12 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Molann Sinn Féin méadú in úsáid na Gaeilge san Oireachtas

Tá sé molta ag Sinn Féin go mbéadh aontú idir na páirtithe chun usáid na Gaeilge san Oireachtas a mhéadú i 2009. Mar tús ar seo chuir Sinn Féin rún os comhair na Dála ag iarraidh go mbeadh 50% de ghnó an Oireachtais trí Ghaeilge le linn Seachtain na Gaeilge ar 10, 11 agus 12 Márta.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh TD, Aoire Shinn Féin san Oireachtas:
“I mbliana táimíd ag comóradh an Chéad Dáil Éireann agus caithfear cuimhniú go raibh gnó na Céad Dála 90 bliain ó shin go hiomlán trí Ghaeilge. Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil faoi Airteagal 8 den Bhunreacht. Is teanga bheo í taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. In ainneoin sin uile is annamh a chloistear í san Oireachtas.
“Mar sin tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Dáil agus ar an Seanad a bheartúúsáid na Gaeilge a mhéadú i 2009 go céadatán a bheidh aontaithe idir na páirtithe. Táimíd ag iarraidh tús a chur le seo le linn ‘Seachtain na Gaeilge’ sa Dáil agus sa Seanad ar 10, 11, 12 Márta nuair a bheidh gnó 50% trí mheán na Gaeilge.
“Chomh maith le sin táimíd ag iarraidh go mbeadh Ceisteanna chun an Taoiseach trí Ghaeilge amháin sa seachtain seo chugainn.
“Níl anseo ach léiriú gur féidir an dátheangachas a chur i bhfeidhm san Oireachtas agus ní hamháin le linn Seachtain na Gaeilge. Tá súil againn go mbeidh an Rialtas agus na páirtithe uile ag tacú leis an rún seo.”
Ar an Máirt agus ar an gCéadaoin bhí méadú i labhairt na Gaeilge sa Dáil le linn Ceisteanna don Taoiseach inar ghlac Caoimhghín Ó Caoláin páirt ach tá Sinn Fein fós ag fanacht ar fhreagra ó nna páirtithe eile maidir le aontú san Oireachtas.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland