27 August 2009 Edition

Resize: A A A Print

Fógra bháis: Cáit Uí Chadhain 1925 - 2009

Cáit Uí Chadhain ag agóid ag RTÉ i mí Dheireadh Fomhair 1980

Cáit Uí Chadhain ag agóid ag RTÉ i mí Dheireadh Fomhair 1980

Fuair Cáit Uí Chadhain bás ar an 8 Lúnasa seo caite agus í 84 bliain d’aois. Bhí sí gníomhach ar feadh i bhfad i saol agus i bpolaitíocht na Gaeilge agus an Phoblachtachais.
Bhí sí páirteach san fheachtas le tabhairt ar RTÉ tuilleadh cláracha Gaeilge a chraoladh; b’iomaí lá sa chúirt aici, agus thug sí a cás a fhad leis an Ardchúirt ar ócáid amháin. Chaith sí tréimhse sa phríosún in 1983 mar chuid den fheachtas ag daoine diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach mar agóid faoina laghad cláracha Gaeilge a bhí ar RTÉ. Níl amhras ann ná gurbh iad leithéidí Cháit a thug ar an Stát TG4 agus seirbhísí eile a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.
Bhí Cáit ina ball gníomhach freisin de Chumann Cabhrach Ghluaiseacht na Poblachta, a bhí ann le cuidiú le teaghlaigh phríosúnaigh phoblachtacha, agus chaith na blianta ag eagrú crannchuir agus ócáidí eile ar mhaithe le hairgead a chruinniú ar a son.
B’iomaí agóid agus picéad a raibh sí páirteach iontu, ó agóidíocht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, agóidí ar son chearta Náisiúnaithe sa Tuaisceart, agóidí ar son na Stailceoirí Ocrais, go dtí an feachtas in aghaidh shabhaitéireacht na Stát Aontaithe ar neamhspleáchas Nicearagua i dtús na n-ochtóidí. Bhí sí mórchroíoch i gcónaí le daoine nach raibh go maith as, agus b’iomaí bacach agus bean den lucht siúil a fuair cuidiú uaithi sa teach.
Ar an Talamh Bán, an Droim, Garamna nó Leitir Móir, i gConamara a rugadh Cáit ar an 15 Feabhra 1925, duine de chlann mhór. Cailleadh a hathair agus í ina déagóir óg, agus a máthair agus í 18 mbliana d’aois. Tháinig sí go Baile Átha Cliath agus chuaigh ag obair ina cailín aimsire i Ráth Fearnáin.
Casadh a fear, Seosamh, nó Joe Ó Cadhain, as an gCnocán Glas, an Spidéal, uirthi ag céilí i gCearnóg Parnell agus phós siad. Fuair teach i Marino agus saolaíodh naonúr páistí dóibh. Fágadh ina baintreach í agus í 41 bliain d’aois nuair a cailleadh Joe le taom croí in 1966.
Ba dhuine fuinniúil í Cáit, bhí pearsantacht láidir aici, agus bhí a cuid tuairimí féin aici ar an saol. Bhí sí flaithiúil, móchroíoch, séimh, agus spraoiúil - agus meargánta uaireanta. Rinne sí a mórdhícheall ar son cuid mhór daoine. Go dtuga Dia nead theolaí di i measc a muintire.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland