14 May 2009 Edition

Resize: A A A Print

Ard Fheis Chonradh na Gaeilge

Anita Nic Amhlaoidh ó Chraobh Ghlór na Ríogh ag labhairt ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge

Anita Nic Amhlaoidh ó Chraobh Ghlór na Ríogh ag labhairt ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge

Súil Siar agus Súil Romhainn

Bhí ana-dheireadh seachtaine acu siúd a bhí i láthair ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge in Aonach Úrmhumhan ón Aoine go Domhnach seo caite. Idir óg is aosta, daoine ar shaibhreas taithí agus glúin úr de chonraitheoirí, bhain gach a bhí i láthair tairbhe as.
I measc na mbuaicphointí, bhí Léacht Fhionnbarra Uí Bhrolcháin ag Oscailt Oifigiúl na hArd Fheise, léacht dar teideal, “Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch – Ról Raidiceach an Chonartha”. Dhá chrann taca a bhí le caint an iar-ollaimh, agus é ag míniú a fhealsúnachta i dtaobh shárú na ndeacrachtaí eacnamaíochta reatha agus slánú na hÉireann i gcoitinne.
Mhínigh Fionbarra go mbeidh Éire, thuaidh agus theas, thoir agus thiar, nuálaíoch agus iomaíoch nuair a chothófar an chruthaitheacht agus an éagsúlacht atá san aigne Ghaelach.  Taobh leis sin, dar leis, ní hamháin gur buntáiste atá sa Ghaeilge agus Éire ag iarraidh athbheochan eacnamaíochta a chinntiú, ach, is bunriachtanas atá ann. Thagair Ó Brolcháin dá leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference : Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland ina mhíníonn sé gur botún a bhí ann an Ghaeilge a imeallú mar a tharla le glúin nó dhó anuas agus an tAnglaMheiriceánachas a shú isteach go fonnmhar ag lucht na cumhachta is na heacnamaíochta.  Éagsúlacht chultúir, cruthaitheacht agus mórtas cine an bealach atá romhainn i dtuairim an aoí agus d’fháiltigh teachtaí an chonartha go mór roimh an teachtaireacht úr.
Ar an Satharn, léirigh an Conradh a thuiscint ar an Ré Nuálaíoch nuair a tugadh dhá Cur i Láthair ar an teicneolaíocht – ceann ar úsáid shuíomh an chonartha, www.cnag.ie agus an dara ceann ar cén chaoi le heolas ar imeachtaí craobhacha a chur ar fáil go leictreonach
Agus na rúin á bplé ar an Satharn, bhí idir phlé dháiríre dhoimhin agus iomaíocht thaitneamhach idir theachtaí.  Le linn seisiún díospóireachta faoi chúrsaí oideachais, mhínigh teachta amháin gur mheas sé nár leor an bhéim ar shaibhreas foclóra agus ar chruinneas gramadaí i múineadh na Gaeilge sa lá inniu. Leasaíodh a rún siúd agus rinne na teachtaí a dtacaíocht don chumarsáid mar eochair a athnuachan.

Ar aghaigh go Nás na Ríogh
Tharla an chuid ba thaitneamhaí den díospóireacht nuair a osclaíodh an plé ar thrí rún a bhí ag teacht salach ar a chéile - ionad na hArd Fheise sa bhliain 2011.  Siar ó dheas go hInis, Co. a Chláir, soir ó thuaidh go Ceanannas Mór na Mí nó go Nás na Ríogh a bheadh ár dtriall i gceann 104 seachtain?  D’oscail Anita Nic Amhlaoidh ó Chraobh Ghlór na Ríogh an díospóireacht le hóráid spreagúil tharraingteach ar fhiúntas Nás na Ríogh don ócáid.  Buanú na dea-oibre agus tacaíocht do chraobh is do phobal Gaeilge atá ag forbairt ba chúiseanna le tacaíocht a thabhairt d’iarracht a baile siúd. Ba leor caint Anita go mbainfeadh Ceanannas Mór a rún den chlár, iad ag moladh tacaíocht do Chraobh Ghlór na Ríogh.  Do Chraobh na hInse a tugadh an t-urlár ansin, agus leanadh den stocaireacht. Taithí ba mhórchúis le tacaíocht a thabhairt do na Cláirínigh  – léirigh siad cheana go raibh de chumas acu Ard Fheiseanna maithe a sholáthar
An ndéarfá, mar sin, go bhfuil Conradh na Gaeilge ar fónamh mar eagraíocht?  Bhí muinín is díograis le sonrú san Aonach ar an deireadh seachtaine seo caite.
Díospóireacht fhónta thomhasta fhadradharcach a tharla ag an Ard Fheis seo gan amhras.  Ba é an trua nach raibh níos mó ná an dá chéad i láthair don ócáid áfach.  Tá achar le taisteal ag an eagraíocht stairiúil seo go fóill, mar sin, le go mbeidh sí ionadaíoch ar ghluaiseacht na Gaeilge sa ré láidir seo.  Cloisim go raibh níos mó daoine óga ann i mbliana ná mar a bhí anuraidh agus chuirfinn leis na dea-chomharthaí eile an fhíric sin. 
Tá ról raidiceach le himirt ag Conradh na Gaeilge in aththógáil na hÉireann agus tar éis na ngeallúintí agus an fhuinnimh a léiríodh sa phlé ar ionad na hard Fheise sa bhliain 2011, sílim go mbeidh an-chomhdhálacha ann sna blianta romhainn – go háirithe i Nás na Ríogh!
Beidh Ard Fheis 2010 ar an tSionainn, i Luimneach dála an scéil.  B’fhiú dul ann agus Conradh na Gaeilge ag fás, mar atá.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland