Top Issue 1-2024

18 December 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ag Cuimhniú ar Joe ag am Nollag

Le Seán Ó Murchadha

Cé gur mise an taon buachaill i mo chlann, bhí neart deartharacha agam nuair a bhí mé a tógadh sna ‘70aidí. Duine dóibh siúd ná Joe Donaghy ó Dún Geanainn.
Bhí an cogadh faoi lán seol agus mar gheall ar sin, bhí ar go leor fir óga teacht chuig Muineachán chun éalú ó na Sasanaigh agus leanúint leis an streacailt ón taobh seo den teorann. D’fhan an chuid is mó dóibh tamaill linne in Sráid na Páirce i Muineachán. Níor shíl mé go raibh aon rud ait faoi seo mar b’shin an dóigh a bhí sé ón am ina rugadh mé. Bhí daoine ar nós JB O’Hagan cosúil l’uncail dom ach ba cosúil le deartháireacha a bhí níos sine ná mé iad na lads óga a bhí mar bhaill den mBriogáid Thír Eoghain Thoir. Seo lads nach raibh fiú sna ficheadaí. Cosúil le gach lad den aois sin bheidís ag dul chuig damhsaí ach an am bhí siad difriúil mar bhí siad mar chuid den troid ar son saoirse na hÉireann. Bhí Joe mar shampla den glúin sin. Bhí an-dúil aige in Kris Kristofferson agus thaitin deoch leis. Ag an am céanna bhí sé díograsach sa troid go dtí gur ghabhadh é agus gur cuireadh i bPort Laoise ar feadh tréimhse é.
Ní fhanann rudaí díreach mar an gcéanna sa saol. Bogann daoine ar aghaidh, pósann siad, bíonn a gclanna féin acu. Ní raibh an seans sin ag cuid dóibh mar go raibh an bás in ann dóibh sa bhearna bhaoil nó gur chaith siad tréimhse fada in ngéibheann anseo nó thall i Sasana. Ní raibh sé chomh holc le Joe ach toisc go raibh na Sasanaigh fós ar a thóir ní raibh sé in ann filleadh ar cheantair dúchais s’aige. Phós sé, tháinig páistí agus fuair sé post taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
D’fhan an caidreamh buan le mo dheartháireacha a bhog ar aghaidh agus a bhí anois  socraithe síos timpeall na tíre. Bheidís i dteagmháil linn agus ag teacht ar cuairt, cuid acu go rialta, cuid eile ó am go chéile. Bheadh Joe anseo go rialta. Cé go raibh cónaí air i gCondae na Mí agus a chlann féin aige anois ba é Muineachán an áit ina chroí ar a d’fhill sé i gcónaí.
Ar Oíche Nollag bhí sé de nós ag mo chlann uilig dul chuig aifreann meán-oíche. Bheadh lá fada caite againn ag ullmhú do Lá Nollag. Tar éis an Aifreann bheadh muid scriosta agus réidh don leaba. Ach ansin thart fá leath i ndiaidh a haon ar maidin bheadh cnag ar an gcúl-doras agus bheadh Joe Donaghy agus a chara Barry Mac Hugh ag seasamh ansin, lán le piontaí agus fonn chéilí lena sean-chairde orthu. B’shin deireadh l’aon phlean a bhí againn chun a bheith suas luath maidin Nollag. Rachadh an caint ar aghaidh ar feadh cúpla uair, muid ag dul thar chuimhní agus ag plé an áit ina raibh an streachailt faoi láthair. I ndáiríre bhí áthas an domhain orainn Joe a fheiceáil, cé go mbeadh orainn gach rud a chur siar ar feadh uair nó dhó. Tarlódh an eachtra seo achan bliain agus bhí sé mar dlúth-chuid den Nollaig i Sráid na Páirce.
Fuair Joe Donaghy bás den ailse i 1993. Tá sé ar ais abhaile ina Thír Eoghain dhúchais, curtha sa reilig i nDomhnach Mór, taobh amuigh de Dún Geanainn. Thaispeán na Sasanaigh cé chomh eaglach a bhí siad fós roimh Joe leis na scór póilíní a bhí ag faire taobh amuigh den reilig ar lá a shroicraid.
Ar an Nollaig seo, beidh mé ag súil le mo thuistí is mo dheirfiúracha a fheiceáil agus beidh mé ag smaoineamh faoin mbliain atá amuigh romhainn. Ach chomh maith le sin beidh mé ag smaoineamh faoin am atá thart agus ag cuimhniú ar Joe.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland