Top Issue 1-2024

21 May 2009 Edition

Resize: A A A Print

Ceachtanna stocaireachta

Tá súil eile agam ar toghacháin na laethanta seo! Toisc go dtagann baill den Chumann Gaelach ó cheantracha difrúla i mBaile Átha Cliath agus nach bhfuil curam ceantar toghachána faoi leith againn, bheartaíomar sinn féin a roinnt agus dul i mbun stocaireachta don iarrathóir inár gceantar féin.
Tá sé deacair dom creidiúnt nach bhfuil ann ach cóicís ón gceád uair gur léim mé sa charr le ceathrar eile agus go ndeachaigh mé amach ag stocaireacht  le foireann toghachána Seán Crowe i dTamhlacht in iarthar Átha  Cliath. Tosaitheoir ar an stocaireacht  amach is amach atá ionam ach níor ghlac ‘na stocaireachtaí  proifisiúnta’ le aon leithscéalta. Thosaigh siad de mo threanáil láithreach. Stop an carr i lár éastát tithíochta agus léim gach duine amach. Ar aghaidh linn go dtí an bút chun an treallamh a bhailiú, sé sin billeoga bolscaireachta, peann agus do bhord stocaireachta. Chuir sé lúcháir orm go raibh athchursáil ar siúl againn- sean phostaer a bhí gearrtha ina bpíosaí A4 a bhí sna boird stocaireachta. Bhí sé ag stealladh báistí agus thóg mé scáth báistí ón mbút freisin ach cheap mé go raibh sé ait nár thóg aon duine eile. Níorbh fhada gur thuig me cen fáth. Ní raibh bealach ar bith ann an trealamh ar fad a láimhseáil agus an scáth báistí freisin.
Agus díospóireacht fada faoin léarscáil agus an treo ina chóir dúinn dul thart  bhí mé ag seasamh  ag an gcéad doras ag fáil ceacht  stocaireachta. ‘Nuair a bhuaileann tú ar an doras déan cinnte go ndéannann tú doras an phóirse a dhúnadh arís. Ta na madraí fiáin sa cheantar seo. Tabhair am do dhaoine an doras a fhreagairt. Bíonn drogall ar dhaoine éirí ón teilifís ach go háirithe mar tá Man U ag imirt. Agus ná déan siúl agus tú ag líonadh do bhord stocaireachta. Seans go dtitifidh tú i bpoll nó lochán.’ a mhínigh sí dom. Chnag sí ar an doras agus rinne sí comhrá leis an bhfear istigh í a mhealladh chun vóta a thabhairt go Sinn Féin. Ba léir dom go raibh fios a gnó ag an mbean seo.
Cheap mé go leanfadh an ceacht ar aghaidh ar feadh doras nó dhó eile ach ní mar a shíltear a bhítear. Bhí mo ceacht thart agus bhí mé  liom féin ag an gcéad doras eile. Bhí mé ar tí bualadh air nuair a chuala mé tosaitheoir eile ar an stocaireacht ag glaoch trasna na sráíde, ‘Féach ar an mbord stocaireachta seo. Conas go mbeadh a fhios agamsa má tá Seán Crowe nó aon iarrathóir eile bog nó righin?’ Cheap mé go raibh an fear bocht bog sa cheann ach iontas na n-iontais cad a bhí scríofa ar an mbord stocaireachta ach Seán Crowe bog nó righin, iarrathóir eile bog nó righin! Rinne mé iarracht an gáire a chuir faoi cheilt agus chabhraigh sé go mór dearmad a dhéanamh ar cé chomh néirbhíseach is a bhí mé.
Tar éis an chéad doras bhí sé éasca go leor. Socraíonn tú ar an oráid atá tú chun tabhairt ag an doras ar ndóigh le cúpla focal Gaeilge caite isteach ann  agus ar aghaidh leat ó dhoras go doras. Bhí neart cnámha spairne ag an bpobal; an cúlú eacnamaíochta, an cinne seirbhísí a bhaint ón ospideál i dTamhalacht , na ciorraithe sa chóras oideachais agus an easpa áiseanna do dhaoine óga sa cheantar. Ó am go chéile rinneadh an Ghaeilge a luadh  agus thaitin sé go mór liom plé a dhéanamh le pobal na Gaeilge faoin cos ar bholg atá á imirt ar na gaelscoileanna, pleananna do chultúrlann sa cheantar agus an borradh a bhí sa pháirtí féin ó thaobh an Ghaeilge de.
Bhí seasca teach nó mar sin déanta agam agus  bhuail mé an ‘balla’. Bhí mo chosa pianmhar, mo ghualainn nimhneach, mo bhéal tirim gan trácht ar an mbáisteach agus bhí mé ag iarraidh dul abhaile. Faraoir ní raibh an éastat iomlán déanta fós. ‘Uair amhain eile?’ a scread  loingseoir learscála an foireann toghachána trasna an bhóthair.
Bhí me ar tí freagra diúltach a thabhairt dom ach gur rith an smaoineamh liom go raibh na céadta daoine amach ansin ag stocaireacht an mhí seo timpeall na tíre agus iad ag mothú tuirseach agus braon de. Ní amháin sin ach go raibh sé déanta ag na mílte poblachtannaigh thar na blianta rud a chinntigh gur toghadh daoine mar Roibeard Ó Seachnasaigh, Gearóid Mac Adhaimh agus Caoimhghín Ó Caoláín ag amanta nach raibh an pobal i gcoitinne chomh fábharach don phoblachtannachas is atá anois. Thug sé ardú croí dom smaoineamh go raibh páirt beag agam á imirt sa ghníomhaíocht chéanna, rud a thug fuinneamh dom leanúint orm an oíche sin agus cúpla oíche eile fosta.
Ar aghaidh linn a chairde!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland