Top Issue 1-2024

5 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

 

 

 

 

 

 

Tús Sheachtain na Gaeilge 2009

Mar chéim eile i dtreo lárnú na Gaeilge in obair an pháirtí agus léiriú ar an choimitmint atá ag Sinn Féin do chur chun chinn na Gaeilge cuireadh tús, maidin Dé Luain, le rannpháirtíocht Shinn Féin féin in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le seoladh lámhleabhair ‘Gaeilge Riachtanach do ghníomhaithe Shinn Féin’ in oifigí Shinn Féin in Stormont.
 Ag labhairt i ndiaidh na  hócáide dúirt Gearóid Mac Adaimh BP, CTR, gur mhaith leis ‘moladh agus comhghairdeas a thabhairt do gach duine anseo, ar fud na hÉireann agus thar lear atá ag ceiliúradh ‘Sheachtain na Gaeilge’.
Is é an chúis atá le Seachtain na Gaeilge cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a cheiliúradh le ceol, le spórt agus i ndóigh ar bith eile. Beidh baint ag scoileanna, gnólachtaí agus ag an phobal féin le himeachtaí fud fad na tíre le linn na tréimhse idir tús Mhárta agus Lá ‘le Phádraig’.

Amchlár imeachtaí
Dúirt sé go dtugann Sinn Féin tacaíocht do Sheachtain na Gaeilge. Tá an páirtí ag déanamh mar atá na mílte eile - idir ghrúpaí agus daoine aonair - ag déanamh: “tá roinnt imeachtaí socraithe againn thar an choicís” ar sé agus luaigh sé, mar shampla, go mbeidh
•    Nochtadh múrphictiúir ar an tSeanbheairic i mBaile Andarsan maidin amárach.
•    Maidin caifé againn anseo in Stormont Dé Máirt seo chugainn
•    Dianchúrsa sna Rodaí’s De Sathairn
•    Oíche chraic againn le Bairbre de Brún sa Chultúrlann
Ag tagairt d’imeacht na maidine in Stormont dúirt sé go raibh “an lámhleabhar beag seo lán de théarmaí atá úsáideach i saol an pháirtí. Glacadh le roinnt moltaí ag an Ardfheis an tseachtain seo caite agus is am maith dúinn ansin an leabhrán seo a sheoladh. Tá daoine ag obair ar an dara leabhar cheana agus beidh sé againn roimh dheireadh an tSamhraidh.”
Dúirt Mac Adaimh go gcreideann Sinn Féin sa teanga. Mhínigh sé gurb í an fhís atá ag Poblachtánaigh páirtí dátheangach a chruthú, chomh maith le sochaí dhátheangach. “Tá a lán obair maith déanta le blianta anuas go háirithe sa tuaisceart. Tá sé ar intinn ag Sinn Féin tógáil ar an obair agus leanúint ar aghaidh léi, agus an teanga a fhorbairt agus a chosaint.” Dúirt sé go raibh an páirtí ‘daingean’ air seo.

Coimitmint don Teanga
“Tá obair den scoth déanta ag Airí Shinn Féin, go háirithe Caitríona Ruane, an tAire Oideachais a bhfuil a lán déanta aici don Ghaelscolaíocht.”
Dúirt sé go raibh ‘ceist ceart’ ann chomh maith. “Ba cheart go mbeadh na cearta céanna ag lucht na Gaeilge agus atá ag gach duine eile. Ba cheart go mbeadh lucht na Gaeilge ábalta a saol a chaitheamh trínár dteanga dhúchais - ar obair, ar scoil nó sa bhaile.
“Ba cheart go mbeadh fáil acu ar sheirbhísí an rialtais, sin an fáth a bhfuil Sinn Féin ag troid ar son Acht na Gaeilge. Caithfidh go mbeidh na cearta seo slán faoin dlí. I gcásanna eile nuair atá teanga i mbaol déantar í a chosaint le hacht teanga.”
Ag moladh phobal agus ghrúpaí na Gaeilge dúirt sé gur chreid sé go mbeidh fás ar an Ghaeilge ach nach mbeidh sé mar gheall ar dhlíthe, ná Acht na Gaeilge, nó fiú tacaíocht ó Shinn Féin. “Beidh fás ar an Ghaeilge mar gheall ar an neart agus bhrí agus fócas phobal na Gaeilge agus ghrúpaí na Gaeilge féin,” ar sé.
“Amharc ar an mhéid atá déanta ag an phobal seo go dtí inniu. Ní raibh Acht na Gaeilge de dhíth le haghaidh na dtograí tithe, na Gaelscoileanna, na ranganna do dhaoine fásta agus an bunadh Gaelach. Tharla sé mar gheall ar na múinteoirí is teaghlaigh, mar gheall ar na gníomhaithe teanga agus na daoine a thosaigh agus a d’fhorbair feachtais teanga. Táimid uilig go mór i bhfiachas dóibh inniu.”

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Peter Lynch ó Bunscoil An tSleibhe Dhuibh agus Seanna Breathnach Sinn Féin Roinn an Chultuir 

 

 

Raidió Rí Rá ón Idirlíon go FM

I measc na mbuanna nua i mbliana i Seachtain na Gaeilge tá an stáisiún Raidió Rí-Rá ag bogadh ó sheirbhís lán-idirlín go seirbhís ceithre chathair, nuair a thosaigh sé a chraoladh ar 100.3 FM i mBaile Átha Cliath; 106.7 FM  i gCorcaigh; 99.1 FM i nGaillimh; 105.5 FM i Luimneach  agus an tseirbhís nua seo geallta don tréimhse 1-22 Márta 2009. Seoladh an tseirbhís go hoifigiúil Dé Máirt 3 Márta ag ógfhoireann an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg i dteannta aíonna speisialta agus ceithre phreasócáid éagsúla ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

1,500,000 éisteoir
Meastar go mbeidh teacht ar níos mó ná milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta, agus is é an craoladh sealadach seo “an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM,” dar le Julian de Spáinn, Comhrúnaí Raidió Rí-Rá.
Is í Linda Bhreathnach, aisteoir cláir mór le rá Gaeilge Ros na Rún agus Seacht, a sheol an tseirbhís FM i nGaillimh ag ócáid i nGaelscoil Mhic Amhlaidh agus dúirt sí: “Mar gheall go bhfuil áit chomh mór sin ag na meáin chumarsáide inár sochaí, agus i saol daoine óga go háirithe, is cóir go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach de sin. Déanann Raidió Rí-Rá freastal ar Ghaeilgeoirí óga na tíre tríd an gceol is fearr leo a  sheinm gan stad leis an gcaint ar fad trí Ghaeilge ar an stáisiún.’

Tonnta gan teorann
Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM buíochas le ceadúnas sealadach ilchathrach a bhronn Coimisiúin Craolacháin na hÉireann air. Tá an tseirbhís FM Rí-Rá curtha ar fáil le tacaíocht ó Samsung agus le cabhair ó Chonradh na Gaeilge. Ar ndóigh, tá Samsung aitheanta mar chara don teanga le tamall anuas ó sheol siad an guthán Tocca, ar a bhfuil tuarthéacs Gaeilge, i 2008. Tá plé ar bun acu i láthair na huaire leis an seirbhis sin a chur ar fáil ó thuaidh chomh maith leis an dlínse ó dheas ach de reir tuairiscí ní aithníonn Raidió Rí-Rá teorainn nó tá fáil ar comhartha Bhaile Átha Cliath chomh fada le hArd Mhacha.
Chomh maith le cláir amhail PopNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar líne ag www.RaidioRiRa.ie, tá seónna beo á gcraoladh trí mheán na Gaeilge, mar aon le cláir speisialta curtha i láthair ag leithéid Chlíona Ní Chiosáin, príomhcharachtar sa tsraith teilifíse Aifric a bhuaigh gradam IFTA le déanaí. Tá an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre á lua ar Rí-Rá gach uair a chlog agus tá deis ag éisteoirí iarratais cheoil a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag [email protected], agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig 00 353 85 1328000 le linn an chraolacháin bheo. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland