Top Issue 1-2024

20 November 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Poppy Daze 

Bhí mé ag cóisir breithlá cara liom an tseachtain seo, Comhairleoir de chuid Shinn Féin, agus mall san oíche thug duine den chomhluadar uillinn sna easnacha dom. ‘’Bhfeiceann tú an bhean thall ansin; tá sí ag caitheamh poppy!” Bhuel, bhí sé chomh haisteach le luachra ar éadan i Halla Oráiste an poipín seo a fheiceáil ag cóisir Shinn Féin, ach sa dheireadh ní raibh bunús leis an ráfla. Cnaipe mór, dearg, ornáideach ar a ghúna a bhí ann ach léirigh sé dom go bhfuil níos mó ná mise airdeallach faoi cheist na bpoipíní.  Bhí an fhadhb chéanna againn cúpla seachtain ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe i gCorcaigh don Oireachtas agus Conradh an Gaeilge ag tabhairt lipéad amach deas, clé agus lárnach . . . lipéid dhearga, chiorclacha, macasamhail blátha . . . shíl mé go raibh na conraitheoirí i ndiaidh a gcuid céille a chailliúint go dtí go bhfaca mé gur sluaghairm ar son na Gaeilge a bhí ann.

Ní hionann 1914 agus 2008
Buíochas le Dia go bhfuil an ráithe caite na bpoipíní beagnach thart arís anois nó ar feadh cúpla seachtain anuas bhí an diabhal bláth le feiceáil ar fud na háite. Ná habair liom go mbaineann sé le ‘cuimhneachán’ amháin: tá jingo ag baint leis chomh maith. Bhíodh an domhan ina gcónaímid roinnte, tráth, ina dhá chuid: iad siúd a chaith Poipín le linn Mhí na Samhna agus iad siúd againn nár chaith agus nach gcaithfeadh. Níor bhain an Cogadh sin linn. Mar a deir an t-amhrán Gallipoli ‘you fought for the wrong country, you died for the wrong cause’. Ach le blianta beaga anuas tá iarrachtaí ar bun siombail an phoipín a thabhairt isteach go gnáthshaol na tíre seo agus ní hé go bhfuil Éireannaigh faoi éide na Breataine i 1914-18 (agus 1939-45) á ‘gceiliúradh’ ach is beag seachtain anois nach mbíonn alt ó agallamh ann le saighdiúirí ‘Éireannacha’ in Arm reatha na Breataine.  
Thig le díospóireacht a bheith againn faoi na fórsaí eacnamaíochta agus na bréaga polaitiúla a dhíbhir agus a mheall Éireannaigh isteach in Arm na Breataine i 1914 ach ní hionann na hargóintí sin agus coinníollacha eacnamaíochta sa bhliain 2008.
Níor chuir sé ionadh orm Ed Walsh a fheiceáil ag caitheamh poipín ar Questions and Answers, ach go deimhin chuir sé ionadh orm nach raibh daoine eile ar an phainéal ag déanamh amhlaidh.
Is cineál de spórt atá ann ag an am seo den bhliain ‘poppy spotting’, cé a chaitheann agus cé a sheasann an fód. Ar ndóigh, tá gné sheicteach ann, nó ní thugann éinne fa’ dheara é nuair atá Wendys, Windsors agus Williams ag taispeáint a ndílseachta ar an Beeb nó ITV ach dá leanfadh Eimear, Eibhlín ná Eoghan a sampla . . . Raic!

Athrú fáthanna ar chaitheamh an Phoipín
Agus fiú leis na hiarrachtaí ionraice chun fulaingt agus íobairt Éireannach sa chogadh mór a chuimhneamh, (agus ar ndóigh tá céimeanna tógtha ag Sinn Féin féin sa treo sin) tá siombalachas an Poipín leathnaithe amach anois go siombail tacaíochta, comhsheasmhachta i gcogaí reatha, agus cogaí na hAfganastáine agus na hIaráice ach go háirithe.
Tá rud iontach íorónach faoi phoipín machaire catha Flanders in úsáid mar shuaitheantas shaighdiúirí na Breataine ag fáil bháis i gcúigí Helmand, Kandahar, Urzgan agus Nangahar ag troid in aghaidh na dTalabanach. Sa bhliain 2000-2001 thit fás poipíní go dtí a leibhéal is ísle riamh nuair a chuir na Talabanaigh dlí nua i bhfeidhm ag cosc poipíní agus an trádáil óipiam mar ghníomh frith-Ioslamach. Go deimhin, an bhlian roimhe sin, 1999, ba í sin an bhliain ba mheasa (nó ba mhó) de tháirgíocht óipiam. Ó chuaigh fórsaí na Breataine agus Mheiriceá isteach sa tír, áfach, le deireadh a chur le réimeas na dTalabanach tá an táirge i ndiaidh fás arís, go dtí an pointe anois ina bhfuil 477,000 acra ag fás poipíní, méadú 14% ó 2006, agus bhí méadú 60% idir 2005 agus 2006. Agus sin uilig ag tarlú faoi choimirce an ‘chogaidh in aghaidh na sceimlitheoireachta’ i gceantair faoi smacht Arm na Breataine agus Arm SAM. B’fhéidir go míníonn sé sin siombalachas an phoipín reatha níos mó ná aon staitistic faoi bháis agus comóradh.


 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland