9 July 2009 Edition

Resize: A A A Print

Comhdháil Náisiúnta Ghaeilge Shinn Féin

Eoghan Mac Cormaic agus Bairbre de Brún

Eoghan Mac Cormaic agus Bairbre de Brún

Tháinig Gaeilgeoirí ó gach cearn den tír le chéile do Chomhdháil Náisiúnta Ghaeilge Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ar an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí ceithre príomh-ábhar á phlé – na meáin Ghaeilge, an Gaeloideachas, feachtasaíocht agus Gaelú an Pháirtí. Bhí plé bríomhar ar gach ábhar chomh maith le tuairiscí ar obair Fhoras na Gaeilge agus Udarás na Gaeilge. Tugadh cuntais ar obair Shinn Féin maidir leis an Ghaeilge san Oireachtas, sa Tionól agus sna comhairlí áitiúla.
Gaelú an Pháirtí agus feachtasaíocht is mó a bhí á phlé sa dara chuid den chomdháil. Bhí aitheantas leathan ag an cruinniú go raibh gá le feachtasaíocht níos éifeachtach, rud a bhí lárnach do obair Shinn Féin le fada ach nach bhfuil chomh lárnach anois os rud é go bhfuil an méid sin obair ar siúl ag an páirtí sna hinstitiuidí.
Cumadh focal nua ag an Comhdháil – príomh-sruthú. Séanna Walsh a bhí freagrach (ciontach?) as ach léirigh sé an cheist mhór a bhí os comhair an chruinniú – Conas is féidir an Ghaeilge a bhogadh ón imeall in obair laethúil an pháirtí? Níl freagra suimplí amháin air sin ach ceann a bhí ann ar an Satharn seo caite ná go gcaithfidh na Gaeilgeoirí fhéin tús a chur leis le Gaeilge a labhairt – agus gan í a aistriú – ag gach cruinniú den bpáirtí.

 

Irish Medium Education – Excellent Education was the clear and encouraging message  from the Irish Medium Education Presentation at Sinn Féin’s Irish Language Conference last weekend.
The Irish medium sector has witnessed phenomenal growth with 55,500 pupils now receiving their education through Irish. The importance of Irish medium education from pre-school to adult was highlighted. Particular reference was made to the development of Irish speaking school communities as a way of consolidating Gaelscoileanna in their locality.
Minister Caitríona Ruane in her  presentation about Irish medium education in the North placed emphasis on her goal of all gaelscoileanna providing excellent education. The problems which gaelscoileanna experience were also outlined including a shortage of teachers, resources and places for students, especially at second level and the ongoing campaign for the recognition of Total Early Immersion  in the South.
The huge expansion in Gaelscoileanna proves that the Irish language can be mainstreamed provided it has the support of the community. Perhaps this example could be followed in efforts to gaelicise the party by encouraging both Irish and non Irish speakers to promote and  support the same.

Gaeloideachas-Sároideachas


LE AISLING Ní FHEARGHAIL

B’é ‘Gaeloideachas-Sároideachas’ an teachtaireacht spreagúil soiléir a tugadh ag an gcur i láthair ar an nGaelscolaíocht ag an gComhdháil Naisiúnta Ghaeilge ar an Satharn seo caite. Rinneadh cur síos ar an ngaelscolaíocht ó thuaidh agus ó theas. Léirigh na staitisticí a chuireadh ós chomhair an comhdhála go bhfuil fás thar cuimse ar an ngaelscolaíocht le  55,500 dalta ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ó theas, sé sin  beagnach 10% den daonra scoile. Faoi láthair ta 171 bunscoileanna agus 43 iarbhunscoileanna taobh amuigh den ghaeltacht maraon le 127 bunscoileanna agus 29 iarbhunscoileanna sa ghaeltacht féin. Míníodh go bhfuil gaelscoil amháin ar a laghad i ngach chontae  agus go bhfuil gaelscoileanna de thrí aicme creidimh ann; caitliceach, ilchreidmheach agus idirchreidmheach. Gné suantasach den ghaelscolaíocht ó theas ná go bhfuil a gcóras pátrún dá chuid féin acu, Foras Patrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, pátrún a thugann curam faoi leith don sainmheon gaelach atá ag na gaelscoileanna.
Déanadh tagairt don tabhachtach a bhain leis an reamhscolaíocht trí Ghaeilge agus an forbairt a bhí ag tarlú sa ghaelscolaíocht do dhaoine fásta idir forbairt cursaí triú léibhéal agus ranganna ‘Content and Language Integrated Learning’ (CLIL)  Tá teacht ar an ngaelscolaíocht do gach páiste a bhí á lorg mar phríoracht fós ach tá earnáil na gaelscolaíocht ag druidim i dtreo scoileanna a bhuanú chomh maith  trí tacú a thabhairt do bhunú scoilphobal. Ciallaíonn ‘scoilphobal’  go bhfuil pobal na scoile ag feidhmiú mar phobal na Gaeilge sa cheantar ina bhfuil an gaelscoil agus go bhfuil an gaelscoil mar chroílár den phobal sin.
Ba mhór an onór é go raibh an tAire Oideachais ó thuaidh Caitríona Ruane i láthair chun  cur i lathair a dhéanamh ar an nGaelscolaíocht ó thuaidh. Mhínigh sí go bhfuil reachtaíocht ann a chiallaíonn go bhfuil dualgas faoi leith ar an Roinn Oideachais curam faoi leith a thabhairt don ngaelscolaíocht agus iad ag pleanáil agus ag forbairt polasaithe. Thug sí le fios go raibh an gaelscolaíocht i gcroílár an Roinn Oideachais ó thuaidh áit go mbíodh sé imeallach tráth. B’é sprioc amháin a bhí ag an Aire ná go mbeadh gach gaelscoil ag cur ardchaighdean oideachais ar fáil agus dúirt sí gur  sampla iontach den mhéid seo í  Coláiste Feirste , an iarbhunscoil lánghaeilge i mBéal Feirste.
Ar ndóigh níl na gaelscoileanna gan fhadhb. Cuireann drochcóiríocht, easpa áiseanna agus  drochphoiblíocht isteach orthu. Anuas ar an méid seo diúltaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an Luath Thumoideachais Iomlán a aithint ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre mhí ó theas. Déanfar an scéal a réitiú nuair a thugtar éisteacht don chás atá tógtha in aghaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i dtaobh ciorclan 44/07 san Ardchúirt san Fhómhar. Rinneadh tagairt faoi leith do na deacrachtaí suantasacha atá ag oideachas  lánghaelach ag an dara léibheal. Ní amháin go bhfuil ganntannas múinteoirí agus áiseanna teagaisc ach níl teacht air an ngaeloideachais ag an dara léibheál do gach dalta ata á lorg.
Ábhar machnamh a bhí sa mheid thuas do gach duine a d’fhreastal ar an gcomhdháil agus an sprioc atá ann an Ghaeilge a chuir chun cinn. Is léir ón méid a bhí ráite go bhfuil borradh faoin nGaeloideachas agus an  teanga, borradh atá léirithe go soiléir ag ár nGaeilgeoirí óga atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.  Cruthaíonn an gaelscolaíocht gur féidir an Ghaeilge a príomhshruthú i measc an pobal i gcoitinne sa chaoi go mbeidh meas agus tuiscint ar thabhachtach ár dteanga dúcháis ag cainteoirí líofa agus acusan nach iad. Níor tháinig fás ar an ngaelscolaíocht i bhfolús; bhí chomhbhá an pobal ina iomlán ag teastáil.
 Má tá sé mar sprioc againn an páirtí a ghaelú beidh tacaíocht agus chomhbhá an phairtí ina iomlán  dona aidhmeanna agus buntáistí  a bhaineann leis an  méid sin a dhéanamh de dhíth. Agus sinn ag déanamh aithris ar na tuismitheoirí ceannródacha sin a bhunaigh na gaelscoileanna is féidir le Ghaeilgeoirí a bheith  tuisceanach agus fáilteach do dhaoine nach bhfuil an teanga ar eolas acu ach cróga go leor í a usáid chomh minic agus is féidir taobh istigh agus taobh amuigh de structúr an pháirtí.

Caitríona Ruane 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland