21 May 2009 Edition

Resize: A A A Print

Deireadh na scéime 'Baile Beo'

Pádraig Ó hAoláin

Pádraig Ó hAoláin

Fógraíodh droch-scéal an tseachtain seo caite do choisti aggus pobail Ghaeltachta nuair a deimhnigh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta  na ráflaí a bhi ag dul thart le tamall nach mbeidh an scéim ‘An Baile Beo’ ag dul ar aghaidh feasta - droch-thoradh eile na gciorruithe atá an tÚdarás ag cur i fheidhm mar gheall ar an gcúlú eacanomaíochta. D’admhaigh Pádraig Ó hAoláin nach mbeadh airgead go leor le cur sa duaischiste agus brú millteanach ar an Údarás sábháiltí a aimsiú sa bhuiséad.
Eagraíodh an chéad chomórtas ‘An Baile Beo sa bhliain 2001 agus sna blianta ó shin bronnadh na céadta míle euro ar choisti agsu comharchumainn Ghaeltachta i ngach Gaeltacht. Bhain scéim an bhaile beo go hiomlán le cur chun cinn na turasóireachta chultúrtha sa ghaeltacht agus ba í príomh-sprioc na scéime ná íomhá agus cultúr ghaelach gach sráidbhaile agus ceantar ghaeltachta a neartú ionas go mbeadh sé follasach, don turasóir ach go háirithe, gur ceantar Gaeltachta  a bheadh ann.  Bhí duaischiste na scéime seo comhurraithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag na comhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Lairge agus An Mhí.  
Duaischiste flaithiúl - tráth den saol Chomthreorach le comórtas an Bhaile Bheo bhí scéim eile ‘Gníomh don Ghaeltacht’ a raibh mar aidhm aice ná coistí agus eagraíochtaí a ghríosadh chun tabhairt faoi fhorbairt ina gceantar féin.  Bhíodh an duaischiste fhlaithiúil sa scéim agus bhíodh breis is seachtó eagraíocht agus coistí páirteach ann.
Cé nach raibh na duaiseanna éagsúla féin chun todhchaí na Gaeilge a slánú, is minic a déanfadh an €3000 do chéad áit áitiúil nó €1,500 mar dhara áit sa chómrtas go háitiúil, go ndéanfadh an t-airgead sin difir mhór le snas a chur ar obair dheonach na gcoistí i gceantracha amhail Rosmuc nó a Eachléim nó áiteanna iarghulta nach raibh daonra mór iontu ach ina raibh coistí ag iarraidh an cultúr agus teanga a chaomhnú ón bun aníos. Beidh le feiceáil an mbeidh aon cúnamh ó fhoinsí maoinithe  agus comórtais eile a thiocfaidh isteach in áit An Baile Beo ach le cúrsaí eacnamaíochta mar atá, agus le scéalta codarsnachta sna meáin Ghaeilge le cúpla seachtain anuas faoi ‘pleananna’ an Aire Eamon Uí Cuív maidir le Údarás an Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a chomhthathú mar Údarás na Gaeilge ní bheidh coisti sna Gaeltachtaí ró-dhóchasach  i leith tartháil an chomórtais sa ghar-thréimhse.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland