12 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Na meáin trí chéile le socrú simplí

Caitríona Ruane

Caitríona Ruane

LE MARCAS Mac RUAIRÍ

Ní raibh sé riamh de nós ag na meáin comhbhá a léiriú le polasaithe Shinn Féin.
Ní ábhar iontais dúinn mar sin gur thapaigh soláthraithe nuachta ó thuaidh gach deis mí-eolas a fhoilsiú maidir leis na hathraithe atá ag teacht i gcóras an oideachais.
Ar ndóigh, sa lá atá inniu ann, i meon an phobail ní chuirtear mórán iontaobhais sna meáin cibé. Agus cé gur ábhar frustrachais é, ní bhím féin buartha faoi ain-eolas. Tá an pobal cliste go leor.
Fós féin bhí na hionsaithe gan sos ar Aire an Oideachais, Caitríona Ruane, agus níl aon amhras ann gur éirigh leis na meáin roinnt daoine a chur ar a míshuaimhneas.
Ag croí lár na n-ionsaithe ar an Aire tá pleananna Shinn Féin deireadh a chur le éagothroime i gcóras an oideachas, éagothroime a eascraíonn as scrúdú an 11+.
Cuirtear páistí 11 d’aois sna Sé Chontae faoi scrúdú aistrithe le feiceáil an féidir leo dul chuig scoil ghraiméir.  Is cleachtas é a íocann paistí bochta go daor as.
Thug Comhdháil na gCeardchumann le fios an tseachtain seo na difríochtaí scanrúla idir scoileanna graiméir agus meánscoileanna. I scoileanna graiméir i mBéal Feirste ní thagann ach 6% de na mic léinn ó theaghlaigh d’ioncam íseal. Sna meánscoileanna is é 44% an fhigiúr.
Dá bharr seo, tá tacaíocht ag an Aire ó go leor na hEaspaig Chaitliceacha, na ceardchumainn, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí.
Is léiriú suntasach iad na staitisticí thuas luaite ar éagothroime córais a bhuanaíonn bochtanas ó ghlúin go glúin.
Fós féin, deir na meáin linn go bhfuil duine trí chéile. Mar dhuine a bhí tráth ina iriseoir lán-aimseartha le roinnt nuachtáin, in amanna cuirim ceist orm féin an ndearna roinnt iriseoirí eile a scrúdú féin le feiceáil an raibh siad bómánta go leor. Nó an bhfuil siad ceannaithe ag úinéirí na nuachtán lena bpoist a chaomhnú.

Ag cosaint an status quo
Is dócha go bhfuair cuid mhaith dóibh a n-oideachas féin ar scoil ghraiméir. Mothaím nach bhfuil aon duine trí chéile ach ní daoine sin a ba mhaith leo an status quo a chosaint.
Léirigh Sinn Féin fís s’aige deireadh a chur le scrúdú an aistrithe chomh fada siar le mí na Nollaig 2007.
Chuir aontachtóirí agus na scoileanna graiméir go tréan in éadan na moltaí. Tháinig an tAire ar ais chuig an Tionól i mí na Bealtaine 2008 le deis de thrí bliana a thabhairt do na scoileanna teacht i dtaithí ar na hathraithe.
Ó shin amach rinneadh gach iarracht dul i mbun plé leis na scoileanna graiméir agus leis na haontachtóirí. Eagraíodh cruinnithe poiblí agus foilsíodh bileoga eolais. Ní raibh aontachtóirí ná na scoileanna sásta éisteacht
Rachfar ar aghaidh leis na socraithe bunaithe ó threoracha simplí. Beidh iontrálacha ar scoileanna bunaithe ar céimeanna a chinnteoidh cóir shóisialta agus go mbeidh deis chothrom ag páistí de mhíbhuntáiste áit a fháil in aon scoil.
Tar éis sin, tairraingeoidh critéir iontrálacha ar na téamaí seo a leana: siblínigh, an páiste is sine sa teaghlach, bunscoileanna fhriothálacha, paróiste, dobharcheantair agus an scoil chóngarach is fóirsteanaigh.
Tugann na treoracha le fios nach bhfuil iontrálacha bunaithe ar ábaltacht acadúil fóirsteanach. Ní bhfaighaidh scoil ar bith a chuireann critéir acadúil i bhfeidhm aon tacaíocht ó Roinn an Oideachais.
Ní fheictear dom cá bhfuil an trí chéile. Tá an tAire le moladh as an fhód a sheasamh in éadan ionsaithe gan staonadh.
Beidh na glúnta amach anseo buíoch as na hathraithe ceannródaíochta atá ag teacht.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland