Top Issue 1-2024

11 June 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Daoine Óga ag Scríobh Leabhar

Mar thuismitheoir is minic a bhíonn ionadh orm faoi cé chomh cruthaíoch a’s a bhíonn páistí, agus go deimhin ní amháin cruthaíoch ach samhlaíoch comh maith. Go minic bronntar leabhrán orm ag duine acu, le scéal fantasaíoch nua-scríofa faoi damhan-alla nó péileadóir nó girseach éigin atá ar tí an domhan a shabhail tríd cumhachtaí iontacha rúnda. Ach mar thuismitheoir comh maith, tuigim go dtránn an tobar cruthaíoch mura gcothaítear é, mura bhfuil spreagadh agus moladh ag dul leis, agus mura bhfuil an tathchuid is tábhachtaí ag dul dó: léitheoirí atá sásta an saothar a léamh.
Bhí athas orm an tseachtain seo dá bhrí sin nuair a chonaic mé gur gabh breis agus 9000 páiste ó scoileanna ar fud an Oileán blaiseadh de shaol an údair mar chuid de thionscadal ‘Scríobh Leabhar’, scéim atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Todhchaí na Scríobhnóireachta ‘slán’
Is maith a aimsiú nach éanacha córra atá againn sa bhaile ach go bhfuil a gcuid cumadóireacht coitianta go elor i measc a gcomhpháirtithe ar fud an oileáin. Faoin scéim seo chum, dhear agus d’fhoilsigh daltaí ó bhreis agus 100 scoil leabhair i nGaeilge agus má tá an caighdeán chomh hard a’s a bhí sna hiontrálacha anúraidh beidh leis an scéim agus beidh tódhchaí na scríobhnóireachta slán do ghlúin eile. Nuair a rinneadh an céad ‘chéiliúradh’ ar saothar na scéime an tseachtain seo chaite chruinnigh na sluaite dáltaí scoile ó 22 scoil i gCorcaigh i nGleann Maghair le chéile, agus aoí speisialta i láthair don ócáid, an t-amhránaí John Spillane. Ghlac os cionn 2,300 páiste ó scoileanna i gCorcaigh páirt i mbliana agus d’fhoilsigh siad níos mó ná 1,850 leabhair dhifiriúla.
Caithfidh go bhfuil lucht eagraithe, agus rannpháirtithe eagraúcháin na scéime sásta leis an líon páistí a ghabhann páirt.  Tá 14 bhliain ann ó d’eagraigh an Ionad Oideachais na Carraige Duibhe an chéad leagan de Scríobhb Leabhair agus sna blianta ó shin bhí fás ón ionad amháin go seacht n-ionad éagsúil i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimhe, i nDún na nGall agus i gCiarraí agus Co na Mí.  I mbliana tá breis agus 20,000 páiste spreagtha chun pinn ag an scéim go dtí seo.

Ag foghlam ó thuairimí criticiúla
Agus ar eagla nach mbíonn ciorcal léitheoireachta leathan go leor in aon scoil amháin, déantar malartú ar na leabhair idir na scoileanna atá páirteach sa scéim chun deis a thabhairt do pháistí saothair údar óga eile a léamh agus a phlé. Cuimhnímis gur chuid den phroiséas foghlama scríobhnóíreachta ná a bheith in ann tuairimí criticiúla a thuiscint agus gan a bheith díomach futhu.
Chomh maith leis na hionaid oideachais tá trí eagraíocht as Tuaisceart Éireann, na Boird Oideachais agus Leabharlann, an tÁisaonad agus Comhairle na Gaelscolaíochta, páirteach sa scéim i mbliana agus cé fios cé mhéad ‘údair’ úra atá amuigh ansin ag ullmhú clasaic.
Sí Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge,  agus dhearbhaigh sí go raibh an-áthas uirthi faoi fás na scéime. “Is iontach an méid oibre a rinne na páistí chun a gcuid leabhar a chruthú agus a fhoilsiú i nGaeilge agus iad ag an am céanna ag forbairt meas agus eolas níos doimhne ar an teanga. Tá a fhios agam gur bhain siad an-taitneamh as a bheith ag obair le chéile agus ag roinnt a gcuid eachtraí agus a gcuid scéalta.’
Dúirt sí go bhfuil aidhm ann go spreagfaidh an togra seo páistí chun a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt. “Cá bhfios cá mhéad údar Gaeilge a thabharfaidh aitheantas do Scríobh Leabhar amach anseo as iad a threorú ar bhóthar na litríochta.” arsa sí.
Tugann tionscnamh mar seo deis do pháistí a gcuid smaointe a chur trasna ar bhealach spreagúil trí mheán na Gaeilge agus thiocfadh gurbh é sin ceann des na gnéithe is luachmhára den scéim, nó tá beart éigin de dhíth an slábhra atá sa teilifís a bhriseadh. Cothaíonn sé, comh maith, comhoibriú idir an pobail scoile, chuireann sé coinceap an ‘athbhreithnú piaraí’ ar shúile na scoláirí agus, thar aon ní eile, cothaíonn sé cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch i bhforbairt páistí.

Scéim do gach páiste in Éirinn
  Ba é an scoilbhliain 2008/2009 an chéad uair gur cuireadh an tionscadal ‘Scríobh Leabhar’ ar bun sna Gaelscoileanna idTuaisceart Éireann mar sin tá deis anois do pháistí i ngach cearn den tír a bheith páirteach.. D’éirigh thar cionn leis agus ghlac beagnach leath de na Gaelscoileanna sa Tuaisceart páirt ann.  I mbliana bhí 1200 iontráil as scoileanna sna Sé Chontae agus nuair a bhí ócáid aitheantas ann dóibh, bhronn Ré Ó Laighléis, na gradaim ar na páistí.  Rinne sé léamh speisialta dóibh ag an ócáid freisin as cuid dá shaothair féin.
Ach fiú leis an mílte duine óg ag gabhail páirte i dtionscnamh mar seo tá líon na scríobhnóirí cruthaíochta sa Ghaeilge, agus níos measa fós líon na leitheoirí Gaeilge, íseal go fóill i gcompáráid le teangacha eile. Má’s féidir scéimeanna eile, agus tionscnaimh eile cosúil leis an scéim seo a chur ar bun do pháistí na meánscoileanna anois beidh leanúnachas agus níos mó seans go mbeadh síol fad-téarmach curtha a chinnteodh nach cadre de scríobhnóirí amach anseo.
Ach ní ábhar éadóchais é fós an líon scríobhnóirí Gaeilge atá ann, nó tá cuid acu i ndiadh bhogadh ón leathanach clóite go dtí na blaganna agus a leithéid, agus cuid eile fós atá sásta a gcuid smaointe a thabhairt dúinn i bhfoirm véarsaíochta. I mbliana mar shampla, bhí níos mó ná trí chéad iontráil do chomórtas filíochta (Gaeilge) Béal Atha na Buile, éacht ann féin agus comhartha eile go bhfuil eocht sa seanmhadra i gcónaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland