New side advert

18 June 2009 Edition

Resize: A A A Print

Trí lá sa merde

Tá sé ocht nó naoi mbliain anois ó thosaigh mé ag dul go dtí an Bhriotáin ar na laethanta saoire agus téimid ar ais ansin go minic anois ag foghlaim i gcónaí faoi na difríochtaí idir an cultúr thall agus an cultúr abhus. Nuair a bhí na tóghcháin thart coicís o shin fuair triúr againn ticéad ag praghas ana-saor agus ar aghaidh linn ar feadh trí lae sa Bhriotáin ar sos ó pholaitíocht, toghcháin agus agóidí. Bhí comhairleoir ath-tofa inár measc agus níor stop an guthán o maidin go hoíche le glaonna ó na páirtithe eile ag iarraidh a vóta!

Ní raibh muid imithe as Éirinn fiú nuair a tháinig athrú ar an phlean taistil. Ní go Roscoff a rachadh an long anois, ach go Brest. Níor tugadh aon eolas duinn cén fath gur athraigh siad na pleananna ach ba chuma linn. Is cathair álainn í Brest agus bhí muid sásta cathair nua a fheiceáil.
An trathnóna dar gcionn bhain muid baile Rostrenen amach, baile Briotánach a bhfuil timpeall 4,000 ina gcónaí ann. Tá cónaí orm in Éirinn gar do bhaile a bhfuil an daonra céanna ann, agus tá sé suimiúil na difríochtaí a mheá idir an córas in Éirinn agus an córas sa Bhriotáin. Siopaí, mar shampla. In Éirinn is maith linn siopaí beaga áitiúla agus is minic a chloistear daoine ag caoineadh imeacht na siopaí sin agus teacht na n-ollmhargaidh. Sa Fhrainc tá an cath sin thart, is dócha, nó i Rostrenen sa Bhriotáin níl móran siopaí sa chiall a thuigfimis an focal anseo. Beirt nó trí chinn de boulangeries, libraries agus café idirghréasáin, ceithre nó cúig bhialann pizza, kebab agus creperies agus leathdosaen teach tabhairne - ach gan ach ceann amháin oscailte aon oíche go raibh muid ag iarraidh dul ar an drabhlas nó tá cultúr an óil difriúil ansin. Agus ar gach bóthar isteach chuig an baile, tá ollmhargadh.

Ollmhargadh in áit na siopaí beaga
Tá na brands móra só-aitheanta ann, Leclerc, Intermarché, Carrefour, Lidl, agus béal doras leo, na siopaí earraí crua agus earraí gairdín cosúil le Bricomarché, PointP, JardinVert, Expert agus araile. Cuireann sé ionadh orm go bhfuil na siopaí chomh ghnóthach a’s atá go dtí go gcuimhním dhá rud: tá na siopaí beaga imithe ó gach sráidbhaile sa mhórcheantar maguaird agus taobh leis sin níl aon siopa beaga sa bhaile fiú a dhíolann an saghas ábhar a choinníonn teaghlach ag dul ó lá go lá: caithfidh teaghlaigh a gcuid siopadóireacht a dhéanamh in ollmhargadh nó níl aon áit eile ann. Tá na hollmhargaidh i ndiaidh an focal rogha a bhaint den teanga díreach mar atá déanta agus á dhéanamh ag Tesco in Eirinn agus fulaingíonn na soláthróirí dá bharr, feirmeoirí ina measc.
Fuair muid amach an lá dar gceann cad chuige gur ath-treoraíodh ár mbád an lá roimhe ó Roscoff. Bhí na feirmeoirí i mbun agóide mar gheall ar an praghas íseal a bhí siad ag fáil do bhainne (agus má tá feirmeoirí i bhur measc, a léitheoirí, ag clamhsán faoin rud céanna, léighigí ar aghaidh). Chuir siad stop ar obair an chalaidh, níor ligeadh aon bád isteach ná amach, ach ní raibh ann ach tús. An lá dár gcionn ní raibh muid abálta tiomáint isteach go dtí na hollmhargaidh, nó ar a laghad sna cinn a raibh muid in ann tiomaint isteach sna carrchlósanna ní raibh muid in ann a shiúil tríd na doirse. Bhí na feirmeoirí i ndiaidh teacht le tarracóirí agus leantóirí lán le ordure agus an t-ualach a as-lódáil mar constaice ag doirse sleamhnacha gach ollmhargadh sa bhaile, agus ag geataí a dtradstórais sa dóigh nach raibh na siopaí in ann gnó a dhéanamh ar feadh leath den lá.
 
Agoid gan bleachtairi!
Anois, ós rud go bhfuil mé ag scríobh faoi difríochtaí cultúrtha ba chóir a lua difríocht amháin a thug mé faoi dheara ag an phointe sin: ní raibh aon péas i láthair. Ní raibh gluaisteáin faoi cheilt le bleachtairí ag tógáil grianghraif, ná slua-ciréib de gendarmes ina seasamh go bagartha i gcarrchlós gach ollmhargadh agus ní raibh scamall dorcha ina luí thar an baile ag fanacht ar tús troda foiréigneach. Déanta na fírinne, seachas cairn mhóra aoiligh ag scaipeadh teachtaireachtaí bréanbholadh timpeall an bhaile ní raibh aon chomhartha eile ann go raibh na feirmeoirí ar buile, agus níor fhán siad féin timpeall leis an merde a ghlanadh suas.
Tá sé difriúil thall. Thig linn a bheith sóiléir faoi sin. Mar a dúirt mé ag tús an ailt seo, bhí muid ag tógáil sos díreach i ndiaidh na dtóghcháin anseo (agus na tóghcháin thall chomh maith i gcomhair Pairlimint na hEorpa). Bhí mo chuid póstaeirí thíos sular fhág mé an baile, ach fós féin ar an bhealach go Ros Lár bhí na céadta, céadta póstaeirí fós thuas ar na cuaillí sráíde, ar na cuaillí bóithre. I ngach sráidbhaile fan an bhóthair, Cill Íomair, Port Omna, Biorra, Ros Cré agus tríd na contaetha Uibh Fháilí, Cill Chainnigh, Loch Garman bhí póstaeirí, póstaeirí, póstaeirí. Agus má bhí na céadta póstaeirí ag iarrthóirí, samhlaigh an costas a bhain leis sin, costas airgeadúil agus costas timpeallachta. D’iarr mé roimh na tóghcháin go mbeadh uasmhéad aontaithe go háitiúíl ar líon na bpóstaeirí i mBaile Locha Riach ach níor éirigh liom. I ndiaidh bheith sa Bhríotáin sna laethanta i ndiaidh tóghcháín tuigim anois gur chóir domh a bheith ag obair níos deacra fós an sprioc sin a bhaint amach sa todhchaí.

Reiteach ar cheist na bpostaeiri
I lár an bhaile, san áit a mbíonn an margadh seachtainiúl thóg an Mairie, ‘sé sin an comhairle baile, thóg siad fiche clár fógra ina aice lena chéile. Bhí siad ar chomh-mhéad, bhí siad in áit phoiblí, fiche ar aonad an mhargaidh agus fiche cinn eile in aice leis an pháirc phoiblí. Agus cúig lá i ndiaidh na dtóghcháín nuair a bhain mé an áit amach ní raibh oiread ‘s póstaeir amhain le feiceáil ag truailliú an bhaile nó bhí gach rud teorannta do na cláracha fógraí oifigiúla, agus póstaeirí saora de pháipéir ar chóstas íseal don phóca, agus don timpeallacht. Agus fiú ansin ní raibh ach trí nó ceithre chinn fágtha.
Níl a fhios ag aon duine cén uair a bheidh an chéad tóghcháin eile in Éirinn - thiocfadh go mbeidh reifreann san fhómhar, agus thiocfadh le olltóghchán teacht am ar bith. Ach nach bhfuil sé in am dúinn mar pháirtí cinneadh a dhéanamh an dushlán a thabhairt amach do gach páirtí sa tír seo teacht ar shocrú srian a chur ar  líon na bpóstaeirí tóghchána? Deirtear gurbh é an chéad rud atá ar chlár polaitiúl na hÉireann ná an split, bhuel seo split eile a mhólfainn: an SPLT, an Strategic Postering Limitation Talks. Déantar rudaí i mbealach difriúil sa Bhriotáin agus bíonn adharca fada ar na bá i gcéin, ach sa chás seo ba chóír dúinn foghlam ónár gcolcheathracha Ceilteacha i dtaobh na bpóstaeirí - agus ag an am céana b’fhéidir go mbeidh feirmeoirí na tíre seo in ann foghlam óna gcomhleacaithe thall nach tdogann aon cac ach a thuigeann go maith an dóigh é a thabhairt uathu!

An Phoblacht Magazine

AN PHOBLACHT MAGAZINE:

  • The first edition of this new magazine will feature a 10 page special on the life and legacy of our leader Martin McGuinness to mark the first anniversary of his untimely passing.
  • It will include a personal reminiscence by Gerry Adams and contributions from the McGuinness family.
  • There will also be an exclusive interview with our new Uachtarán Mary Lou McDonald.

Buy An Phoblacht magazine here

test


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group