Top Issue 1-2024

17 April 1997 Edition

Resize: A A A Print

Scriosfaidh Harney Fianna fail

Rinne Mary Harney ciseach cheart de straitéis olltoghcháin Berite Ahern nuair a d'fhógair sí go dtabharfadh an PD ``athchuairt'' ar cheist na dtáillí uisce agus iad sa Rialtas. Deirtear i dTeach Liaghean go ndeachaigh Bertie le báiní faoin scéal. A chónach sin air! An bhfuil caolsheans go dtiocfaidh ciall chuige maidir leis an gcomhaontas leis an PD de dheasca na heachtra seo?

Ní thuigeann Harney cultúr na tíre seo. Bhí an Canónach Cosslett O Cuinn i Maoinis ar chósta Chonamara tráth mar a raibh radharc álainn ar an bhfarraige. Dúirt fear a riabh giota bega talaimh aige cois cósta ansin: ``Bhí fear anseo as Acaill agus dúirt sé go mba cheart dúinn car-park a chur síos agus leathchroóin a bhaint as gach duine. Ach níor thaitn sé sin liom. Duien ar bith a thiocfas anseo, tá sé mar a bheadh sé a `teacht ó Dhia agus ba cheat duit, fáilte a chur roimhe agus gan a' breith buntáiste as.'' (Tisteárd O Glaisne Cosslett O Cuinn Coiscéim)

Tá cuid mhór den mheon réamhshaipitltíoch sin scubtha leis ag an gaimbíneachas, an ocastóireacht agus an suasógachas ach maireann dóthain de lena chinntiú go n-íocfaidh rialtas ar bith go daor as má thugann siad táillí usice ar ais. Ar ndóigh dhéanfadh an PDméadarú ar an aer féin dá mbeadh bealach acu chuige.

Is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin agus is é sin má leanar leis an gcomhaontas idir Ahern augs Harney scriosfar Fianna fáil. Nuiar a bunaíodh an Páirtí Daonlathach i mí na Nollag 1985 ba dhaoine a thréig Fianna Fáil a bhí mar éadan poiblí an pháirtí, leithéidí O'Malley, Harneyt, Quinn agus ar ball, Cox ach ba léir ar fud an Stáit taobh istigh de sheachtainí gur pór na Léinte Gorma a bhí ag plódú isteach ann. Agus cé go bhfuil an páirtí laghdaithe go mór ó na 1980í deireanacha is Léinte Gorma le teanntás is cnámh dhroma dó i gcónaí.

Seasann an Páirtí Daonlathach don chineál sárliobrálachais eacnamaíoch a d'éirigh faiseanta i gciorcail bhuirgéiseacha san Iarthar tráth Margaret thatcher, idé-ecolaíocht atá tar éis scrios barbartha dhéanamh ar oirthear na hEorpa, atá ag brú tíortha na hAfriace níos faide síos in umar an fhiachais mharbhualaigh agus a chr4uthaigh géarchéim dífhostaíochta sna tíortha tionscalíocha.

Tá an tacaíocht don teagasc sin imithe i laghad sa ghermáin, sa Fhrainc, i Sasana agus fiú sna Stáit aontaithe féin. Ba é Stephen S. Roach (príomheacnamaí bhanc Stanley Morgan, Nua-Eabhrac) duine d'ailtirí sárchaipitealachas na 1980í. Tá ciall ceannaithe aige anois. ``If you compete by building you have a future. If you compete by cutting down you don't. Slash-and-burn restructuring, open-ended downsizing and real wage compression are ultimate recipes for indistrial extinction,'' a deir sé.

Creideann Mary Harney agus MIchael McDoiwell a mhalairt, gur féidir geilleagar ráthúil a bhunú ar choirrú ar chaiteachas, laissez-faire thar fóiur agus tuarastail ísle.

Féach a ndúirt an tairneach le comhthionól bliantúil a páirtí anuraidh: ``In Hong Kong, for example, a very successful ecnomy, peoel work for low wages. They're not rich but they're happy and they cope. They've dignity and self-esteem and they ahve independence. I think we shodl look for a few expales there.''

Is siochaí é Hong Cong ina bhfuil bearna ollmhór idir saibhir agus daibhir ann, ina bhfuil tuarastail na n-oibrithe beag bídeach fiú de réir chaighdeán ``thígair'' eacnamaíocha réigiún an Aigéin Chiúin agus ina bhfuil na mílte móra gan dídean ceart. Codlaíonn an-chuid acu i mboscaí 4tr x 3tr a bhíonn ar fáil ar cíos ar an mórchóir sa chathair sin. Céard is brí le ``dínit,'' ``féinmheas'' agus ``neamhspleáchas'' sa chomhthéacs sin?


Le Colm de Faoite

Fuinneog don Ghorta



LE EOGHAN MacCORMAIC

Tá fuinneog ghloine smólta i gcuimhne An Ghorta Mhóir á dhéanamh faoi láthair a chrochfar amach anseo i gClubteach an Chumainn Gailf i nGleanna an Draoi, Cill Mantain agus is comhobair idir an t-ealainteoir Robert Ballagh agus comhlucht gloine smolta, Aria Stained Glass atá san fhuinneog.

Tá Cumann Gleanna an Draoi dóchasach go mbeidh an fhuinneog in áit in am don Chomórtas `Irish Open' ag tús an tsamhraidh. De reir le Richard Kimball, bainisteoir Aria, tá lúchair ar an fhoireann bheith ag obair ar an fhuinneog: ``Is deis ar leith é seo dúinn bheith ag obair le Robert Ballagh ar fhuinneog fóirsteanach mar seo a dhéanfaidh cuimhneachán ar tréimhse an Ghorta.''

Bhí céardlann Aria agus saothar oibrithe na foirne le feiceáil ar chlár teilifíse Nationwide an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh iarrachtaí na comhlachta seanfhuinneoga eaglaisí a shábháil agus a athnuacháin, ach is abhar eile ar fad é seo an fhuinneog nua-dhéanta. Beidh sí 6.5 x 6 throigh i méid, ceann des na fuinneoga gloine smolta is mó a déanfar in Éirinn i mbliana.

Insíonn an fhuinneog scéal an Ghorta in íomha amháin, agus úsáideann Robert Ballagh athraithe i ndathanna an ghlóine ó chlé go déis chun tréimhse an Ghorta a thaispeáint. Ar chlé tá dáthanna gile, sláintiúla inti agus íomha mná ag cur na bprataí. Ach, i lár na fuinneoga, faoin ithir, tá meath ag teacht ar na freamhacha agus meatha ag teacht ar dhuilliúr an phlanda chomh maith. Ar dheis na fuinneoga, tá bóthar fada folamh, tithe ina mballóga, páirceanna loma agus dorchadas sa spéir. Níl aon dabht ach go mbeidh cuimhne an Ghorta le mothú san fhuinneog, an chéad fhuinneog den saghas i gcomóradh tréimhse ana thragóideach i stair na tíre.


Onór do Beatháisnéiseoirí



Bhí breis is 200 i láthair ag ocáid nuair a bhronn Cathaoirleach Bhord na Gaeilge Micheál O Muircheartaigh, Gradam Bhord na Gaeilge ar Mháire Ní Mhurchú agus ar Dhiarmuid Breathnach ar an Déardaoin, 10 Aibreán, i gCeannáras an Bhoird. Bronntar an Gradam seo gach bliain ar dhuine nó ar dhaoine mar chomhartha aitheantais náisiúnta ar a saothar i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaeilge.

Comhúdair Beathaisnéis 1882-1982 iad. Cúig imleathair de beatháisnéisí de chuid Gaeil mhóra agus Gaeil bheaga, 1200 acu, sa chéad bhliain 1882 go 1982 atá san sárobair tagartha seo. Líonann siad na bearnaí atá i scríobhnóireacht na staire i leith laochanna srl nach sílfeá Gaeilge bheith aca.

Ina aitheasc dúirt O Muircheartaigh

``B'fhéidir a rá go fíreannach gur gradam ríspeisialta ar fad atá á bhronnadh i mblaiana sa mhéid seo. Ní hiad Máire agus Diarmuid amháin atá á n-onórú againn ach gach gaiscíoch fir is mná atá faoi chaibidil acu idir chlúdaigh na n-imleabhar éachtach acu! Is do gach gasúr scoile in Eirinn é agus nár bhreá an rud dá roghófaí an chuid is bríomhaire de na carachtair atá sna cúyig leabhar seo agus leabhar eile fós a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhéagóirí - chun go dtuigfeadh an ghlín óg a raibh le déanamh ag laochra Gael chun seasamh le clú na Gaeilge - ina measc An Seabhac, an Blaghdach, An Riadach, An Criomhthanach, Sinéad deValera, Peig Sayers, Cearbhall O Dálaigh, Liam Bulfin, Liam O Maolruanaigh, Máirtín O Droghneáin, Winfired Wulff, Micheál Mac Liammóir. Séamas Ennis, Domhnall O Corcora, Traolach Mac suibhne, Seán O Casey - saothar seacht mbliana déag, ocht gcéad míle focal sa tsraith iomlán, breis is míle beatha.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland