14 May 2009 Edition
Bronnadh Duaiseanna Aitheantais GLEO
Timpeall an am seo anúraidh chruinnigh na sluaite gasúr scoile isteach go ceannáras Fhoras na Gaeilge i gcómhair bronnadh duaiseanna na scéime GLEO, nó an scéim scoileanna ‘Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais’. B’íad an dhá Aire Oideachais, Caitríona Ruane agus Batt Ó Keefe a rinne an bronnadh anúraidh ach an tseachtain seo bhí lá mór ar an gcairpéad dearg ag muinteoirí agus daltaí i gcomhluadar Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, i bPáirc an Crócaigh, nuair a bhronn Foras na Gaeilge gradam aitheantais orthu as ucht dea-chleachtas a léiriú i gcur chun cinn na Gaeilge labhartha ina gcuid scoileanna agus pobail faoi choimirce na nGradam ‘GLEO 2009’
Is iomaí comórtas pobail agus comórtais scoileanna atá á eagrú agus a reáchtail faoi scáthanna eagsúla chun an Ghaeilge a chur chun chinn ach tá difríocht bheag leis an scéim GLEO nó is comórtas é idir na scoileanna Béarla ina bhfuil an Ghaeilge a múineadh mar ábhar agus is fiú a chuimhneamh go mbíonn roinnt mhaith múinteoirí Gaeilge iontacha atá ag saothrú sna earnáil sin, na scoileanna Béarla, agus dá bharr a sar-iarrachtaí go mbíonn páistí ag dul ar aghaidh chuig Gaelcholáistí agus coláistí tríú leibhéal gach bliain a d’fhoghlam a gcuid Ghaeilge i scoileanna Béarla. Leis na constaicí a chuirtear in aghaidh bunú gaelscoileanna nua is minic nach mbíonn an rogha ann do thuismitheoirí a gcuid páistí a chur chuig gaelscoil. Dá bhrí sin is fiú tacaíocht a bheith ann do na scoileanna sin a dhéanann iarracht ar leith chun an Ghaeilge a laidriú agus a chur chun chinn.
Roghnaíodh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ó gach cearn d’oileán na hÉireann de bharr a nuálaíochta agus a gcruthaitheachta i gcur chun cinn labhairt na Gaeilge i measc a gcuid scoláirí agus, gné atá an-tábhachtach, leis an phobail ina bhfuil na scoileanna suite.
Ar ndóigh bíonn an t-aitheantas a fhaigheann na scoileanna tábhachtach ach sna cúinsí reatha agus easpa airgid ag cur brú ar go leor tograí ní beag é luach na nduaiseanna féin. Bronnadh gradam, ar fiú €3000, ar gach scoil mar aitheantas ar an dea-chleachtas a léirigh siad i gcur chun cinn na Gaeilge labhartha. Tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge an dea-chleachtas seo a scaipeadh trí na líonraí scoileanna éagsúla atá ann, scoileanna a bhain gradaim GLEO sna blianta roimhe seo ina measc.
I mbliana roghnaigh moltóirí neamhspleácha dhá bhunscoil agus meánscoil amháin (ina bhfuil an Béarla ina mheán teagaisc) ó reigiúin eagsúla ar fud na hÉireann, 16 de scoileanna san iomlán as an 44 scoil a chuir isteach don chomórtas i mbliana, an ceathrú bliain ar eagraíodh GLEO.
Rinne an tUachtarán comhghairdeas leis na scoileanna agus na daltaí go léir a ghlac páirt sa scéim GLEO i mbliana. “Caitheadh dua mór chun an scéim a chur ar bun go rathúil in bhur scoileanna. Tá áthas orm go bhfuil na dea-chleachtais á roinnt in bhur measc thuaidh agus theas agus go bhfuil scoileanna na hÉireann ag foghlaim óna chéile.” arsa sí. Dúirt Príomhfheidhmean-nach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, go raibh an scéim GLEO ann le béim a leagan ar ghaol níos láidre a chruthú leis an nGaeilge agus go raibh ag eirí thar cionn leis. “Tá tábhacht ar leith ag baint le scéimeanna den chineál seo, a chothaíonn nuálaíocht i gcur chun cinn na Gaeilge labhartha.”