Top Issue 1-2024

30 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

 

 

 

Leabharlann sa bhaile

CÉ go bhfuil cairde de mo chuid (bhuel, cara deirimis) a chreideann go bhfuil mé i gcónaí sáite i leabhair, agus go bhfuil liosta fada teidil léite agam i mBéarla agus i nGaeilge thar na blianta admhaím go raibh blianta ann le déanaí nuair is beag leabhar a léigh mé de bharr easpa ama, easpa foighde agus easpa fuinnimh. Bhí an cuma ar an scéal go raibh mo shúile ag druidim gach oíche i ndiaidh trí nó ceithre líne téacs a léamh agus ní raibh mórán dóchas agam go gcríochnóinn leabhar riamh arís. De réir a chéile, áfach, agus mé ag siúil tríd an fhásach ainléannta sin bhí mo leabharlann féin, pearsánta, ag fás. Tá an galar sin orm a’s atá ag go leor leor daoine eile: nuair a fheicim leabhar, ceannaím é agus tá leabharlann sa bhaile mar chruthúnas ar sin cé nach bhfuil leath dá bhfuil ann léite agam ná baol air. De reir mar a d’fhás mo leabharlann féin is mó ‘brú’ a cuireadh orm na leabhair a bhí agam a léamh agus a chríochnú.
Um Nollaig na bliana seo chuaigh thart áfach thosaigh mé ag léamh ar bhonn rialta arís, ag piocadh leabhair agus ag léamh é thar tréimhse ama. Nós eile a thosaigh mé ná dhá agus trí leabhar a fhágáil ag ionaid éagsúla timpeall an tí ionas go mbeinn in ann cúig nó deich nóiméad a chaitheamh le leabhar amháin nó eile nuair a bhuailfeadh an fonn orm.

Timpeall an domhan agus leabhar imo lámh
Mar a bhí ar dtús mar atá go fóill. Is ionadh é an iomad réimse a spreagann mé chun léamh ach ón Nollaig amach tá mé i ndiaidh oícheanta a chaitheamh ins an Colóim le Jim Monaghan; sna Blocanna H tríd leabhar Denis Aherne; bhí mé Trainspotting arís in nDún Eidinn agus leis na Finíní san Astráil gan trácht ar Príosún Moinseoighe i ndiaidh Domhnach na Fóla i 1972 (Ciontach) agus i bPríosún Bhéal Feirste sna daicheadaí le Tarlach Billí (Faoi Ghlás). Bhain mé sult in athuair comh maith as an dialann polaitiúil a scríobh Máirtín Ó Muilleoir nuair a bhí sé ina chomhairleoir i Halla na Cathrach, Béal Feirste (Dome of Delight) agus d’éirigh liom giota ‘staidéar’ a dhéanamh, fiú, ag spléachfhéachaint tríd an Dictionary of Ulster Scots, an teanga amháin sa domhan de réir tuairiscí nach mbeidh spellcheck de dhíth agat má thosaionn tú ag clóscríobh inti ar do ríomhaire.
Ach díreach agus mé ag críochnú seilf amháin den leabharlann agus ag déanamh comhghairdeas liom féin nach raibh an líon céanna neamhléite a’s a bhí léite, ‘seo chugam an nathair do mo cathú le húll geal-dearg: an focal is measa d’aindiúlach leabhar – sladmhargadh.

Sladmhargadh Chló Iar-Chonnachta
Foilsíodh an scéal an tseachtain seo go bhfuil an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta ag tairiscint beart mór leabhar don dara bliain as a chéile, ar an phraghas an-réasúnta de €290. Leabhair iad seo a thagann ón clódóir Sáirséal & Ó Marcaigh/Sáirséal agus Dill, don chuid is mó cé go bhfuil cuid bheag teideal ó Mercier, FNT agus Cló Chois Fharraige ar an liosta comh maith. Dála an scéal tá postás chuig aon áit in Éirinn san áireamh sa phrághas sin €290.
Tá’s agam ó bheith ag cásadh ar dhaoine in áiteanna éagsula sa tír go mbíonn córas leabharlainne dá gcuid féin ag grúpaí Gaeilge ó thuaidh agus ó theas. Agus iad i ndiaidh blianta a chaitheamh ag troid leis an seirbhísi reáchtúla le liosta na leabhar Gaeilge a mhéadú sna leabharlanna poiblí chinn chuid mhaith coistí agus craobhacha an Chonartha, mar shampla, gurb é an réiteach is fearr ná leabharlann teorannta do lucht léite na Gaeilge a chur ar bun (fad a’s a lean siad ar aghaidh ag troid dá gcearta mar léitheoirí ina leabharlanna áitiúla poiblí). Agus sna Gaeltachtaí, ar ndóigh, chuidigh Údarás na Gaeltachta leis seo dhá nó trí bhliain ó shin nuair a chuir siad maoiniú ar fáil le hAonaid Teanga a oscailt i mbáilte ar fud na Gaeltachta agus gur roghnaigh furmhór na gcoistí seo réimse leabhair Ghaeilge, úrscéalta, leabhair do pháistí agus leabhair fhoghlama a chur ar fáil sna haonaid.

Leabhalann Poblachtach
Tá réimse breá ar fáil sa phacáiste reatha, idir leabhair thaighde, úrscéalta, gearrscéalta, beathaisnéisí, amhráin, drámaí, stair agus filíocht. Ní féidir luach na tairisceana seo a shéanadh. Ba dheis iontach é seo d’aon leabharlann Ghaeilge a shaibhriú go mór, agus mar go bhfuil cuid de na teidil seo beagnach as cló anois, is mór is fiú an pacáiste luachmhar seo. Ag breathnú tríd an liosta tá roinnt teideal a chuirfeadh go mór le ‘leabharlann poblachtach’ agus b’fhiú do chumann a bhfuil cúpla céad punt nó euro le spáráil acu macnamh a dhéanamh an pacáiste a cheannach agus b’fhéidir na leabhair a thabhairt amach ar iasacht dá mball, nó é a bhronnadh ar scoileanna áitiúla. Féach mar shampla Ó Donnabháin Rossa I, agus II le Seán Ó Lúing, nó Na Sasanaigh agus Éirí Amach na Cásca, Leon Ó Broin nó Éirí Amach na Cásca 1916, Críostóir Ó Floinn, Dé Luain, Eoghan Ó Tuairisc, B’fhiú an Braon Fola, Séamas Ó Maoileoin, nó An Uain Bheo, Diarmaid Ó Súilleabháin. Agus níl ansin ach samplaí a léimeann as an liosta (atá ar fáil ina iomlán, dála an scéil ar shuíomh Cló IarChonnachta http://www.cic.ie
Tá an comhlacht cinnte go mbeidh éileamh mór ar an phacáiste seo, agus mar sin ba mhaith leo na horduithe uilig a bheith acu an tseachtain seo ach tá mé cinnte dá mbeadh duine ag lorg síneadh ama go dtiocfadh leo sin a phlé leis an fhoilsitheoir.  Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.cic.ie agus is féidir glaoch ar Chló Iar-Chonnachta ag 00 353 91 593307 nó tríd an r-phost ag: [email protected]

Uasdátu ar Thrial Antáine Uí Dhálaigh
Tuairisc cothrom le dáta ar mo debut i dTeach na Cúirte Bhaile Locha Riach: rinne mé ‘fitting’ aréir agus geallaim daoibh go bhfeilíonn an bréagfholt cleirigh mé, agus na gúnaí dubha. Tá an cuisí ciontach cheana, ar ndóigh. Nuair a chríochnaigh mé an scriopt thuig mé go sóiléir gurb é ceann des na buanna is mó atá an na coilínigh ná na cúisithe a roghnú, na cúiseanna a roghnú, na breithimh a roghnú agus na torthaí cúirte a roghnú.
Tá roinnt ticéadaí fós ar fáil má a tharlaíonn go bhfuil cuairteoirí agaibh ag teacht tríd Baile Locha Riach oíche amárach do deireadh seachtaine saoire bainc (an imeoidh siad nuair atá na bancanna náisiúnaithe meas tú?) ach glaoch a chur ar 091 870 718. Triall Antaine Uí Dhálaigh, ag tosnú ag 8.30 Aoine 1ú Bealtaine.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland