Top Issue 1-2024

30 July 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Nuachtán Gaeilge ag teacht san Fhomhar

Ag deireadh m’alt an tseachtain seo caite luaigh mé go raibh Foras na Gaeilge díreach i ndiaidh a fhógairt go bhfuil tairiscintí á lorg acu le duine nó comhlacht a mbeadh spéis acu nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú don chéad trí bhliain eile. Tá a fhios ag cách faoin am seo gur bhuaigh an comhlacht Moinéar Teo comórtas maoinithe níos luaithe i mbliana ach gur éiligh an comhlacht méadú ar an mhaoiniú chun leanúint ar aghaidh le foilsiú an nuachtáin, Foinse.  Nuair nach raibh an maoiniú ar fáil dóibh tharraing siad as an chonradh a bhí ar thairiscint agus tháinig deireadh le Foinse, an dara nuachtán Gaeilge a dhún síos ó dheireadh 2008 nuair a stop an Belfast Media Group ag foilsiú Lá Nua nuair a nach raibh deontais mhaoinithe ar fáil a thuilleadh ó Fhoras na Gaeilge. Tá an scéal céanna ar an taobh eile de Srúth na Maoile nó tháinig deireadh leis An Gàidheal Ùr i Mí Mhárta na bliana seo – ceal maoinithe ó Bhord na Gàidhlig. Níl aon nuachtán i nGailck Oileán Mhanainn, ná i gCornais, ná Briotánais ach tá nuachtán seachtainiúil i mBreatnais, Y Cymro. Ag deireadh 2008 cinneadh gan leanúint ar aghaidh le pleananna nuachtán laethúil Breatnaise a fhoilsiú (Am Byd) mar gheall ar easpa maoinithe rialtais.
Níl aon dabht ná go bhfuil sé deacair nuachtán i mionteanga a fhoilsiú agus b’éacht é saothar Lá Nua, Foinse agus na dreamanna siúd a chuaigh rompu. Níl sé dodhéanta, áfach, agus uaireanta roimhe seo bhí brabús a dhéanamh (ní raibh Foinse ag cailleadh airgid go dtí anuraidh, mar shampla) ach is beag seans go mbeadh nuachtán in ann leanúint ag foilsiú go laethúil ná go seachtainiúil mura bhfuil ceithre chos ar an stól: léitheoirí, fógróirí agus maoinitheoirí agus nuachtán maith. Caithfidh go bhfuil foirmle éigin ann a mhíníonn an coibhneas idir an cheithre chos siúd, foirmle a deir cén tionchar a imríonn titim líon na fógraíochta ar chaighdeán an pháipéir, nó má a thiteann líon na léitheoirí cén tionchar a bhéas aige sin ar fhógraíocht agus mar sin de. Agus ar ndóigh mura bhfuil an maoiniú ag an leibhéal atá an foilsitheoir ag lorg beidh níos lú á thairiscint aige nó aici ar ais.

Titim luach na fógraíochta
Le bliain nó dhó anuas tá cos amháin cor a bheith imithe den fhoirmle: tá titim uafásach ar fhógraíocht. Tá sé seo fíor ní amháin in Éirinn ach i dtíortha eile chomh maith. Nuair a tháinig deireadh leis An Gàidheal Ùr luadh triomú na bhfógraí stáit ó Bhord na Gàidhlig mar cheann de na fáthanna, agus luaigh foilsitheoirí a bhí ag déanamh macnaimh Am Byd a fhoilsiú an deacracht chéanna. B’fhéidir, dá bhrí sin, go mbeidh an staidéar gnó atá le déanamh anois le nuachtán seachtainiúil úr a fhoilsiú níos cruinne, níos beachta nó gurbh fhoilseachán bunaithe ar dheontas agus díolúcháin a bhéas ann nach mbeidh ata le fógraíocht stát. Feasta má tá nuachtán chun fógróirí a mhealladh déanfar é sin mar gheall ar chaighdeán an nuachtáin, mar gheall ar chaighdeán na nuachta atá ann, mar gheall ar líon na léitheoirí, mar gheall ar eagarfhocal, cruinneas agus fiúntas na n-iriseoirí agus tuairimí na gcolúnaithe. Ní hé nach raibh na rudaí seo tábhachtach, ná nach raibh Lá Nua agus Foinse ar chaighdeán ach i gcás Foinse bhí an páipéar ag brath an iomarca ar fhógraíocht stát a bhí éasca teacht air seachas a bheith i mbun straitéis le líon na léitheoirí a mhéadú agus fógróirí nua a aimsiú.
Déarfaidh daoine nach bhfuil an fhógraíocht ann don Ghaeilge ó na comhlachtaí móra agus nach gceapann siad gur fiú an infheistíocht teagmháil a dhéanamh le Gaeilgeoirí – ní bheidís ceart. Tá go leor comhlachtaí móra i ndiaidh a aithint go bhfuil pobal na Gaeilge ag fás, agus go bhfuil seirbhísí chomh tábhachtach dúinn a’s atá siad do dhaoine eile. Luaim cás Samsung (lena Gaelfón) agus comhlachtaí cosúil le Google, Microsoft, Mozilla agus na comhlachtaí teicneolaíochta atá i ndiaidh infheistíocht mhór a chur isteach cúrsaí Gaeilge. Má a aithníonn siad luach na hinfheistíochta, cad chuige nach gcaithfidís airgid ar fhógraíocht chomh maith.

Méadú an deontais
Ag amharc ar feadh nóiméid ar leibhéal an mhaoinithe tá níos lú á dheonú ar nuachtáin i mbliana ná mar a bhí i 2008 nuair a bhí dhá dheontas ann (ceann do nuachtán seachtainiúil agus ceann do nuachtán laethúil), ach nuair a fhéachtar ar mhéad an deontais do nuachtán seachtainiúil ar a aonar tá méadú suntasach – agus ag bráth ar an iarratas a chuirtear isteach thiocfadh le méadú níos mó fós a bheith ann. Tá deontas suas go dtí €400, 000 ar fáil in aghaidh na bliana, (tugadh tairiscint de €355,000 d’Fhoinse ach dhiúltaigh Moinéar Teo dó sin), rud a chiallaíonn go bhfuil beagnach €7,700 ar fáil do gach eagrán i rith na bliana sula dtugtar díolúchán agus fógraíocht san áireamh.
Ar ndóigh thiocfadh díospóireacht mhaith a bheith ann ar chóir do nuachtán sa ghnáth chiall a bheith ann ar chor ar bith, agus arbh fhearr nuachtán ar líne a bheith ann in áit foilseacháin ar pháipéar. Ó tháinig deireadh le Lá Nua tá iris seachtainiúil Nuacht 24 ar fáil (http://andrumamornuacht.blogspot.com) ar fáil ar líne agus ar pháipéar agus scríobhann eagarthóir Nuacht 24, Eoghan Ó Néill, blag laethúil lán de nuacht atá cothrom le dáta. Is dócha gur chóir d’fhoilsitheoirí a bheith ag smaoineamh faoi na féidearthachtaí éagsúla atá ann le nuachtán mar sin a sholáthar in éineacht leis an leagan cló a bheidh mar chuid de chonradh an Fhorais ach ar ndóigh ní hionann blag agus seirbhís nuachta má tá tuairimí (cruinn nó míchruinn) á dtairiscint in ionad nuachta crua.
Nuair a tháinig an scéal ó Phádraig Ó Céidigh nach mbeadh sé ag leanúint le foilsiú Foinse, dá mhí ó shin, luaigh Príomhfheidhmeannach an Fhorais go raibh dhá nó trí ghrúpa ag léiriú spéise cheana féin sa chonradh nua cé go raibh daoine le taithí foilsiú nuachtáin Ghaeilge mar Ó Céidigh agus Máirtín Ó Muilleoir ag diúltú go searbhasach ag rá nach raibh suim ag eachtar den bheirt dul in aice leis an Fhoras arís. Nach trua é, nó mar atá cúrsaí faoi láthair tá taithí na ndaoine seo de dhíth chomh maith le smaointí úra, crúthaíocha a chinnteoidh todhchaí an nuachtáin úir nuair a thagann sé ar an saol roimh deireadh na bliana seo.

Ní leor dílseacht anois
Tá sé róluath a rá ag an phointe seo cé a bhéas ag foilsiú an nuachtáin nua, nó cén teideal ná cén cuma a bhéas air ach tá súil agam go ndéanann buaiteoir an chomórtais teagmháil leis an phobal léitheoireachta, ag lorg ár dtuairimí faoin saghas nuachtán atáimid ag lorg, agus a choinneoidh sinn ag ceannach an pháipéir gach seachtain ní as ‘dílseacht’ don teanga ach toisc gur fiú an páipéar a cheannach agus níos mó againn a earcú de réir mar a éiríonn an nuachtán na fadhbanna tosaithe a shárú, nó ag deireadh an lae, is féidir méad an mhaoinithe a athrú agus is féidir le luach na fógraíochta a athrú ach gan pháipéar d’ard chaighdeán ní bheidh léitheoirí ann. Agus mura bhfuil na léitheoirí ag nuachtán, cad is fiú an foilsiú?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland