New side advert

12 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ealaíon ó eispéireas an phríosúin

Tugadh cuireadh dom, seachtain ó shin, d’fhreastail ar léiriú den scannán Hunger ag imeacht i bPort Lách i gContae Port Láirge, agus ba cheart domh mo bhuíochas a thabhairt dóibh siúd an d’eagraigh an imeacht, ar dtús agus don slua mór a tháinig amach ar an oíche féin le comóradh a dhéanamh ar na stailceoirí ocrais.
Is scannán thar a bheith cumhachtach é, Hunger, éagsúil ó H3 agus éagsúil ó Some Mothers Son sa bhealach a insíonn sé scéal na stailceanna ach taobh amuigh de sin ar fad tá an scannánaíocht féin éagsúil-ealaíonta go pointe cé nach bhfuil mé ag maíomh go bhfuil aon eolais agam féin ar chúrsaí ealaíne. Tá mé cinnte go bhfuil daoine amuigh ansin i measc lucht léite An Phoblacht a thuigeann eolaíocht na scannánaíochta agus ní nach ionadh gur bhuaigh an scannán gradam áirithe nó cé gur scéal iontach bhrónach atá mar ábhar an scannáin thiocfadh le duine ag breathnú air áilleacht (nó scileanna ar leith) a fheiceáil sa phróiséas scannánaíochta féin.

Radharcanna láidre
Bhí go leor radharcanna sa scannán a spreag mothúcháin láidre ionam ní mór a rá ach musclaíodh cuimhní eile tríd an scannán comh maith, a thóg ar ais mé go dtí laethanta ‘76 go ‘81, idir an comradaíocht, an leadránach fiú agus uaireanta an grinn (nó an íoróin b’fhéidir. Ar mo thuras abhaile mall san oíche sin choinnigh mé radharcanna agus míreanna as an scannán mar chomhluadar an bhóthair uaireanta smaoineamh ag preabadh smaoinimh eile, uaireanta smaoineamh ag rith leis i dtreo difriúil ar fad. Thosaigh íomha amháin mé ag smaoineamh faoi ‘ealaíon’ sa phríosún agus an spéis a chuireann daoine in ealaíon ó phríosúin ar fud an domhain agus ar feadh na gcianta.
Tá traidisiún fada ag cimí poblachtanacha ag cruthú lámhcheardaíochta agus píosaí ealaíne agus tá samplaí feicthe agam ó thíortha eile atá inchurtha lenár gcuid saothair, ag ceiliúradh na frithbheartaíochta ‘faoi ghlas’.  In amannta eile áfach, is iad siúd a chuireann príosúnacht ar dhaoine eile a cheiliúrann a chumhacht – smaoinigí mar shampla des na grianghraif a tháinig as Abu Graib no Cuan Guantanamo agus saighdiúirí Meiriceá ag céasadh príosúnach, agus go deimhin ní pictiúirí taismeacha, neamhfhoirmeálta a bhí ann ach ‘staidiúir’ de phirimid de dhaoine nó a leithéid a chuir fearg agus alltacht orainn.
Ar ndóigh níl aon rud nua faoi grianghrafanna a thógáil de phríosúnaigh, rinneadh é le linn an dara cogadh domhanda, rinneadh é le linn Cogadh na nDubhchrónaigh agus i ndiaidh 1916, agus thar na cianta is iomaí pictiúir a rinneadh de phríosúnaigh agus príosúntach mar rabhadh, mar thráchtaireacht sóisialta agus fiú mar ealaíon. Féach mar shampla ar iairiglifí na hEigipte ó bhuanna agus cogaí a throid na hEigiptigh in aghaidh na hAetóipe: bhí na healíontóirí Eigipte chomhbhrodúil as an bhua, agus as na príosúnaigh a ghabh siad, go ndearna siad patrúin as na figiúirí le gceangailtí muinil, múrnáin agus caol-láimhe. Is beag an difir idir sin agus Abu Graib - ní thugann sé sin maithiúnas d’Abu Graib ach a mhalairt, táispeánann sé nach raibh ciontóirí Abu Graib i ndiaidh aon fhorbairt duineata a dhéanamh ó staid an domhain 5,000 ó shin.

Tréimhse ósréalach
Ach ar mo bhealach ar ais ó Port Lách ní raibh mé ag smaoineamh ar na hEigiptigh, bhí mé ag cuimhneamh ar an phostaer a fhógraíonn an scannáin seo. Ciorcal, á scríobadh ar bhalla an chillín, le cac, agus an éifeacht a dhearaigh an ceamaradóir nó grianghrafadóir sa scannáin de shaghas tollán doimhin,. ‘Sin a thosaigh mo thuras smaointe, nó is maith is cuimhin liom ‘ealaíontóir’ ag teacht isteach sna blocanna timpeall 1980 agus ag fáil camchuairt síos ár sciathán le ballaí na gcillíní a fheiceál agus íomhanna mar an íomha sin a aimsiú i lár na hagóide.
Tréimhse osréalach a bhíodh ann, laethanta na plúide, uaireanta. ‘Seo muid, ceithre chéad corp fornocht, ina luí i gcillíní folaimh, salacha (go deimhin thiocfadh a rá níos salaí ná mar a bheadh daoine in ann a shamhlú) agus an áit ar fad trom le boladh, le foireigeán, le bagairt agus le coinbhlicht: na céadta cimí ina luí ar píosaí ‘foam’ ar urlár na gcillíní, féasóga agus gruaige fiaine, cuid acu nach bhfaca solas an lae le cúpla bliana anuas. Agus i lár na míre seo ar fad bhí, ar feadh tamaill, sraith turais treoraithe ag daoine a bhí, is dócha, ‘perk’ de shaghas a fháil ón Oifig Thuaisceart Éireann agus cead acu cuairt a thabhairt ar na Blocanna H.
Lá amháin, chuala muid trúp na gcosa agus fuaim na n-eochracha ar bharr an sciatháin agus glórtha ag teacht inár dtreo. Bhreathnaigh mé tríd an bearna thaobh an dorais agus ‘seo chugainn roinnt bardaigh shinsireacha agus ina measc fear gléasta a lá bohéme, an t-ealaíontóir. Go tobann stop an mórshiúl ag mo dhoras agus isteach leo. Ósréalachas eile, chruinnigh seisear nó seachtar acu sa chillín, agus ‘léirigh’ an bardach áitiúil, ‘sé sin le rá an bardach rialta a bheadh sa sciathán gach lá, léirigh sé ballaí an chillín don bhoc seo.

Ciall Doimhin Fo-thairseachúil
Labhair sé leis na hoifigigh shinsireacha. ‘Hmm. Tionchar Ceilteach. Ciorcal. Ciall Doimhin Inmheánach. Féachaigí ar na swirls agus na ciorcail...’ Bhí an fear a bhí sa chillín liom agus mé féin ag féachaint ach ealaíon ceilteach ní fhaca muid. Two men looked out through prison bars, one saw mud the other saw stars, is dócha ach bhí mo dhuine ag iarraidh ealaíne. ‘Tá cuid níos fearr ná na cinn seo’ arsa an bardach leis ag tabhairt masla orm i ngan fhios dó féin. Ba léir go raibh an bardach seo i ndiaidh éirí ina eolaí go tobann ar chac agus ceilteachas. ‘O féachaimis orthu mar sin’ arsa an t-ealaíontóir, tar éis roinnt grianghrafanna a thógáil den chac, agus d’imigh siad, shuffling i mbaicle beag ó balla cillín go balla cillín eile, mar a bheadh grúpa ag siúil timpeall ag amharc ar tháispeántáin i ndánlann. Linne níor labhair siad, orainn níor fhéach siad. Ní raibh muid ann, bhí muid dofheicthe.
Blianta i ndiaidh sin d’oscail mé iriseán lá agus seo alt ó mo dhuine ag déanamh anailís ar ‘thionchair cheilteacha ar phríosúnaigh sna blocanna H mar a bhí le feiceáil i bpatrúin fho-thairseachúil a tarraingíodh le cac ar na ballaí’. Ní raibh mo shaothar féin san iris ar ndóigh. Fiú an bardach sin, d’aithin sé go raibh cuid níos fearr i gcillíní eile.

An Phoblacht Magazine

AN PHOBLACHT MAGAZINE:

  • The first edition of this new magazine will feature a 10 page special on the life and legacy of our leader Martin McGuinness to mark the first anniversary of his untimely passing.
  • It will include a personal reminiscence by Gerry Adams and contributions from the McGuinness family.
  • There will also be an exclusive interview with our new Uachtarán Mary Lou McDonald.

Buy An Phoblacht magazine here

test


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group