar an líne as amhrán Eric Bogle, Green Fields of France faoi ‘Here in this graveyard it’s still no mans land/ a thousand white crosses in mute tribute stand’. Cé gur mhinic a chuala mé na focail sin bhí sé deacair domh i gcónaí na crosanna sin a shamhlú go dtí gur thug mé cuairt ar an Reilig Ghearmánach i La Cambe – reilig ina bhfuil 21,222 saighdiúir Gearmánach curtha, agus ar an lá céanna cuairt ar Reilig na Meiriceánach gar do thrá Omaha, ina bhfuil 9387 saighdiúir curtha.
Sna reiligí seo tá idir uaigheanna ina bhfuil ainmneacha, agus uaigheanna do shaighdiúirí anaithnid, agus uaigheanna móra ina bhfuil na céadta curtha le chéile agus níl aon amhras ach go mbíonn tionchar ar radharc na gcrosanna agus réaltanna Dáibhid agus radharc na n-uaigheanna ar aon chuairteoir nuair a síneann torthaí an chogaidh amach romhat i línte bána, línte díreacha, le crosanna agus leacanna ag éirí níos lú i bhfad uait i bpatrúin agus líníocht fhoirfe iar-bhás.

Aithnid agus anaithnid
Sna blianta i ndiaidh an chogaidh bailíodh na coirp ó uaigheanna sealadacha, aonaracha agus cuireadh iad sna reiligí lárnacha. Ó am go ham tagtar ar choirp  go fóill le linn obair feirme, nó mar thoradh thaighde agus cuirtear iad seo sna reiligí in uaigheanna soldat inconnu. Tá beagnach 300 uaigh mar seo i reilig na nGearmánach agus céad breis ar sin arís sa reilig Mheiriceánach a thug mé cuairt air ach tá a macasamhail de scéal sna reiligí eile, níos mó ná céad acu, atá scaipthe ar fud páirceanna catha Normandie agus na Fraince (gan trácht in aon chor ar reiligí sna tíortha eile san Eoraip.
Íorónach agus atá sé, bhí mothúchán ana-shíochánta ar na línte fada, agus na leathchiorcail agus cearnóga agus réaltanna d’uaigheanna. Ag pointe áirithe dhearaigh duine éigin na reiligí seo, dheáraigh siad é mar radharc a d’fhéachfadh cuairteoirí air agus a d’imreodh tionchar ar smaointí agus mothúcháin chuairteora. Sa dhá reilig ina raibh mé bhí teachtaireachtaí éagsúla: leagadh amach an reilig Ghearmánach, ceann de na sé phríomh reilig Ghearmánach i Normandie, le téama síochána, mar theachtaireacht agus cuimhneachán nach dtarlódh a leithéid arís ach i reilig na Meiriceánach is ceiliúradh de mhaorgacht na Stáit Aontaithe atá ann, an reilig féin ina chomhartha ómóis dóibh siúd a fuair bás ar fud an domhain ar son na Stáit Aontaithe. Vae victus, is dócha.

Reiligí mar fhoinse turasóireachta
Níl aon amhras faoi  chomh holc a’s a bhí réimeas na Nazaithe sa Fhrainc agus san Eoraip agus is dócha go bhfuil fuath agus feirge fós ar go leor sa réigiún faoi obair na Nazithe le linn an chogaidh. An cogadh thart, áfach, is dócha gur aithin an beo nach raibh aon rud eile go dtiocfadh leis an marbh a dhéanamh. Rinneadh an rud duineata agus cuireadh na marbh, cine ar chine, ina reiligí iar-chogaidh féin. Ligtear do na reiligí anois gan mórán cur isteach agus go deimhin is cuid den tionscadal turasóireachta iad anois leis na sluaite ag tabhairt cuairte ar na hionaid mhíniúchána agus iarsmalanna i rith na bliana. Is dócha, chomh maith, gur cuid den athmhuintearas é aitheantas agus b’fhéidir luach a thabhairt ar fhulaing an namhaid gan dímheas agus gan masla a dhéanamh de agus ma’s fíor e sin, tá sé ar siúl sna reiligí cogaidh sin i dtuaisceart na Fraince agus in áiteanna eile. An lá go raibh mé ann bhí Meiriceánaigh i reilig na Gearmáine agus Gearmánaigh i reilig na Stát Aontaithe, fiosrach, dea-mhúinte agus ag foghlaim faoin taobh eile den scéal.

Céacht le foghlaim
Chuir sé díomá agus alltacht orm arís, mar sin, nuair a léigh mé in An Phoblacht le déanaí faoi ionsaithe ar uaigheanna stailceoirí ocrais agus óglaigh eile ag nua-nazaithe agus dílseoirí, rud as tharlaíonn go rialta ní amháin i reilig Bhaile an Mhuilinn ag uaigh Bobby Sands ach in áiteanna eile chomh maith. Go deimhin, is minic le blianta beaga anuas gur uaigheanna caitliceacha, seachas uaigheann poblachtacha, atá na dílseoirí seo ag scrios. Ní amháin gur ionsaithe iad seo in aghaidh uaigheanna óglaigh cróga a thug a saol do chúis, ach is ionsaithe iad ar na teaghlaigh atá fágtha ina ndiaidh, agus ar ndóigh ar an idéalachas a threoraigh a saolta. Meatacht shuarach atá sna hionsaithe.
Ó aimsir an tsos-chomhraic tá go leor déanta ag grúpaí áitiúla le gairdíní cuimhneacháin a oscailt ar fud na Sé Chontae go mbeidh deis againn ár gcairde agus ár gcomradaithe a ónórú agus a chuimhneamh. Cuirtear go leor obair isteach cothú na n-uaigheanna poblachtacha chomh maith ag Cumann na nUaigheanna Náisiúnta agus coistí cuimhneacháin áitiúla agus molaim iad go léir as sin. Tiocfaidh lá, b’fhéidir, nuair a bheidh  lárnach againn, páirc nó gairdín chuimhneacháin náisiúnta ina mbeidh cuairteoirí in ann tamall beag a chaitheamh ag smaoineamh faoin íobairt, faoin fhulaingt, faoin chrógacht agus faoin tírghra atá á chomóradh ann. ‘Sin teachtaireacht atá le foghlaim fós ag aontachtóirí agus dilseoirí, gur féidir cuairt a thabhairt ar reilig gan bagairt ó na huaigheanna, gan bagairt do na huaigheanna ata ann.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland