Top Issue 1-2024

29 January 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Méar ar an chnaipe

Fadó, fadó ag deireadh na n-ochtaidí ní raibh mórán rogha ag daoine a bhí ag iarraidh fad-teagmháil a choinneáil lena gcairde ach litir a scríobh nó glaoch a chur ar ghuthán (baile, oibre) an duine eile. Deir go leor daoine go raibh muid níos fearr as cé nár thuig muid é sin ag an am, ach bhí athraithe ag teacht, ar ndóigh agus luath sna nochaidí bhí an chéad ‘ghlúin’ de ghutháin póca ag éirí níos coitianta. Beag seans go rachadh cuid des na gutháin seo ido phóca, ní mór a rá, agus bhí díol mór ar sparáin a chróchfá ar do chrois leis an ghléas trom a iompar timpeall leat. Agus nuair a smaoinim faoi sin, an cheangail idir gutháin agus croiseanna bristí, is dócha go raibh níos mó fir ag baint úsáid as gutháin póca sna laethanta sin ná mar a bhí mná.
Tá daoine ann a deir gurb ionann an ‘saoirse’ a thugann na gutháín phóca duinn agus an daoirse nó laincis a chuireann siad orainn nó, roimh teacht an ghutháin bhí saol príobháideach ag daoine, bhí daoine in ann beile a ithe, nuachtán a léamh, fiacla a scuabadh gan du, du du dú-dú, dú dú dú, nó port leictreonach eile ag gairm chun an ghutháin iad chun nuacht (prainneach ar ndóígh) a fháil faoi rud nárbh fhéidir fanach go dtí an lá ar na márach.

Ordóg chomh gasta le cosa Mhicheál Flatley
Ní stadann mairseáil na staire, ar ndóigh, agus ní thuisce an chéad mobile againn ná gur tháinig cinn níos lú, níos fearr ar an mhargadh: d’imigh na cinn analóg agus tháinig na cinn digiteacha. Leis an teicneolaíocht nua cuireadh seirbhís eile ar fáil, an Seirbhís um Theachtaireacht Gearr, an STG nó mar a deirtear sa Bhéarla, an SMS. Rugadh focail nua, téacsáil agus má’s buan mo chuimhne bhíodh dianchomórtas idir na téacsóirí is gasta, cuid acu in ann an ordóg a bhogadh níos gasta na cosa Mhícheál Flatley, go deimhin. Leanann an teicneolaíocht na daoine agus níorbh fhada go raibh ré na hordóige ghasta thart agus go raibh go leor daoine ag úsáid ‘tuartéacs’, córas a ligeadh duit focail a litriú gan iol-chnagadh ar chnaipí an mhéarchláir chun litreacha ar leith a aimsiú.
Nílim ag rá go mbaineann gach uile duine úsáid as tuartéacs.. tá mé cinnte go bhfuil sibh ann nach bhfuil iontaobh agaibh as córas ina mbíonn an teicneolaíocht ag déanamh buile faoi thuairim ar cén focal atá uait.. cuimhnigí ar Spellcheck ar ríomhairí mar shampla a mholfadh haughty in áit Haughey (níl aon rud cearr leis sin is dócha) nó Osama in áit Obama (baolach go leor) nó Sarah Plain in ionad Sarah Palin... Le tuartéacs Béarla is féidir focail éagsúla a chruthú as na cnaipí céanna, mar shampla cén ceannaire páirtí polaitiúil in Éirinn a thiocfadh amach mar Hersy Bebop ar tuartéacs? Freagra chuig 44 Cearnóg Parnell le do thoil.
Ach fiú má tá amhras faoi chuid des na moltaí i spell check, agus cuid débhríochas leis an tuartéacs ní raibh an seirbhís ar fáil do shaol na Gaeilge ar chor ar bith. Bhí orainne, focail a litriú ina iomlán.  D’aithneofá Gaeilgeoirí as fad a n-ordóga téacsála!

Tocca ár lá
Roinnt míonna ó shin seoladh an Samsung Tocca, an chéad guthán le tuartéacs Gaeilge mar chuid dá bhógearraí inmheánach agus tá creidmheas ag dul do Shamsung as ucht an éachta sin. Anois, an tseachtain seo tá an bheim ag bogadh ó dhéantóirí gutháin do sholáthróir seirbhís teileachumarsáide leis an nuacht go bhfuil Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge i ndiaidh os cionn 25,000 focal agus frása a chur ar fáil ní amháin do chustaiméirí Vodafone ach do chustaiméirí ar líonraí eile comh maith, saor in aisce.
Lainseáil Vodafone Ireland agus Foras na Gaeilge a seirbhís tuartéacs an tseachtain seo ag imeacht i mBaile Átha Cliath le cabhair ó Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus iar-chaptaen foirne Chiarraí, agus buaiteoir Craobh na hÉireann sa pheil, Dara Ó Cinnéide.
Ligfidh an feidhmchlár nua de chuid Vodafone (Téacs an t-ainm oifigiúil air)  duit teachtaireachtaí téacs a scríobh ar d’fhón i nGaeilge trí úsáid a bhaint as téacsáil thuarthach i nGaeilge. San áireamh tá na focail is mó a úsáidtear i nGaeilge, chomh maith le hainmneacha, logainmneacha, bailte etc. mar sin is féidir é a úsáid mar bunachar focail comh maith le gléas um thuartéacs.

25,000 focal agus frása ag wap.teacs.ie
Tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil a ngiorrúcháín focail féin acu, teanga téacsa, i mBéarla agus i nGaeilge: an8 mar anocht, nó 7ain do seachtain nó grma do go raibh maith agat. Ní bheidh deireadh leis na giorrúcháin mar gheall ar an seirbhís nua, ach san fheidhmchlár tá corpas Gaeilge cuimsitheach ina bhfuil os cionn 25,000 focal agus frása, rud a chealaíonn an gá giorrúcháin a úsáid, b’fhéidir. De reir an Fhorais ‘cuirtear lántacaíocht ghramadúil ar fáil do na focail Ghaeilge choitianta uile lena n-áirítear na focail le huaschamóga ar nós na mbriathra san aimsir chaite chomh maith le focail a bhfuil fleiscíní iontu’.
Cé go bhfuil an feidhmchlár á chur ar fáil ag Vodafone mar íoslódáil saor in aisce, tá sé ar fáil do gach úsáideoir fóin phóca a bhfuil fáil ar an idirlín aige, agus cuairt a thabhairt tríd an ghuthán féin ar http://wap.teacs.ie/
Tá treoracha simplí ann agus tá sé éascaí iad a leanúint céim ar chéim chun an bógearraí a íoslodáil ar an ghuthán. Agus é suiteáilte, tá an custaiméir in ann Téacs a oscailt agus téacsáil leo i nGaeilge.
Agus sonraí na seirbhíse á bhfógairt, dúirt Carolan Lennon, Stiúrthóir Tomhaltóirí, Vodafone Ireland, “Ciallaíonn tús na seirbhíse nua seo go mbeidh custaiméirí ar mian leo téacsáil i nGaeilge, in ann é a dhéanamh go héasca ar réimse leathan sásanna láimhe. Creidimid go mbeidh tionchar an-dearfach ar úsáid na Gaeilge ag an gcumas atá ann téacsáil thuarthach a dhéanamh i nGaeilge gan aon ghá le teicneolaíocht nua go háirithe i measc daoine óige sa chóras oideachais a bhfuil SMS mar phríomh-mhodh cumarsáide dóibh.”
“Tá ríméad orainn go bhfuil an tseirbhís ar fáil anois saor in aisce mar íoslódáil do dhaoine a bhfuil spéis ar leith acu sa Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann, is cuma faoin líonra lena bhfuil siad agus tá súil againn go rachaidh sí i bhfeidhm go mór ar an nGaeilge agus ar an úsáid laethúil a mbaintear aisti.”
Ag caint faoin tseirbhís, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: “An cur chuige atá ag Foras na Gaeilge maidir le forbairt na teanga ná an fháil atá ar an teanga agus an úsáid a bhaintear aisti a spreagadh agus a chothú. Táimid ag obair le Vodafone le roinnt mhaith blianta le seirbhís téacsála a fhorbairt do chainteoirí le Gaeilge líofa agus do dhaoine a bhaineann úsáid as ‘cúpla focal’ anois agus arís. Leis an tionscnamh seo tá i gceist breis daoine a chumasú le ‘cúpla focal’ a úsáid san aois seo a nglaoitear aois na cumarsáide uirthi.”
Dúirt sé comh maith go bhfuil ‘an Ghaeilge níos sofheicthe i ngach gné den saol anois, agus tugann an tseirbhís seo an deis dóibh siúd a bhíonn ag téacsáil a ngnó a dhéanamh i nGaeilge gan aon stró.’ Céim ar aghaidh gan amhrás don teanga agus áis í seo gur chóir duinn ar fad a chur ar an ghuthán póca.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland