Top Issue 1-2024

26 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

 

Fás in ionad báis

Tá sé de nos agam súil a chaitheamh ó am go ham ar an seirbhís iontach a chuireann Comhdháíl Náisiúnta na Gaeilge ar fáil ar a suíomh gaelport.com ina mbíonn na gearrthóga laethúla as nuachtáin a bhaineann le gné ar bith de shaol na Gaeilge. (Gearán amháin a bheadh agam nach mbíonn trácht ar an suíomh riamh do leathanaigh Ghaeilge an pháipéir seo, ach ‘sin scéal eile do lá eile). Cibé scéal bhí lá ann an tseachtain seo nuair a bhí srith cinn-línte Béarla faoi chaibidil, ina measc siúd:
It’s official – Gaelic is a ‘threatened’ language.
Battle over Irish translations in court.
Costs of translating into Irish hardly ‘astonishing’.
‘An cupla focal’ now a dying breed.
Languages facing wipeout.
Mhothaigh mé faoi bhagairt, nó is léir go bhfuil ‘bagairt’, ‘bagairt díothú’ agus ‘bás’ i ndán do mo short:  Gaeilgeoirí. Ach ansin, bhí ábhar dóchais ann domh nó tá rud ar leith tugtha fa’ dheara agam thar na blianta faoi shaol na Gaeilge atá ina chúis ghearáin agus ina chúis cheiliúrtha domh ag an am céanna. An double booking.

Coimhlintí dátaí dosheachanta
 Ag deireadh Mí Márta beidh mé i nGaoth Dobhair ag freastal ar buaic-imeacht Ghlór na nGael agus tá mé i ndiaidh seachtainí a chaitheadh ag déanamh teagmháil le grúpaí ar fud na tíre a bheidh ag freastal ar an imeacht sin - ach ‘seo an rud: In go leor leor áiteanna éagsúla beidh imeachtaí, féiltí, léachtanna srl ar súil an deireadh seachtaine céanna agus leis an fhirínne a rá ba chuma an deireadh seachtaine sin nó deireadh seachtaine eile, beidh coimhlint ann idir an imeacht náisiúnta (Ard Fheis an Chonartha, an tOireachtas, Cruinnithe Cinn Bliana agus araile) agus imeachtaí áitiúla. Tá coimhlintí mar seo dosheachtanta i dteanga atá beo, bríomhar.
Agus léiríonn sé sin an taobh eile den scéal ó na cinnlíntí duairceacha thuas luaite atá ag tuar deireadh ré don teanga. I ndairíre nuair atá obair phraichticiúil ar an talamh á tomhas, seachas teoiricí treochtanna, tá an teanga ag fás.
Dála an scéal ‘sé an ‘clash’ atá ag tarlúint ag deireadh Márta ná Féile Raifteirí i mBaile Locha Riach. Tá liosta iontach ceoltóirí agus oirfidigh curtha le chéile ag Pádraig Ó Baoill don deireadh seachtaine, ina measc siúd Máiréad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Joe agus Ann Conroy Burke, Treasa Ní Cheannabháin agus go leor leor eile.
Is fiú súil a chaitheadh ar www.lochariach.com/feileraift.html - mura bhfuil tú de dhíth i nGaoth Dobhair tá sé deacair a sárú de dheireadh seachtaine a shamhlú.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland