16 April 2009 Edition

Resize: A A A Print

'Ba chóir díriú ar stráitéis chun postanna a chruthú' - Ó Snodaigh

Aengus Ó Snodaigh

Aengus Ó Snodaigh

Cháin an Teachta Aengus Ó Snodaigh an buiséad sa Dáil agus dúirt sé nach raibh an Rialtas i ndáiríre faoir postanne a chruthú.
Ag labhairt sa Dáil ar an 8 Aibreán dúirt an Teachta Ó Snodaigh:
“Bhí deis ag an Rialtas buiseád a chur chun cinn a dhéanfadh déileáil leis an gcruachás atá sa gheilleagar faoi láthair agus, chomh maith leis sin, bunús a chur leis an todhchaí atá muid ar lorg agus atá pobal na nÉireann ar lorg, sochaí ina bhfuil cothromas faoi bhun an chórais uilig, seachas an tslí a bhí an córas tógtha ó thús an Stáit, míchothrom agus ar mhaithe le lucht an rachmais nó tacathóirí Fhianna Fáil nó Fhine Gael, cé acu a bhí i réim, a fuair an buntáiste is mó ón Rialtas bliain i ndiaidh bliana.
“Chomh maith leis sin, tá muid ag iarraidh go gcothófar córas faoina dtabharfar aire dóibh siúd is boichte sa tsochaí atá againn, ag déanamh cinnte dóibh go bhfuil na tacaíochtaí acu gur féidir leo saol níos fearr a bheith acu nó ar a laghad go mbeidh saol níos fearr ag a bpáistí.
“Níl faic sa méid a bhí le rá ag an Rialtas inné, an tAire Airgeadais ach go háirithe, chun gur féidir linn muinín a bheith againn go bhfuil an tír ag dul sa treo ceart. A mhalairt de threo atá an Rialtras ag moladh. Tá sé ag moladh go leanfaimid ag tabhairt tacaíochta do bhainc a ghoid ón bpobal sa deireadh thiar. Sin atá ann agus tá an Rialtas seo ag caitheamh amú airgead an phobail chun tacú agus tarrtháil a dhéanamh ar bhainc nach fiú traithnín iad. Ba chóir iad a dhúnadh go bhfaighimid réidh le roinnt acu.
“Ba chóir dúinn díriú isteach ar straitéis chun postanna a cruthú, seachas a mhalairt. Bheadh sé níos éasca dúinn díriú ar chruthú na bpost sin faoi láthair, seachas ullmhú chun breis airgid a íoc dóibh siúd atá dífhostaithe. Sin a tharlóidh anois, beidh breis daoine dífhostaithe againn má leafaimid ar aghaidh leis an Rialtas seo.
“Tabharfaidh mé sampla amháin don Teach. Chuir mé ceist an tseachtain seo caite ar an Tánaiste. D’fhiafraigh mé di cén fáth nár deineadh náisiúnú de SR Technics, comhlacht atá agus a bhí ag déanamh brabúis. Sin comhlacht atá ag déanamh brabúis ach atá á tharraingt siar. Sa chás sin, nuair atá scileanna lucht oibre an chomhlachta gafa leis an gcomhlacht agus nuair nach féidir leo post eile a fháil in aon áit eile sa Stát nó sa domhan agus nuair atá an dífhostaíocht os a gcomhair, ba chóir don Stát seasamh isteach.
“Níor dhein an Stát é sin. Ba chóir don Stát tacú leis na hoibrithe agus náisiúnú a dhéanamh ar an gcomhlacht. Bheadh an Stát ag cosaint na bpost ansin agus ag déanamh brabúis don Stát. Níl spéis ag an Stát ná an Rialtas sa bhrabús sin. Tá siad sásta SR Technics a dhúnadh agus tá sin soiléir. Ní seo an t-aon chomhlacht atá ag déanamh brabúis gur féidir leis an Rialtas tacaíocht a thabhairt dó, nó fiú comhar-chumann a dhéanamh as muna bhfuil sé ag iarraidh seasamh isteach sa tslí seo. Ach in áit sin, tá an Rialtas ag seasamh siar. Sin atá ag tarlú.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland