12 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Céiliúradh Seachtain na Gaeilge don Aos Óg i dTamhlacht

Bhí oíche de shiamsaíocht, ceol, agus rince eagraithe  don aos óg i Citi-Wise, Baile an Mhiontáin ar an 4 Márta 2009  
Oíche beomhar, sultmhar, fuinniúil a bhí ag na daoine óga a d’fhreastal ar cheiliúradh  Seachtain na Gaeilge a d’eagraigh Cumann Markievicz/Ryan/O’Farrell agus Cumann Gaelach Bhaile Átha Cliath an Chéadaoin seo caite in ionad Citi-Wise i mBaile an Mhiontáin in Iarthar Thamhlachta.
Chuir cinnirí agus na daoine óga failte Uí Cheallaigh roimh na éascaitheoirí a chuir séisiún ar bhun dona páistí bunscoile agus dona déagóirí. Bhain na paistí óga taitneamh as an Tráth na gCeist agus an rince agus chuir ceol binn na déagóirí sinn faoi draíocht agus iad ag canadh ‘Cailín na Gaillimhe’níos déanaí. Ach ná bíodh dul amú oraibh. Bhí na déagóirí chéanna lán abálta tabhairt faoi chluiche pócar marfach ansin!
Ionad don aos óg atá i Citi-Wise áit gur féidir leo casadh ar a gcairde agus páirt a ghlacadh i réimse mór imeachtaí ar nós peil, ealaíon, ceachtanna breise agus ceol. Tá daoine óga ag tabhairt faoin Teastas Shóisearacha ann agus bíonn clár reamhscolaíochta á reachtáil ann freisin.
Seans go raibh ionadh ar  aon chuairteoir a bhí ag siúl thar bráid ‘Ó mo Dreoilín’ agus ‘Léim Thart’ a chloisteáil ag búireach ó Citi-Wise ach déarfadh muintir na háite leat go bhfuil borradh faoin nGaeilge i dTamhlacht le blianta fada agus dhá ghaelscoil, gaelcholáiste, naíonraí agus réimse mór imeachtaí trí Ghaeilge ann. Is léir go raibh an suim ag na daoine óga i Citi-Wise sa Ghaeilge agus sa chultúr  agus iad ag tagairt arís is arís eile don spreagadh a thug cuairt Gerry Adams ar Citi- Wise mí ó shin dóibh i dtaobh  usáid na Gaeilge agus an tábhacht a bhain leis an gcultúr.
An mana atá ag Seachtain na Gaeilge i mbliana na ‘Gaeilge Beo agus Gaeilge go Deo’ agus is léiriú suantasach é an oíche seo ar an ról lárnach gur féidir le cumainn glacadh an Ghaeilge a choinneáil ‘beo’ ina bpobal féin.  Deir Sinéad Cooke atá mar iarrathóir sna toghacháin áitúla i dTamhlacht níos déanaí sa bhliain, ‘Tá  ár dteanga dúcháis  fíor thábhacht agus ba chór gach deis a ghlacadh í a usáid agus a spreagadh ní amháin sa pháirtí ach i measc na pobail ina bhfuilimid lonnaithe’.
Comh thionscnamh idir an cumann áitúla Cumann Markievicz/ Ryan/O’Farrell   agus  Cumann Gaelach Shinn Féin Átha Cliath a bhí san ocáid seo a bhí mar thoradh ar rún ag Cruinniú Chinn Bliana Chúige Átha Cliath imeacht trí Ghaeilge a eagrú le linn Seachtain na Gaeilge.
Is iomaí imeachtaí eile trí Ghaeilge a eagraíodh do Sheachtain na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ina measc Tráth na gCeist eagraithe ag Cumann de Barra/Ó Conghaile agus léacht ar shaol Máirtín Uí Chadháin eagraithe ag Ógra Shinn Féin. Is mian leis an gCumann Gaelach tógáil ar an méid seo trí fheasacht i leith tábhacht na Gaeilge don ghluaiseacht  i measc na baill i mBaile Atha Cliath a mhéadú agus tograí praicticúla indéanta a chuir i gcríoch i dtreo  spreagadh a thabhairt  níos mó Gaeilge a usáid.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland