12 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Fógairt duaiseanna Ghlór na nGael

Glór na nGael

Glór na nGael

Craolfar torthaí Ghlór na nGael 2008 beo ar Raidió na Gaeltachta maidin Dé hAoine na seachtaine seo chugainn.
Beidh fógairt na dtorthaí ar chlár Seán Bán Breathnach ag 9.15rn 30 Eanáir.
Is é €60,000 luach na príomh-dhuaise. Inis, Contae an Chláir, a bhuaigh an duais mhór seo do 2007 agus beidh na coistí uile ar cipíní ag fanacht leis an scéal mór arís.
Ina iomlán, bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí deonacha áitiúla Gaeilge timpeall na tíre gach bliain.
Tugann an comórtas aitheantas d’iarrachtaí gach pobal an teanga a chur chun cinn.
Chomh maith leis an chomórtas pobail náisiúnta, beidh duaiseanna speisialta ag dul do na cumainn Ghaeilge is mó éifeacht thar lear.
Daltaí na Gaeilge i Nua-Eabhrac a tháinig sa chéad áit sa chomórtas idirnáisiúnta, Global Gaeilge, do 2007.
Tá comórtas speisialta eile do na cumainn ghaelacha i gcoláistí tríú léibhéal nach bhfuil an mholtóireacht air críochnaithe go fóill.
Fógrófar torthaí ar chomórtas na gcumann galeach sna coláistí tríú leibhéal lár mí Feabhra.
Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ar r.phost ag fiosru@glórnangael.ie.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland