Top Issue 1-2024

23 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

 

 

 

Mo ‘Lá sa Chúirt’ ag teacht

Bím in éad, caithfidh mé a admháil, le daoine a bhfuil go leor ama acu a bheith páirteach i ndrámaí agus seónna agus féilte den sort sin sna bailte beaga ar fud na tíre, nó ó mo chuimhne is minic a thógtar cairdeas agus comradaíocht idir na haisteoirí féin agus lucht ‘an chompántais’.  Anuraidh chaith bean an tí agus an mac (atá ina aisteoir cheart cibé scéal) cúpla mí ag cleachtadh leis an chumann drámaíocht áitiúil don ceoldráma Oliver! agus roimh deireadh coicíse bhí muintir an tí ar fad ag canadh faoi bia, bia galánta agus ag aithris na línte éagsúla a bhí á bhfoghlaim ag an bheirt theispiach. Agus, i ndiaidh na seachtainí de chleachtadh agus nuair a tháinig an chéad oíche nach iontach a bhí an claochlú ó halla paroiste go cúlsráideanna Londain sna 1800aidí.
Bhí mé ró-ghnóthach, ar ndóigh, mar a mhínigh mé leis an bhean, trí nó ceithre oíche a dheimhniú seachtain i ndiaidh seachtaine fiú má a bhí boladh gréisclí agus mealladh an téatair ana-tarraingteach agus d’fhág mé m’athrú gairme go dtí lá eile agus é ar mhéar an-fhada go deo.
 
Aisteoirí Aon Oíche
 Agus ansin tháinig glaoch ó Padaí Rua ag insint domh go raibh Féile Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge ag teacht go Baile Locha Riach agus go raibh siad (Aisteoirí Aon Oíche mar a bhaistíodh ar an chompántas áitiúil) gann aisteoir amháin do dhráma áitiúil. Aisteoirí Aon Oíche – níl dóchas, fiú, go mbeadh encore againn le hainm mar sin, arsa mé liom féin. Níl mórán oícheanta i gceist, arsa an fear rua, agus beidh an rud sin ar fad thart i bhfad roimh na toghcháin. Níor fhág sé sin mórán leithscéalta domh agus d’aontaigh mé an script a léamh.
Sna seachtainí ó shin choinnigh na hAisteoirí dá bhfocal agus cé go raibh cleachtadh ann cúpla uair sa tseachtain bhí an scriopt briste sa dóigh go dtig le haisteoir drogallach mar mhise oíche nó dó a chailliúnt nuair a bhí brú ama ag cúisiú deacrachtaí don fhoireann agus diaidh ar dhiaidh tá an dráma tagtha le chéile agus an sprioc-dháta ag tarraingt orainn.
 
An nasc áitiúil
 ‘Sé an dráma Cúisiú Antaine Uí Dhálaigh  le Joe Forde a roghnaigh an compántas agus ar ndóigh tá nasc láidir idir an dráma agus an ceantar seo timpeall Baile Locha Riach. Chrochadh Antaine Ó Dalaigh i Suí Finn, cúig mhíle siar ón baile in 1820, Fear Ribín a cúisíodh as móid a thabhairt do dhaoine sa cheantar a bheith ina mbaill den eagraíocht rúnda. Tugadh fianaise ina aghaidh ag éisteacht cúirte i nGaillimh ag brathadóirí agus spiadóirí, ag baill den mhilitia agus ag gníomhaithe cánacha agus tiarnaí talún i leith liosta líomhaintí a bhain leis na Ribínigh. I measc na cúiseanna eile dúradh gur ionsaigh sé ar thiarna talúin darbh ainm De Búrca gar do Dún Sandail agus tugadh fianaise faoi ionsaithe eile i gCillín Díoma, Cill Chríost agus Roxboro, eastait cónaí an teaghlaigh Persse, athair Lady Gregory tráth den saol.
Aisteach go leor, nuair atá mé chun mo 15 nóiméad féin a fháil ar stáitse, beidh mo ‘lá sa chúirt’ agam ag an am céanna nó tá cead faighte ag an Fhéile an dráma a léiriú i dTeach na Cúirte, Bhaile Locha Riach ar oíche oscailt na Féile. Tá páirt ‘Cléireach na Cúirte’ agam, céim mhór chun tósaí ón uair deireanach a bhí lá agam ós comhair cúirte ní gá domh a rá.
 
An Comhlachas Náisiúnta
Tá an féile féin a reachtáil ag an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus aithnítear gurbh é faoi scáth an Chomhlachais a léirítear formhór mór na ndrámaí Gaeilge a chuirtear ar stáitse timpeall na tíre. ‘Sé mar sprioc ag an Comhlachas an drámaíocht a spreagadh ag leibhéil éagsúla – tríd compántais oilte, nó compántais atá ag forbairt, agus drámaí atá á léiriú ag tosnaitheoirí. Agus gnéithe éagsúla den drámaíocht Ghaeilge á gcur chun cinn, fostaíonn An Comhlachas comhairleoirí agus léirmheastóirí/moltóirí oilte. Tá stiúrthóir agus rúnaí feidhmeannach fostaithe ag an gComhlachas a bhfuil a cheanncheathrú aige i gCamus, Contae na Gaillimhe.
 Beidh an Féile ag teacht go Baile Locha Riach 1 - 3 Bealtaine, leis an oscailt oifigiúil ar an Aoine agus is ónóir iontach é do phobal ghaelach an cheantair go bhfuil imeacht náisiúnta mar seo ag teacht do bhaile atá ag éirí níos ‘dhá-theangaí’ le blianta beaga anuas. Tá go leor daoine ag súil go mór le drámaí den scoth agus aisteoirí d’ardchaighdean ag teacht ó fud fad na tíre le bheith i láthair thar dheireadh na seachtaine.
Beidh aisteoirí i láthair ó na ceithre hairde, cuid acu a bhfuil cáil agus aitheantas bainte amach acu ag féilte éagsúla. I measc na gcuairteoir atá chun fáilte Uí Cheallaigh a fháil tá Aisteoirí Bulfin, Baile Átha Cliath; Aisteoirí Chill na Martra, Corcaigh; Aisteoirí Mhic Easmhuinn, An Ceathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Cumann Drámaíochta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Aisteoirí Mhiobhaigh, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall agus Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne, Co. Ciarraí.
 
Suíocháin a chur in airithint
 Tá 6 dráma iontach leagtha amach mar chuid den chlár thar dheireadh na seachtaine mar chuid den chomórtas náisiúnta agus beidh fáilte roimh chách bualadh isteach lena fheiceáil ach nuair a bhrisim mo chos ar staitse ní bheidh sé mar chuid den chomórtas féin ach mar imeacht breis don oscailt oifigiúil a bheidh ar siúl i dTeach na Cúirte ag 8.30 i.n. Tá na huimhreacha teoranta nó is teach cúirte beag, áitiúil atá ann agus b’fhiú teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach (091 870 718/ [email protected]) le suíochan a chur in áirithe.
 Taobh amuigh dena drámaí beidh imeachtaí éagsúla eile ag tarlú i rith na deireadh seachtaine ina mbeidh agallaimh beirte, lúibíní, gearrdhrámaí traidisiúnta agus seisiúin amhránaíochta. Beidh RTÉ RnaG i mBaile Locha Riach an chuid is mó de dheireadh na seachtaine agus beidh an tAire Éamonn Ó Cuív T.D. i láthair  chomh maith le haghaidh Bhronnadh na nGradam.
 Má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais i dtaobh imeachtaí na féile, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach nó leis An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta @ 091 574146 nø [email protected]
Beidh an seó thart an deireadh seachtaine seo chugainn, an smidín glanta den aghaidh, an feisteas bailithe agus teach na cúirte ar ais ag deileáil le cúisithe an lae inniu. Agus beidh cúpla oíche breis in aghaidh na seachtaine agam (de reir fear rua eile sa cheantar) fá choinne canbhásála. I mBaile Locha Riach la lutte continue!

Coiste Drámaí: Seo cuid de na daoine atá ag obair leis an Fhéile Náisiúnta Dramaíochta ‘09 ag teacht go Baile Locha Riach 1-3 Bealtaine - Sean Ó Móranaigh, Eoghan Mac Cormaic, Éamonn Ó Curraoin, Pádraig Ó Baoill, Dymphna D’Arcy, Tomás Mac Lochlainn agus Seán Ó hAodh 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland