Top Issue 1-2024

20 August 2009 Edition

Resize: A A A Print

Na Fíníní agus teanga na nGael

Léirmheas leabhair
Fíníní Mheirceá agus an Ghaeilge
Le Fionnuala Uí Fhlannagáin.
Coiscéim €15.

Le Mícheál Mac Donncha

Bhí tionchar ar leith ag scríbhinní Thomas Davis ar na Fíníní ach is léir nár ghlac siad go praicticiúil leis an méid a bhí le rá aige maidir leis an Ghaeilge. Ba trí Bhearla a rinne siad a gnó cé go raibh Gaeilge ag an-chuid acu agus cé go raibh Gaeltachtaí móra timpeall na tíre, fiú i ndiaidh an Ghorta Mhór, nuair a bunaíodh Bráithreachas na Poblachta i 1858.
Maraon le formhór phobail na tíre ba i mBéarla a bhí an pholaitíocht á phlé ag na Fíníní. Ag an am chéanna bhí aitheantas ina measc gurb í an Ghaeilge teanga na hÉireann agus gur chóir í a chothú i slí éigean.
Tá obair fiúntach déanta ag Fionnuala Uí Fhlannagáin sa leabhar seo ag léiriú obair na bhFíníní i Meirceá don Ghaeilge. Deir sí go nglactar go hiondúil nár léirigh na Fíníní mórán spéise sa Ghaeilge ach go bhfuil sé soiléir ó na nuachtáin a bhunaíodar nach mar sin a bhí an scéal maidir le Fíníní Mheirceá. Tá deichniúr acu pléite aici sa leabhar seo.
Gaeilgeoir ó dhúchas ab ea Diarmuid Ó Donnabháin Rosa. Scoláire Ghaeilge ab ea John O’Mahoney, bunaitheoir na bhFíníní i Meirceá. Bhunaigh John Devoy an Gaelic American a thug tacaíocht don ghluaiseacht teanga in Éirinn. Ach bhí daoine eile ann nach bhfuil chomh cáiliúl leo siúd, mar John F. Finnerty as Gaillimh a d’eagraigh an Citizen i Chicago agus Patrick Meehan as Luimneach a chuir faoi i Nua Eabhrac.
Bhí Meehan ina eagarthóir ar an Irish-American agus sholáthraigh sé abhar i nGaeilge sa chló Gaelach sa nuachtán sin chomh fada siar le 1857.
Chreid na Fíníní atá faoi chaibidil ag an údar gur ghné thábhachtach dá n-oidhreacht chultúrtha ab ea an Ghaeilge agus rinne siad sár-iarracht an teanga a chaomhnú agus a chur chuin cinn. Is foinse mhaith an leabhar seo, ní hamháin ar na Fíníní agus an Ghaeilge, ach ar an ngluaiseacht sin i gcoitinne sna Stáit, ach go háirithe ar na nuachtáin a bhí acu.
Cén fáth nach raibh an obair chéanna ar siúl ag na Fíníní in Éirinn? Deirfinn nach raibh na deiseanna chéanna acu mar gheall ar riail Shasana, an méid acu a bhí faoi ghlas nó díbirthe agus an easpa airgid chun scoláireacht a chur ar bun agus nuachtáin a reachtáil. Ach nuair a bhunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893 bhí lucht an IRB chun tosaigh ag tacú leis agus as sin tháinig athbheochan na Gaeilge.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland