Top Issue 1-2024

28 May 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Cleasanna Cogaidh

Bréan den Toghchán? Bréan den easpa díospóireachta agus lucht canbhásála ag cnagadh go héadrom ar do dhoras agus ag rith trí dhoras síos an sráid sula mbíonn seans agat an doras a oscailt? Bréan de bheith bréan. Cláraigh leis an chumann, a chomrádaithe, tá alt eile againn sa cholún seo faoina toghcháin a tseachtain seo agus geallaim go gcloífidh mé leis an moratorium an tseachtain seo chugainn.
Lig dom rabhadh sláinte a thabhairt sula dtosaím an t-alt seo: tá mé chun masla a chur ar dhuine éigin, níl mé cinnte fós cé hé ach gach seans go mbeidh duine éigin ar buile liom le hábhar an ailt seo.
Tá mé i ndiaidh cóip a fháil de cháipéis rúnda ó fhoinse atá ard go leor i bhFianna Fáil. Is léir go bhfuil Saighdiúirí Fáil i ndiaidh  an scéal a scaipeadh ón ceannáras i Sráid Mount le cuid  iarrthóirí úra a aimsiú sna toghcháin áitiúla, iarrthóirí a bheadh ábalta an fód a sheasamh in aghaidh na drochphoiblíochta ar fad atá An Páirtí ag fulaing faoi le blianta beaga anuas. Duine éigin a bheadh bródúil as logo an pháirtí a chur ar Rial phóstaeir i gcló inléite, ar mhéad a d’fheicfeadh gnáth súil duine gan a bheith ag siúil timpeall á la Sherlock Holmes le gloine méadaithe ina lámh.
Seas chun tosaí Paddy the Pensioner (agus Patricia in aice leis).

An Granny Rial
Ní mór don Chumann áitiúil an cárta Granny a imirt de réir leis an cháipéis a thit i mo lámha le déanaí, chun deireadh a chur le hionsaithe béil ag na doirse ar lucht canbhásála Fianna Fáil. Anois, ní duine aois-chlaonta mé (agus cúis mhaith nach bhfuil – eagarthóir) Aontaím go hiomlán leis an abairt cháiliúil ó Bobby Sands go bhfuil ról le himirt ag gach duine ach bheadh suim agam anailís a dhéanamh ar liostaí na n-iarrthóirí áitiúla go bhfeicimis an bhfuil treocht i dtreo iarrthóirí níos sine (mar atá imo cheantar féin) ag páirtí nár aithin go raibh an vóta liath ann go dtí gur cuireadh Teach Laighean faoi léigear ag pinsinéirí agus sinsearaigh na tíre roimh an Nollaig. Ar ndóigh thiocfadh míniú eile a bheith ann: dá mbuailfeadh pinsinéir ar do dhoras, an mbeadh an croí agat ruaig a chur ar an chréatúr bocht le scairteanna agus beiceanna faoi caimiléireacht Fhianna Fáil? Ar mhaith leat a bheith ciontach as elder abuse? Mar sin seachas Gráinne Maoil ag seasamh an fhóid do Fhianna Fáil sna toghcháin seo ‘sí Grannaí Maoil na tíre atá i mbun troda do The Republican Party.
Tá mé cinnte go bhfuil níos mó crógacht ag an Liath Fáil ná mar atá ag formhór na n-iarrthóirí atá ag crochadh ó na cuaillí sráide faoi láthair. Tá go leor ráite agus scríofa cheana faoi lógó FF agus cé chomh beag agus lag a’s atá siad ar na póstaeir. Tá na hiarrthóirí ag úsáid foirmle máta: an móide an póstaer, a lúide an lógó agus dá gheall an cúlra, dá ghile dath an lógó go dtí an pointe go mbeadh an lógó níos lú ná stampa poist agus é clóite i ndath diúch atá níos éadroime ná scáil geimhridh. Agus in áiteanna mar Tuaim, Contae na Gaillimhe foilsíodh póstaeir iarrthóir FF gan ainm ná lógó an pháirtí ann ar chor ar bith. Bí ag caint faoi Tadhg an Dhá Thaobh!

Fadhbanna ioldaite
Ach le bheith féaráilte dóibh, níl siad ar a n-aonair nuair atá ábhar iontais sna póstaeir idir caibidil. Ó thosaigh an feachtas reatha tá cuid mhaith phóstaeir feicthe agam in áiteanna ar fud na tíre, ó aghaidheanna gealgháireacha na nAontachtaí go póstaeir féin déanta ar leathanaigh A4 a mhair fiche soicind i mbáisteach an iarthair nó grianghraif a tógadh nuair a bhí an t-iarrthóir níos tanaí, níos gruaigí, níos óige...
Taobh le sin tá ceisteanna agam i gcónaí faoi na dathanna a roghnaíonn iarrthóirí. Is minic a mbíonn póstaeir buí ag iarrthóirí neamhspleácha agus uaireanta oibríonn sé agus uaireanta eile, bhuel féach ar phóstaer Marion Harkin. Cúlra buí, gruaige buí, aghaidh buí.. bheadh sé níos eascaí polar béar a fheiceáil i lár anfa sneachta (nó lógó Fhianna Fáil a fheiceáil) ná Marion bocht a aithint óna dronuilleog buí ar thaobh na mbóithre agus tú ag tiomáint tríd an togh cheantair. Má’s buí í, is gorm na léinte gorma in go leor áiteanna. I mBiorra bhí siad ag úsáid póstaeir ana-simplí, ainm an iarrthóra i gcló gorm ar chúlra corri-chlár bán. Is mór an trua go ndearna an cumann drámaíochta rogha na dathanna céanna a úsáid agus anois tá ainm Brian Whelahan ar chuaille amháin agus  comórtas géar idir é féin agus Mrs Whippy agus The Barber of Seville ar na cuaillí in aice leis.
Ach má tá Fine Gael i gcomórtas leis an cumann drámaíochta in Uíbh Fháilí tá Joe Reilly ag caitheamh dathanna Shinn Féin sa togh cheantar Eorpach Thuaidh Thiar. Tá dearadh na bpóstaeir léine gorma sna toghcháin Eorpacha cosúil, deirimis, le póstaeir Sinn Féin agus cé fios cad a cheapann an fíor Joe Reilly (san Uaimh, ar ndóigh) faoi seo.

Number One
Ach tá an feachtas beagnach thart. Faoin am go léann tú seo ní bheidh ach seachtain fágtha agam 105 vóta a bhailiú má tá mé chun níos fearr a dhéanamh an uair seo ná mar a rinne mé an babhta deireanach. Aréir fuair mé mo chéad ‘deimhneach’ - ar ndóigh tá roinnt mhaith eile ann go dtig liom a bheith réasúnta cinnte faoi ach nuair a tháinig bean Síneach chuig an doras, miongháire ar a ghaid sula raibh deis agam mé féin a chur in aithne ag rá ‘ah Mac Eoghan, from the poster, yes, Number One’ bhí mé réasúnta, réasúnta cinnte go raibh Uimhir 1 faighte agam uaithi.
Ach fágfaidh mé an focal scoir ar chanbhásáil do m’iníon. Bhí mé ar mo bhealach amach an doras an oíche arú nuair a d’iarr duine des na cailíní orm cá raibh mé ag dul. ‘Ag canbhásáil’ arsa mé.
‘Céard é an rud sin canbhásáil?’ arsa sí leis an leathchúpla.
‘Tá sé cosúil le, le, le Trick or Treating’ arsa an cailín eile, ‘ach gan aon treats’.
Ach lena dhóthain de tricks, a smaoiním liom féin agus mé ag imeacht.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland