Top Issue 1-2024

7 May 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Tirim idir Ceathanna....

Bhuel cuireadh tús cuí leis an fheachtas toghchánaíochta an tseachtain seo agus mar a bheifeá ag dual, bhí sé ag cur báistí. Caithfidh go bhfuil coibhneas idir canbhasáil agus báisteach. Smaoin aer te (á labhairt ar thairseach), comhiompar, frasaíocht agus báisteach agus tagann soiléiriú ar chúrsaí aimsire le linn toghchán. Cosúil le leabhar Miles na gCopaleen bíonn sé ag cur i gcónaí anseo san iarthar (ach go háirithe le linn na dtoghchán). Cibé scéal níor mharaigh braon baistí aon duine riamh agus ar aghaidh liom an oíche arú mar a gheall mé go ndéanfainn, le beart bileoga faoi mo chóta agus liosta vótóirí i mo lámh.
Bhí saghas cúmha orm. ‘Seo mo chéad uair ag siúil tríd na heastáit  seo le cúig bhliain, ó bhí an toghchán deireannach ann agus tá na hathraithe só-fheicthe. I 2004 shínigh imeall an bhaile amach leath-mhíle nó mar sin ón phríomhshráid thar bóithríní a chríochnaigh suas faoin tuath nó i sráidbhailte beaga nach n-aithneodh tíogar Ceilteach dá mbeadh clann acu ag seilg i lár na gcearnóga.  Anois tá crios fada, cuarbhóthar mar dhea, ag rith timpeall an baile agus tá na heastáit ar fad laistigh den teorann sin.

Athraithe agus buan-ghnéithe
Bhí tógáil na n-éastait faoi lán seoil ag an am agus bhí gach teach lán: Éireannaigh, Braisiligh, Polannaigh, Latvaigh, Litiúinigh agus daoine ó go leor tíortha eile nach iad. Le cúig bhliain anuas ar ndóigh, tá an daonra athraithe, tá an baile athraithe, tá na votóirí athraithe ach níl na heastáit athraithe. Ós mo chomhair shínigh cosáin neamh-chríochnaithe, faiche neamh-shíolta, cairn mhór clocha, adhmaid, bruascair agus dríodar tógála mar sin ina luí ag tabhairt masla dóibh siúd a cheannaigh na tithe timpeall na faiche. Bhí bóthar gan tarmac, gan tlacht fiú seachas clocha 804 agus ‘líonadh’ eile den sort sin.
Bhuail mé cnag ar dhoras an chéad tí  – bean óg as an Tuirc, teifí gan mórán Béarla (ná Gaeilge) ach cúpla páistí a bhí cumasach i mBéarla agus a mhínigh dá mamaí go raibh mé ag lorg vóta, vóta nach raibh sí cláraithe dó áfach.
Béal dorais bhí an scéal mar a gcéanna agus arís sa tríú teach. Friedland an t-ainm a bhí sna fhuinneoigín os cionn cnaipe an chloigín in  uimhir a ceathair agus chuardaigh mé clár na vótóirí ach ní raibh Friedland ann. ‘Bogtha’ a scríobh mé ach faoin am go raibh mé ag an t-ochtú teach agus Friedland feictha agam faoi thrí thuig mé gur ainm déantóirí cloigíní doirse é seachas sloinne Oir-Eorpach.
Níor stop an báisteach ó thosaigh mé agus bhí mo bhileoga ag éirí fliuch ach má a bhí ní raibh siad leath chomh fliuch a’s a bhí bileoga an dream a bhí timpeall an eastáit romham. Bhí iarsma d’iarPD i ngach doras, iarPD a bhí nua-chumtha anois mar ball dílis d’Fhine Gael. B’ionadh liom an t-aistriú séimh ó pholaitíochtaí amháin go polaitíochtaí eile a bhí déanta aige (má is féidir leat a rá go raibh difríochtaí ann sa chéad dul síos). Ach b’iontaí fós an dóigh gur scair cuid iarPD chuig FF agus cuid eile chuig FG, cruthúnas gan amhras den sean-líomhaint nach bhfuil iontu cibé scéal ach Tweedledum agus Tweedledee., Tweedledum sa chás seo, a bhrúigh a bhileoga tríd bosca litreacha ach a d’fhág eireaball lasmuigh i ngach teach ó barr go bun na sráide, agus anois bhí na heireabaill chomh fliuch agus soggy leis an idéolaíocht sna bileoga féin.

Aimsím vótóir!
Leathbhealach tríd an eastáit d’aimsigh mé – i ndiaidh 50% tithe folamh, 30% Éireannaigh Nua (agus níl mé ag caint faoi lucht leanúna RSF) 10% a dhearbhaigh nach raibh suim acu vóta a chaitheadh agus 10% a d’fhéach tríd an fhuinneog ach a dhiúltaigh an doras a oscailt – d’aimsigh mé vótóir.
‘Tá súil agam nach Fianna Fáiler thú’ arsa sé sula raibh deis agam mo phitch a rá.
‘Níl’ arsa mé.’Tá mé le Sinn Féin’.
‘Déanfaidh sé sin an cúis’, arsa sé ag tógadh bileoige as mo láimh agus ag dúnadh an dorais arís sula raibh deis eile agam a labhairt.

Oidhreacht na dtógálaithe
Chuaigh mé níos doimhne isteach san eastáit agus ag doras amháin thosaigh fear comhrá liom faoin droch-chaoi inar fágadh an áit i ndiaidh ceithre bhliana ó bhog daoine isteach.
‘Níor chríochnaigh siad an obair’ arsa sé. ‘Níor chríochnaigh siad a gcuid dualgais le tlacht a chur ar an bhóthar ná fiú a gcuid bruascar a thabhairt leo. Dhírigh sé a lámh i dtreo bun an eastáit agus bhí bothán leoite, scriosta ag dul i meath ann, tréigthe ag an tógálaí.
‘Agus nach raibh sibh, na daoine a cheannaigh na tithe in ann aon bhrú a chur air?’ arsa mé.
‘Tá siad laistigh den dlí’ arsa sé. ‘Féach an teach ina aice linn anseo’.
‘Tá sé folamh’ arsa mé.
‘Níl sé folamh’ arsa mo dhuine, ‘tá sé neamhchríochnaithe. Níl sé críochnaithe laistigh, agus mar sin níl sé ar dhíol ná baol air... Agus go dtí go bhfuil an teach deireannach díolta níl aon iachall ar an conraitheoir an obair a dhéanamh chun an eastáit a chríochnú.
D’amharc mé ar an teach folamh. Ní raibh sé aon phioc éagsúil ó na cinn a bhí in aice leis. Ní raibh sé níos mó ná níos lú agus ós rud go raibh sé i lár sraith tithe a bhí díolta cheana ní raibh aon fáth go dtiocfadh liom a cheapadh nach mbeadh sé críochnaithe seachas a mhéad a bhí ráite ag an fhear béal dorais, gur d’aon ghnó a fágadh é mar sin chun moill fhada, na blianta go deimhin, a thabhairt do chonraitheoirí ón eastáit a chríochnú do chaighdeán a dhéanfadh coinníollacha níos éascaí do na daoine a raibh tithe ceannaithe acu.

Ní lá gaoithe...
Thiontaigh mé cúinne ar bharr an eastáit domh arís agus bhuail cumhacht na gaoithe mé nuair a bhog mé amach ó fhoscadh na dtithe. Bhí mé buíoch nár thosaigh mé ag crochadh na bpostaeirí anocht nó bheadh Pádraig Mac Lochlainn ag eitilt mar kite nó fathach frisbee os cionn an bhaile faoin am seo.. ní lá na gaoithe lá na bpostaeirí mar a deir an seanfhocal.
Bhí cúpla doirse eile fágtha anois agus bhí sé ag teacht go dtí deireadh m’oíche canbhasála. Chuaigh mé agus chnag mé agus osclaíodh doras láithreach ag seanbhean beoga a thóg an bhileog agus d’amharc sí ar mo ghriainghraf. ‘An é sin tusa?’ arsa sí.
‘Is mise’ arsa mé.
‘Ar chas mé ort cheana?’ arsa sí
‘Cúig bhlian ó shin’ arsa mé, ‘Sheas mé cúig bhlian ó shin comh maith’.
‘Agus caidé atá nua fút an uair seo? Caidé atá difriúil?’.
‘Tada’ arsa mé, ‘Seachas go bhfuil mé níos sine’.
‘Cosúil leis an áit seo’ ar sise, ‘Is beag athrú atá timpeall anseo ach go bhfuil meath ar an áit’.
‘Anois agus tú ag díriú ar sin’ arsa mé ag tógadh na bileoige uaithi, agus ag díriú mo mhéire i dtreo bullet point ar leith. ‘Tá meath air ach nach dtig leat rud a dhéanamh faoi ar an 5 Meitheamh? Agus do vóta a chaitheadh go ciallmhar?”
D’fhág mé an bhileog lei agus d’fhill mé ar an ghluaisteán, ag cur tic ina aice a hainme. Oíche amárach déanfaidh mé eastáit eile, agus beidh fadhbanna éagsúil ó daonra athraithe, baile athraithe, agus votóirí athraithe. Níl ach rud amháin atá buan anseo: an aimsir.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland