Top Issue 1-2024

26 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

Aon focal, dhá fhocal, trí fhocal

Chuir mé spéis san abairt Ghaeilge ó Uachtarán SAM, Barack Obama an tseachtain seo caite nuair a d’aistríodh  a mhana toghchána dó agus nuair a dúirt sé na focail ‘is féidir linn’. Trí fhocal simplí, éasca le rá ach a bhfuil – le bliain nó mar sin anuas  – teachtaireacht iontach láidir ag baint leo a deireann gur féidir rudaí a athrú, gur féidir le rudaí a bheith difriúil. Agus fiú le trí fhocal is féidir le go leor leor rudaí a bheith difriúil.
Níl a fhios agam ar dhúirt duine ar bith leis, sula labhair sé, go raibh sé ar tí namhaid a dhéanamh de féin i measc aicme áirithe sa tír seo nach bhfuil bá ar bith iontu don Ghaeilge agus go deimhin atá glan in aghaidh aon cearta ná stádas a bheith ag an teanga sa saol phoiblí, polaitiúil ná tráchtála agus a dhéanfadh iarracht fiú, teorainneacha a chur ar úsáid na Gaeilge sa saol príobháideach dá bhfuighidís bealach le sin a dhéanamh. Do chuid des na daoine seo is í an Ghaeilge féin, seachas aon rud a déarfadh duine trí Ghaeilge atá do-ghlactha: i gcroí-lár an Aontachais Daonlathaigh, mar shampla, tá gráin dí mar theanga sula labhraítear focal ar bith. Agus ní rud nua é seo. Níos mó ná fiche bliain ó shin d’fhoilsigh Roinn an Chultúir leabhrán de chrosfhocail Ghaeilge a chuir muid le chéile sna Blocanna: gnáth chrosfhocail ach iad i nGaeilge, crosfhocail d’fhoghlamóirí, crosfhocail nár bhain le haon téama ach an sprioc simplí an Ghaeilge a normálú ach ní thuisce an leabhar i gcló ná go raibh Gréagóir Mac Cathmhaoil ag scairteadh agus ag leim suas síos ag screadáil faoi IRA crosswords! Níl a fhios agam cad a dhéanfadh sé den abairt Ghaeilge ó bhéal Obama an tseachtain seo caite ach ní dócha gur focail mholta a bheadh ann.
Dream nó struchtúir eile a bhí trom ar an Ghaeilge thar na blianta ná an córas príosúin. Chuir mé spéis in alt Seán Ó Loingsigh in An Phoblacht coicís ó shin ag scríobh faoi bhunú na Jailteachtaí sna Blocanna H agus cé go raibh deis agam cuairt a thabhairt ar ais ar an áit ins an bhliain 2000 agus leath-lá a chaitheamh i nGaeltacht na Fuiseoige i measc seanchairde. Ach bhí taithí éagsúil agam de mheon na n-údarás príosún agus an easpa caoinfhulaing a léirigh siad don Ghaeilge deich agus fiche bliain roimhe sin nuair a bhí grúpa againn ag iarraidh cearta teangan a bhaint amach sna blocanna agus nuair a bhí na bardaigh ag cur cosc ar aon rud a raibh boladh na Gaeilge as ó a chara ag tús litreacha go suaitheantas an Fháinne nó leabhair, nuachtáin, ceol ná a dháth



Mall sna hochtóidí chinn foireann an phríosúin go mbeadh cás cuairte de dhíth leis an cosc in aghaidh an Gaeilge (agus coscanna eile in aghaidh leabhair agus foilseacháin polaitiúla) a shárú agus thosaigh muid ag ullmhú fianaise a bheadh riachtanach don lá os comhair cuairte. Is cuimhin liom ag dul amach ag déanamh clamhsáin lá i ndiaidh lae le rialtóirí – iad ag iarraidh a léiriú nach raibh suim ar bith acu imo chuid ghearáin, iad ag insint bréaga agus ag cumadh constaicí i gcónaí. An bun-líne a bhí acu riamh ná ‘slándáil’ nó bhí a fhios acu (nó ar a laghad chreid siad go raibh a fhios acu) nach mbeadh aon chúirt sásta rialú i bhfabhar príosúnach fad a’s go raibh an príosún féin ag lua an fhocail slándáil mar chosaint. Dá bhrí sin bheadh orainn a chrúthú nach raibh aon nasc idir cúrsaí teanga agus slándáil an phríosúin, fiú má bhí sé mar sin i samhlaíocht chlaonta na mbardach agus rialóirí na Ceise Fada.
Ar ndóigh bhí cuid dena coscanna níos seafóidí ná cinn eile. Cé nach mbeadh sé ‘inghlactha’ againn riamh go ndéanfaí cinnsireacht breise ar leabhar Gaeilge thar leabhar Béarla thuig muid go mbeadh moill ar leabhair Ghaeilge ag teacht tríd an chórais dá mba theideal úrnua a bheadh ann go dtí go mbeadh sé ar liosta na leabhar glanta ag an cinnsire ach is minic a rinne na bardaigh moill ar gach leabhar Gaeilge seachas gach teidéal Gaeilge agus bheadh comradaí ag fanacht míosa ar leabhar teacht tríd an chinnsire agus b’fhéidir an leabhar céanna ag duine éigin eile sa sciathán cheana féin. Agus nuair a dhéanfaimis gearán faoin easpa leabhar Gaeilge sa leabharlann bheadh na húdaráis ag maíomh as an 500 leabhar ‘sa chóras’ idir an córas oideachas príosúin agus an leabharlann. Rinne siad an bréag céanna a insint sna cúirteanna go dtí gur lorg muid liosta na teideal éagsúla agus léiríodh nach raibh ann ach 20 nó 25 teidéal, ach 20 cóip de gach ceann acu!
Lá amháin tháinig an scéal go raibh Nicholas Scott, a bhí ina fó-Rúnaí Stáit ag an am agus freagrach as na príosúin ag teacht ar chuairt. Bhí na bardaigh ag rith timpeall an maidin ar fad ag iarraidh ord a chur ar an áit fad a’s a bhí muidne sa chillín mhór ag ullmhú don deis seo chun ceisteanna díreacha a chur air. Bhí tosaíochtaí ann ag an am: bhí muid buartha faoina comradaithe a bhí a bhogadh ó sciathán go sciathán gach 10 lá (na fir ar ‘leabhair dearg’ mar a thugtaí orthu) agus bhí ceisteanna ann faoi pharól, faoi coinníollacha ar na cuairteanna, agus d’éirigh linn ceist na Gaeilge a  chur ar an liosta chomh maith.



Nuair a tháinig Scott ardaíodh na ceisteanna éagsúla leis. Ina seasamh timpeall air bhí slua bardaigh, bardaigh sinsireacha, cúpla rialóirí fiú, iad ar fad ina dtost ag stánadh air gach am a labhair sé. Díreach cosúil le David Davin Power agus an dream sin ag Ard Fheis Fhianna Fáil. Faoi dheireadh ardaíodh ceist na Gaeilge.
‘Cad chuige go bhfuil cosc ar Ghaeilge sna litreacha?’ a d’iarr muid air.
‘Ní cosc atá ann’ arsa sé, tá cead agaibh focal amháin a scríobh ag an tús agus focal eile a scríobh ag an deireadh’ .
‘Ach ní leor focal amháin’ arsa muid, tá dhá nó trí fhocal de dhíth, mar shampla Dia dhuit, nó slán leat...’
‘Ah’ arsa sé, ‘tá dhá fhocal de dhíth inniu agus ansin tiocfaidh sibh ar ais amárach ag lorg trí fhocal nó níos mó. Bhuel níl Gaeilge ag mo fhoireann (nods of agreement ó na bardaigh) agus ní bheidís in ann trí fhocal Ghaeilge a fhoghlam (nods of agreement all round).
‘In ainm Croim’ arsa muid, ‘tá tú ag rá nach bhfuil na bardaigh seo timpeall ort in ann TRÍ fhocal a fhoghlam?’
‘Tá mé’.
‘Geallaim duit’ arsa guth uainn, ‘ go bhfuil ar a laghad trí fhocal Gaeilge agat féin agus is Sasannach thú’
‘Níl’ arsa sé,’ ach bain triall asam’
‘Tiocfaidh ár lá’ arsa an guth,
‘Touché’’ arsa sé, ‘beidh do thrí fhocal agaibh ó seo amach’.
Agus bhí agus mar a dúirt an fear a dúirt b’fhéidir linn agus ní raibh ach céimeanna agus céimeanna eile ansin go dtí gur bunaíodh an Ghaeltacht. Anois mo chéad cheist eile, cé tá chun cúpla abairtí eile a mhúineadh do Bharack idir anois agus Lá ‘le Phádraig seo chugainn?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland