20 November 2008 Edition

Resize: A A A Print

Plean don Ghaeilge do 2028? Cuimhnigh ar 1958

Tomás Ó Fiaich

Tomás Ó Fiaich

Le Seán Ó Murchadha

Tháinig an deis dheireanach don phobal a dtuairimí a nochtadh maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar Oíche Shamhna ag cruinniú poiblí i lár Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh. Seo straitéis a ghlac Rialtas an Deiscirt chun sprioc de 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bheith sa tír faoi 2028.
Faoi láthair tá obair mhaith déanta ag an gcoiste a bhfuil an phlean faoi stiúir acu. Tá neart cruinnithe tar éis a bheith acu timpeall na tíre agus dréachtcheisteanna curtha os chomhair an phobail. Anois tá na cruinnithe tagtha chun críche, cuirfear dréachtstraitéis le chéile agus táthar ag súil go gcuirfear an straiteis faoi bhráid an rialtais roimh dheireadh na bliana.
Fairplé do Rialtas an Deiscirt a deir tú. I lár thréimhse na gciorruithe tá aisling agus radharc fadtéarmach á dtaispeáint ag an rialtas ó thaobh na Gaeilge de. Cinnte, caithfimid bheith cinnte nuair a labhrann siad faoi 250,000 cainteoir a bheith sa tír i 2028 go bhfuil siad ag caint faoin tír iomlán seachas an deisceart mar a d’ardaigh Eoghan Mac Cormaic ag an gcruinniú phoiblí dheireanach i gCorcaigh. Seachas sin, fairplé chun plean cuimsitheach a chur le chéile don chéad uair chun an Ghaeilge a athbheochan.
Ach ní hé seo an chéad iarracht agus ba cóir dúinn foghlaim ó cad a tharla ag deireadh an phróisis sin. 50 bliain ó shin, ceapadh an tAthair Tomás Ó Fiaich mar chathaoirleach ar Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge. Dúirt an Taoiseach ag an am, de Valera: “Ní gá dom labhairt ar thábhacht an chúraim a leagadh oraibh, ná ar an bpráinn a bhaineann leis.”
Ag deireadh an phróisis d’fhoilsigh an Coimisiún tuairisc de 500 leathanach.
Bhí 288 príomh-mholadh ag an gCoimisiún ag plé le gach uile réimse a bhain leis an tsochaí agus an stát.
Agus cad a tharla do na 288 moladh a chuireadh os comhair an rialtais?
Seo an rud bhí le rá ag Tomás Ó Fiaich faoin rud uilig agus é ag caint ar Raidió na Gaeltachta roinnt blianta i ndiaidh an Choimisiúin: “Tá mé díomách maidir le Coimisiún na Gaeilge, cinnte. B’fhéidir gur fhreastal mise ar 150 cruinniú. Iarracht ionraic a bhí ann an plean a chuirfeadh an Ghaeilge chun tosaigh. Ghlac an Rialtas leis agus d’fhoilsigh siad Páipeár Bán. ‘Déanfar seo’ nó ‘Déanfar iarracht ar é seo a chur i bhfeidhm’– ach taobh istigh de bhliain nó dhó bhí dearmad déanta faoi ar fad.”
B’fhéidir go bhfuil rudaí athraithe an uair seo ach is den tábhacht nach ligfimid do Rialtas an Deiscirt sleamhnú siar ar a ndualgais. Faoi láthair tá daoine amuigh ar na sráideanna ag agóidíocht i gcoinne na gciorruithe atá sa bhuiséad. Seans maith go mbeidh orainn rud mar an gcéanna a dhéanamh ar son Phlean 20 Bliain. Ní hé seo 1958. Níl ‘déjà vu’ de dhíth orainn.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland