Top Issue 1-2024

23 July 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Colm Mhic Carthaig

Colm Mhic Carthaig

Snip frith-Ghaeilge

Nuair a foilsíodh tuairisc an Bhoird Snip Nua an tseachtain seo caite bhí mé ar an bhóthar go Béal Feirste ag taisteal chuig cruinniú de chuid Fhoras na Gaeilge. Is dócha go raibh gach duine (ó thuaidh agus ó dheas) a bhfuil baint acu le saol na Gaeilge buartha faoi impleachtaí na tuairisce ar an ‘earnáil Ghaeilge’ agus le roinnt seachtainí anuas bhí na ráflaí ann go molfaí deireadh a chur leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Faoina dó a chlog Déardaoin bhí substaint leis na ráflaí, agus a thuilleadh ionsaithe ar an Ghaeilge leis.
Ar leathanaigh eile sa pháipéar seo is dócha go mbeidh go leor tuairimí agus tuairiscí faoi na gnéithe frithphobail atá i dtuairisc Mhic Cárthaigh agus a chomhleacaithe agus luafar ciorruithe atá molta don liúntas sóisialta, do liúntais pháistí agus teaghlaigh, d’oideachas, do shláinte agus d’fheirmeoirí agus mar sin de. Ach bí cinnte de rud eile, is tuairisc frith-Ghaelach í seo chomh maith, a dhéanann beag den obair fhiúntach agus riachtanach atá ar súil le fada chun riachtanais na Gaeilge a shásamh.

Míthuiscint agus easpa taighde
Taobh amuigh de mhí-thuiscint faoi dhualgais an stáit faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla is léir gur bheag an meas a bhí an an Bhord Snip ar chúrsaí Gaeilge i gcoitinne. Déantar tagairt mhíchruinn sa tuairisc a deir go gcaithfear gach cáipéis oifigiúil a aistriú go Gaeilge agus go leagann sé sin costais bhreise shuntasacha ar an riarachán poiblí. Is léir nár thuig an Bord nach bhfuil dualgas gach rud a aistriú agus go deimhin san Acht féin sonraítear na cáipéisí oifigiúla go gcaithfear a aistriú, rud a cheap go leor i saol na Gaeilge a bhí níos lú ná mar a bhí á lorg ón tús - agus anois tá Mac Cárthaigh ag moladh gur chóir an tAcht a leasú leis an réimse atá clúdaithe a dhéanamh níos teoranta fós. Cá raibh an taighde? Cá raibh an cruthúnas? Snip snip.
Molann sé ciorruithe eile i gCiste na Gaeilge (a mhaoiníonn a leithéid de Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus an Taibhdhearc) agus nuair a leitear an moladh seo i gcomhthéacs na gciorruithe eile atá molta sna healaíona agus gnéithe cultúrtha tugtar léargas ar an ‘luach’ a chuir an Bord ar ealaín agus cultúr sa tír seo.

Deireadh molta do COGG
Ag cloí leis na ciorruithe atá molta san earnáil oideachais ní haon ionadh é go bhfuil oideachas Gaeilge faoin ionsaí chomh maith. Molann an Bord deireadh a chur leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, nó COGG mar is fearr aithne ar an chomhairle i measc an phobail Ghaeilge. Chuir cathaoirleach COGG in iúl gur ‘cúis díoma’ é an mhíthuiscint a léirigh Bord Snip lena mholadh. Dúirt sé gur léirigh an tuarascáil easpa tuisceana ar an mhéid a bhí bainte amach ag COGG thar na blianta, mar nach luaitear i dtaobh gníomhaíochtaí na comhairle ach téacsleabhair iar-bhunscoile do theagasc na Gaeilge. Bhí níos mó ná sin i gceist ag an Cogg dar leis:
 “Tá obair fhíorthábhachtach maidir le hoideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta curtha i gcrích ag COGG ó bunaíodh í ar acmhainní an-srianta agus níl ceist ann ach go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an Rialtas. Tá breis agus 100 áis teagaisc curtha ar fáil go dtí seo agus 40 áis eile idir lámha. Tá réimse leathan taighde foilsithe agus comhairle á cur ar fáil go leanúnach d’áisíneachtaí oideachais ar ábhar a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge,” dar le Mac Cormaic. Taighde? Cruthúnas? Snip leat, a Mhic Cárthaigh.

Buille in aghaidh an Údaráis
Maidir leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht, rinneadh moltaí faoi róil agus dualgais éagsúla Údarás na Gaeltachta a chónascadh le háisíneachtaí stáit eile, mar shampla, ról an Údaráis i gcruthú post a aistriú chuig grúpa nua a dtabharfaí Enterprise Ireland air. Má tharlaíonn sé seo beidh na seanlaethanta d’imeallú na Gaeltachta ar ais nó ní thuigfidh agus ní bhacfaidh Bord Fiontraíochta nach bhfuil taithí agus cúlrá Gaeltacht ann ar leasa na Gaeltachta. Ach níor stop Mac Cárthaigh ansin: moltar, chomh maith, deireadh a chur le scéimeanna feabhsaithe sa Ghaeltacht ag rá gur caitheadh méid suntasach air seo cheana agus “the most pressing needs are likely to have been met by now”. Taighde? Cruthúnas? Cé a dúirt leis go raibh na riachtanais is práinní réitithe? Snip eile gan chúis.
Beidh díomá ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht leis an mholadh deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí, trínar íocadh liúntas do mhná tí a thug Gaeilgeoirí nó mic léinn isteach le linn an tsamhraidh chun freastal ar choláistí samhraidh. Admhaíonn an tuairisc go raibh an scéim seo, agus Scéim Labhairt na Gaeilge  (a d’íoc deontais bheaga do theaghlaigh Ghaeltachta a dheimhnigh go raibh Gaeilge ina teanga tí ag a bpáistí) go raibh na scéimeanna ann chun daoine a choinneáil sa Ghaeltacht. Níor luaigh an tuairisc an ag éirí leis an sprioc, nó ag teipeadh ar an sprioc a bhí na scéimeanna nó go deimhin cén bua a bhí leis an chéad scéim luaite a thug deis do na mílte duine óg Gaeilge a fhoghlaim go nádúrtha sa Ghaeltacht féin gach bliain (agus cúpla euro a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta a chuir lóistín ar fáil do na scoláirí ag an am céanna. Taighde? Cruthúnas? Snip eile.
An Roinn Oideachais dár slánú? Go bhfóire Dia sinn
Agus ansin tá ceist na Roinne féin. Molann an tuairisc gur féidir deireadh a chur leis an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na feidhmeanna a roinnt idir ranna eile. Rachadh an Ghaeilge faoi scáth na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Go bhfóire Dia leis an Ghaeilge. Seo Roinn, dar le hUachtarán Chonradh an Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, nach bhfuil de chumas ná d’acmhainn aici cúram a dhéanamh don Ghaeilge.
“Tá an Roinn Oideachais fós ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán i nGaelscoileanna an Stáit, in ainneoin go n-aithníonn oideachasóirí sa bhaile agus go hidirnáisiúnta gurb é seo an bealach is fearr leis an dara teanga a mhúineadh. Is ionsaí tromchúiseach é polasaí seo na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht, chomh maith. Tuigtear as seo go bhfuil naimhde ag an teanga shinseartha ag an leibhéal is airde sa Roinn sin.”
Chuimhnigh Mac Fhearghus nach bhfuil ach 3% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn féin. Bheadh ionadh ar aon Ghaeilgeoir go mbeadh an Roinn chéanna in ann freastal ar Ghaeil ina dteanga féin go háirithe nuair a thugtar san áireamh a mhéad géarán a dhéantar go rialta ó ghaelscoileanna agus daoine eile san earnáil nach bhfuil ábalta freastal a fháil tríd an Ghaeilge cheana féin.
Níl ann ach moltaí a dúirt cúlbhinseoirí Fhianna Fáil i ndiaidh d’fhoilsiú na tuairisce. B’fhéidir é ach bímis cinnte de rud amháin, tá moltaí ann atá do-ghlactha má tá an Ghaeilge le bheith slán. Tá tréimhse ghairid idir anois agus feidhmiú na moltaí. Bímis ullamh d’fheachtais chun na moltaí frith-Ghaeilge seo a dhiúltú agus ár snip snip féin a dhéanamh leo.

 

Foras na Gaeilge agus Nuachtán Seachtainiúil

Beidh Foras na Gaeilge ag athfhoilsiú scéim mhaoinithe nuachtán seachtainiúil thuas go €400,000 thar tréimhse trí bliana an tseachtain seo. Níos mó faoi seo an tseachtain seo chugainn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland