Top Issue 1-2024

19 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Gaeilge agus Gàidhlig

Bhí mé thall I nDún Eidinn um Nollaig lenár mbeannachtaí a thabhairt ar na gaolta ar an taobh sin den teaghlach agus ar ndóigh bhí ceiliúradh Hogmany nó Oidhche Challainn ann cé gur mhó Lallans atá acu ná Gàidhlig. An lá dar gcionn, Là na Bliadhn’ Uire féin, bhí mé ag fanacht I scuaine I mbialann Indiach (bia traidisiúnta mar dhea... ar bhlas tú haggis riamh?) nuair a thosaigh fear comhrá liom. Thuig sé as mo ghuth gur as an tuaisceart domh, arsa sé, agus I ndiaidh dó fadhbanna 800 bliain na tíre seo a réiteach (ina abairt nó dó) d’inis sé domh gur ‘leath-Éireannach’ a bhí ann féin: ‘Mc Dickie, arsa sé, ‘sin an sloinne a bhí ar mo shin sean-athair. Tá mé cinnte go raibh ach is beag tagairt atá ann dóibh anois, na Mc Dickies sin a d’éalaigh mar theifigh ón bochtanas sa tír seo agus a chuir fúthu I measc a gcolcheathaireacha Ceilteacha thall in Alban mar a mhínigh sé stair a mhuintire. Gheall mé leis go lorgóinn iad an chéad uair eile go raibh mé sa bhaile.
 
Tubaiste Kirkintilloch
Chuir an comhrá i gcuimhne domh, áfach go bhfuil go leor nascanna idir an dhá thír agus is minic in mo chuid oibre a tagaim  i dteagmháil le grúpaí agus daoine aonaracha atá ag iarraidh tógáil ar na nascanna tríd an ceoil, na hamhráin, an filíocht agus na teangacha féin. Aisteach go leor, níl na nascanna seo teoranta do na contaetha ó thuaidh in Éirinn agus cé go raibh go leor cumarsáid tráchtála, agus aistriú oibrithe agus teaghlaigh idir na contaetha Uladh go hAlban tá áiteanna eile sa tír ina bhfuil nascanna stairiúla ann le bailte beaga in Alban i gcónaí. Cuimhnigh, mar shampla ar an nasc idir Oileán Acla I Maigh Eo agus tubaiste Kirkintilloch nuair a fuair deichniúr fear óg bás i dtine i mbothán sa bhliain 1937 agus iad in Alban ag tochailt prataí.   Deichniúr as ceantar beag iargúlta in Iarthar na tíre seo ach níos mó ná seachtó bliain níos déanaí bíonn comóradh agus cuimhneachán díobh siúd a fuair bás agus cé nach mbíonn an cineál sclabhaíochta céanna ar súil sna laethanta seo tá nascanna níos láidre, ar bhonn pobail agus sochaí anois idir Acaill agus Kirkintilloch b’fhéidir ná má a bhí sna tríochaidí.
Ar ndóigh ní bhíonn gach nasc bunaithe ar caoineadh agus tragóid, agus na laethanta seo is ar bhonn sóisialta agus comhoibriú a bhíonn cuid mhaith den ghníomhaíocht ag fás. Tóg mar shampla suntasach amháin na nascanna atá cothaithe idir muintir Phobal an Chaistil, grúpa Gaeilge a bhaineann leis an Ghaelscoil i mBaile an Chaistil i dtuaisceart Chontae Aontroma agus muintir Oileán Íle in Alban, nó an nasc a cothaíodh idir Carn Tóchair i gContae Doire a d’eagraigh deireadh seachtaine eolais roimh an Nollaig thar ceann foireann agus mic léinn an Choláiste Triú Leibhéal, Sabhal Mór Ostaig. Tá go leor rudaí cosúil le sin ar súil i rith na bliana.

Nasc trasna na Maoile ag Glór na nGael
Nochtadh dhá bhluirín dea-scéala an tseachtain seo, mar sin, a bheirfidh aitheantas eile do na nascanna seo atá á dtógáil idir na Gaeil sa dhá thír le fógairt dhá chomórtas a chuirfeas leis na iarrachtaí pobail atá ar súil le tamall de bhlianta anuas. 
D’fhógair Glór na nGael an comórtas náisiúnta Gaeilge sa tír seo, go bhfuil comórtas nua acu,  Duaiseanna Cholmcille, a rachaidh chuig an ghrúpa deonach is fearr a fhorbraíonn naisc idir cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus cainteoirí Gàidhlig in Albain.
Is é Colmcille a bheidh ag déanamh urraíochta ar an duais seo i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael 2009. Bunaíodh an comhlacht carthanacht Colmcille sa bhliain 1997 agus bhí sé ar na spriocanna aige i gcónaí naisc teanga agus cultúrtha a chur chun cinn idir pobail an dá theanga. 
Beidh dhá duais de €1,500 i gceist, ceann ag dul don ghrúpa is fearr in Éirinn agus an duais eile do ghrúpa in Albain.
Ag caint ar an togra, dúirt ceannasaí Glór na nGael, Lorcán Mac Gabhann: “Fríd an chomórtas beidh an gréasán teagmhála idir an dá theanga Gaelach seo á láidriú agus á chothú.
“Tabharfaidh na duaiseanna aitheantas d’imeachtaí ina mbíonn Gaeilge na hÉireann agus Albain araon á gcleachtadh. Cuirfidh siad leis an oidhreacht choiteann atá againn.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Colmcille as an tacaíocht atá sé ag tabhairt dúinn, cuireann obair s’acu go mór le hidirmhalartaithe idir an dá tír,” ar sé.
Tá córas moltóireachta á fhorbairt ag Glór na nGael don chomórtas a bheidh bunaithe ar critéir aontaithe agus tuairiscí ó na grúpaí rannpháirteacha ach is féidir a ghlacadh leis go mbeidh an bhéim ar chúrsaí teanga, idir imeachta ina mbíonn deiseanna labhartha agus ar ndóigh ranganna in eachtar den dhá theanga.

Comórtas Filíochta AN CHUAIRT 2009
Níos déanaí sa tseachtain fógraíodh go bhfuil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn arís i mbliana. Ba é anuraidh an chéad bhliain ag an gcomórtas agus ó tharla gur cuireadh an oiread sin spéise ann agus gur ócáid fíor-thaitneamhach a bhí ann shocraigh an Chomhdháil é a reáchtáil arís i mbliana.
Is comórtas filíochta dátheangach atá i gceist: nó trí theangach i mbealach amhain nó ‘sé atá á lorg ó fhilí ná dánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban don chomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.
Anuraidh is go hAlbain a d’imigh an duais nuair a bhuaigh Niall Gordon an craobh lena dhán ‘Rannan na Bliadhna’. Is cinnte go mbeidh gach iarracht á dhéanamh ag filí na hÉireann an duais a thabhairt ar ais go hÉirinn i mbliana.

Deis chun dán a léamh
 Ní ar an focal scríofa amháin atá an comórtas seo dírithe nó mar chuid den moltóireacht, roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr in cibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a d(h)án a léamh ag oíche mhór an Chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn na Cuairte.  Roghnófar buaiteoir an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar duais de EUR 500 air/uirthi, agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine agus san irisleabhar Comhar.
Is scéim sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá ar siúl i mbliana ón 20-25 Aibreán 2009.  Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an gCuairt, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe an dhá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.  I measc na bhfilí agus na gceoltóirí mór le rá a ghlac páirt sa Chuairt cheana bhí Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, agus Floraidh Nic Neill.
I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.
Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoina comórtas seo, (nó faoi imeachtaí An Chuairt), is féidir dul i dteagmháil le Glór na nGael ar líne ag:
[email protected]
nó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar líne ag:
[email protected]


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland