Top Issue 1-2024

4 December 2008 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Sinn Féin 2008

Mairtín Ó Meachair ag caint faoi ceangailt Phadraig Mac Piarais le ceantair Ros Muc ag Teach an Phiarsaigh

Mairtín Ó Meachair ag caint faoi ceangailt Phadraig Mac Piarais le ceantair Ros Muc ag Teach an Phiarsaigh

Bhí Slógadh Sinn Féin lonnaithe sa Spidéal 28ú - 30ú Samhain, an deireadh seachtaine seo chaite ansin. Caithfear rá nach raibh na huimhreacha céanna ann i mbliana ‘is a bhíonn de gnáth. Bhí sé iontach mall, tá an ceantar seo iargúlta go leor mar atá ach nuair a bhíonn tuar aimsire ag insint dúinn go mbeadh sioc, sneachta agus eile bhuel níor chuidigh seo linn.
Ach baineadh an taitneamh as cibé ar bith, agus na daoine a bhí i láthair ag maoimh gur chóir go mbeadh imeacht beag mar seo socruithe againn amach anseo!
Thosaigh an deireadh seachtaine l’ Eoghan Mac Cormaic ag labhairt fá forbairt Sinn Féin agus sealbhú na Gaeilge sna ceantair Gaeltachta.
Labhair Eoghan Mac Cormaic faoi ‘Rannpháirtíocht agus traspháirtíocht’ ar cheist na Gaeilge. Dúirt sé gur minic sna laethanta roimh 1994-98, nuair a bhí coscanna agus imeallaú agus diabhalú mar mhodh oibre an lae ag páirtithe eile in aghaidh Sinn Féin gur mhinic go raibh talamh coitianta faighte ag gníomhaithe áitiúla teanga ar cheist na Gaeilge.
‘Fiú nuair a nach raibh polaiteoirí i bpáirtithe rialtais sásta labhairt linn, bhí aitheantas faighte againn i measc lucht na Gaeilge agus uaireanta bheadh polaiteoirí o Fhine Gael , Fianna Fáil, Lucht Oibre srl sásta comhoibriú linn ar fheachtais teanga.

Ceist náisiúnta  í ceist na Gaeilge.
Dúirt sé gur chóir do phoblachtanaigh aithint gur chuid den cheist náisiúnta  í ceist na Gaeilge. ‘Thiocfadh linn an cheist seo a dhéanamh comh thírghrách (agus nach bhfuil go leor ag baint mí-úsáid as an focal sin le deireannas) agus a bhí ceist na críochdheighilte’ arsa sé. ‘Molaim brod agus molaim tírghrá a lua am ar bith go bhfuil ceist na Gaeilge a phlé nó tá na gnéithe seo dar meanma fite fuaite le chéile ach sin a aithint’.
Taobh leis sin ba chóir don Ghaeilge a bheith aitheanta mar chuid den chlár cearta.’Luaim, mar shampla, duine sa Ghaeltacht nó sa tír ag teacht chuig Oifig an Phoist áitiúil. Faoin na dlithe rochtana bheifeá ag súil nach mbeadh céim ann le stop a chur le duine ar cathaoir-rotha, mar shampla, go mbeadh rampa ann a ligfeadh do cách úsáid a bhaint as na seirbhísí. Bhuel, dar liom, ba chóir go mbeadh an inrochtanas ceann ann ar cheist teangan agus mura bhfuil ba chóir do chumainn Sinn Féin a bheith gníomhach ar an cheist, an ceist cearta seo’.
Mar chuid de phróiséas Gaelú an Pháirtí caithfhimid amharc ar thréithe de Pháirtí Gaelach agus an cheist a chur orainn, an bhfuil na tréithe sin ag Sinn Féin fós mar pháirtí áitiúil agus mar pháirtí náisiúnta.
Is ceisteanna bunúsacha atá agam anocht ach ní mór an próiséas a thosú leis na ceisteanna ginearálta sula mbeidh muid in ann tabhairt faoi na saincheisteanna. An bhfuil Sinn Féin - agus baill de Shin Féin - rannpháirteach le saol na Gaeilge? An bhfuil cumainn Sinn Féin ag déanamh a cuid ghnó tríd an Ghaeilge.

Sinn Féin agus Saol na Gaeilge
An bhfuil Sinn Féin ábhartha i Saol na Gaeilge nó an bhfuil saol na Gaeilge ábhartha nuair atá gníomhaithe Sinn Féin ag ullmhú polasaithe/straitéisí?
 An bhfuil meas againn do shaol na Gaeilge agus an bhfuil meas ag saol na Gaeilge orainn
An dtugaimid tacaíocht do mhórcheisteanna agus d’fheachtais Gaeilge?
Baineann na ceisteanna seo le cumainn ar fud na tíre ach is léir go bhfuil athshondas ar leith le ceisteanna mar seo nuair atá cumainn Ghaeltachta i gceist nó cheapfá gurbh ann, sa Ghaeltacht, a mbeadh na gníomhaithe teanga is réadúla le fáil ach is minic go leanann cumainn Ghaeltachta  ‘aicearra’ an Bhéarla ina ngnó polaitiúil chun ligint do dhaoine gan Gaeilge a bheith páirteach i ngnó an chumainn.
Botún bunúsach atá ann, dar liom, nó ó mo thaithí tá go leor leor daoine amuigh ansin nach labhrann Gaeilge ach a thuigeann Gaeilge. Comh maith leis sin tá daoine ag fanacht go foighdeach orainn, na Gaeilgeoirí, cuidiú agus fiú spreagadh a thabhairt dóibh agus in ionad a bheith ag tiontú ar an Bhéarla b’fhearr leo go leanfaimis ar aghaidh leis an Ghaeilge agus deis a thabhairt dóibh cleachtadh a dhéanamh. Creid nó na creid, is annamh a bhíonn foghlamóir nó comrádaí ag iarraidh Béarla a bhrú – is minic a bhíonn an Gaeilgeoir níos ciontaí as an peaca áirithe sin ná an Béarlóir!
Maidin Dé Sathairn bhí comhra againn fá na tograí atá beartaithe ag Roinn an Chultúir don athbhliain (tuilleadh eolais le teacht) agus an polasaí chun an teanga a neartú go hinmheánach.
Ansin d’imigh muid ar thuras go Ros Muc agus bhí tráthnóna suimiúl againn i dTeach an Phiarsaigh.

Gradam na Poblachta
Tar éis dúinn teadh suas arís i dTí Mhicó d’fhill muid ar an óstánn le greim bia, Gradam na Poblachta do Shéamas Mac Cathmhaoill as Tír Eoghain a d’éalaigh  as Long Kesh i 1983 agus atá ag obair sa chumann Gaeltachta i gConamara anois.
Ansin thug Máirtín Ó Cadhain as Baile Átha Cliath, neacht leis an laoch féin, léacht ar Óglaigh na hÉireann i gConamara le linn Chogaidh na nDúchrónach.
Léacht binn beacht a bhí le hinsint aige agus thaitin sé go mór leis an slua.
Dhírigh muid isteach ar cháthair Gaillimhe ansin, chuig Árus na nGael mar a rinne muid ranganna Damhsa Sean-nós. Thig le daoine bheith cinnte de, cé chomh eifeachtach is a bhí an múinteoir Uí Hopkins, ní bheidh Comórtas an Oireachtais ag dul i dtreo Sinn Féinigh an bhliain seo chugainn!
Bhí dioscó Ceol Domhanda againn ina dhiaidh agus cé go raibh daoine inár measc mífhoighdeach leis na céimeanna rinnce seannós a chleachtadh níor éirigh ach le duine amháin againn Éimear ní Mhurchada ábalta dó ar an oíche.
An maidin dár gcionn d’éist muid le léacht chuimhneacháin spreagúil ó Seán – Mháirtín Ó Cadhain as Conamara ar a uncail agus an saol a bhí aige i nGluaiseacht na Gaeilge agus san IRA.

An Rinceoir Padraig Ó hOibicn ag muineadh rang sean nos do mhuintir an tSlógadh 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland