Top Issue 1-2024

30 October 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

Saol Fíorúil amuigh sa Chibearspás

Chuir me spéis sa scéal, an tseachtain seo, faoin bhean sa tSeapáin a cuireadh i bpríosún as cúiseanna a bhain le dúnmharú fíorúil a fir chéile ar líne. De réir tuairiscí sna meáin éagsúla chas an bheirt seo le chéile le linn cluiche samhlaíochta ar suíomh cluichí darbh ainm Maple Story, ina mbíonn na rannpháirtithe ag imirt rólanna le linn cathanna agus troideanna samhlaíochta. Cé nár bhuail na daoine áirithe seo le chéile riamh san fhíorshaol, d’éirigh leo mór le chéile – nó ba chirte a rá go raibh a gcuid ‘carachtar’ an-chairdiúil agus phós siad ar a chéile bliain ó shin. Más suíomh ‘glacadh rólanna catha’ atá ann, thig linn a ghlacadh leis go raibh troid ag an lánúin gach lá ó shin, lena céile, nó in aghaidh a cheile, cá bhfios. Ach ar fháth amháin nó fáth eile, cholscar an fear an bhean (go fíorúil má thuigeann tú leat mé) an tseachtain seo caite gan aon rabhadh. Bhí an bhean ar buile (i ndáiríre chomh maith le go fíorúil). Más fíor an seanfhocal nach bhfuil a mhacasamhail in ifreann, fiú, d’fhearg mná diúltaithe léirigh sí a cuid feirge nuair a bhris sí isteach ina chóras ríomhaireachta, de réir líomhaintí, ag baint úsáid as na cóid a roinn siad nuair a bhí siad pósta, agus scrios sí a avatar. Pianmhar, déarfainn.

Avatair agus piongain
Cad é an avatar seo, cloisim daoine amuigh ansin ag rá. Bhuel is persona fíorúil atá ann a úsáideann daoine nuair atá siad ar líne, mar shampla - a thosaigh amach mar ainm cleite, agus a d’fhas i ndiaidh tamaill go dtí anois go bhfuil na havatair seo mar shaghas daoine beaga bréagacha, gníomhacha a bhíonn faoi smacht an úsáideora ar shuíomhanna idirghníomhacha. Ar ndóigh, ní dhéanfaidh d’avatar aon rud nach ndéanfá féin, mar sin, tuigimid níos éasca fearg na mná úd sa tSeapáin.
Le seachtainí anuas tá mé ag éirí níos cleachta leis an chineál seo cluiche agus na suíomhanna idirghníomhacha a bhaineann leo. Tá na páistí sa bhaile do mo chrá chun ligint dóibh dul ar Club Penguin. Suíomh é seo do pháistí, leagan den chineál suíomhanna ‘rólghlactha’ ach leis an domhan fíorúil Club Penguin cruthaithe do pháistí. Thig le páistí piongain a fháil agus cruthaíonn siad pearsantacht dó, agus ainm.
Ag leibhéal amháin is caitheamh aimsire an-fhorbartha atá ann, a choinneodh na páistí gnóthach le linn na laethanta dorcha geimhridh. Amuigh sa chibearspás bíonn na piongainí ag súgradh agus ag casadh lena chéile agus ag imirt cluichí agus araile. Tá an suíomh dírithe ar aoisghrúpa áirithe, faoi dheich nó aon bhliain déag. Mar a mbeifeá ag súil leis tá deiseanna ann do thuismitheoirí súil a choinneáil ar an rud atá piongainí a gcuid páistí a rá, ag cluinsint, (ag léamh agus ag scríobh) agus cé hiad na piongainí eile a chastar orthu nó a thosaíonn comhrá leo. Nó, is gléas aibí é ríomhaire, ar ndóigh, agus thiocfadh go leor a dhul mí-cheart le páistí mí-aibí ag cruthú cairdis ar líne gan maoirseacht chuí. Tá líne thanaí idir súgradh agus rólghlacadh agus, ar ndóigh, ní bheadh a fhios ag páistí cá stopann an súgradh agus cá háit a dtosaíonn comhrá níos tromchúisí. Ó thosaigh siad a shúgradh Chlub Piongainí caithfimid súil níos géire a choinneáil ar a bhfuil ar súil. Bhíodh an clog ag bualadh nuair a chuala mé na páistí ag caint faoi ‘bhainis’ ar Chlub Penguin. Bainis? Ar shuíomh do pháistí? Cad eile, colscaradh, dunmharú avatair?

Second Life... lá eile ag an bPaorach?
I measc na suíomhanna idirghníomhacha éagsúla do dhaoine fásta tá an-tóir anois ar Second Life. Is domhan fíorúil atá i Second Life ina bhfuil tíortha, cathracha, daoine, grúpaí agus iad ar fad ag maireachtáil saol súgartha fíorúil, fad is atá an fíorshaol seo (rud a tugtar First Life air thall i Second Life, ar ndóigh) ag dul ar aghaidh, le fíorábhar, fíordhúshláin, fíordheacrachtaí, fíordhualgais srl.
Cuireann na rannpháirtithe an t-avatar ag siúl nó ag eitilt tríd an spéir; casann sé nó sí ar avatair eile (faoi stiúir fíordhaoine ar ndóigh) agus tosaíonn siad comhrá (clóscríofa) i bhfíoram, nó comhuaineach agus is dócha go mbeadh na síceolaithe ag míniú go bhfuil muinín iomlán éagsuil de dhíth chun comhrá a thosú le strainséar san fhíordhomhan ach nach bhfuil sé sin fíor sa domhan fíorúil.
Ardaíonn sé an cheist an é éalúchas nó éalú atá idir lámha ag na daoine a chruthaíonn saol agus persona eile dóibh féin ar Second Life. Nach bhfuil a dhóthain le déanamh sa chéad saol gan a bheith ag cruthú saol eile, le bainisí, le hargóintí, le roghanna deacra (ach gur cuma, i ndáiríre, cén rogha a dhéanann tú.) An gcaithfidh lá eile a bheith ag an bPaorach? An mó luach an avatar ná an saol atá agat féin? Is é an reiteach a mholfainn do dhaoine a mbeadh rudaí ró-dhúshlánach ag brú orthu sa chibearspás, ná ‘múch an ríomhaire!’
Chuaigh mé isteach ar Second Life an tseachtain seo le giota taighde a dhéanamh agus d’aimsigh mé thiar i Second Life go bhfuil grúpa bunaithe, le 16 ball, darbh ainm Sinn Féin Supporters in Second Life. Rinne mé iarracht teagmháil a dhéanamh leis an ghrúpa ach tá siad rud beag rúnda . . . ach ar a laghad tá siad ann. Ní raibh mórán poiblíochta ag an ghrúpa ar a n-aidhmeanna agus a nósanna ach is dócha go mbíonn siad ag roinnt r-phoist nó teachtaireachtaí faoi Shinn Féín.
Níl grúpa Fhianna Fáil ná Fhine Gael eagraithe ar Second Life, nó ar a laghad níor éirigh liom iad a aimsiú agus cé nach bhfuil na PD-anna ann ach an oiread is dócha go bhfuil siadsan ag feidhmiú le blianta anuas mar pháirtí fíorúil cibé ar bith. Tá 22 ball i ngrúpa na nGlasach ach tá fógra ar an suíomh ón ghrúpa a dhearbhaíonn nach bhfuil an grúpa ceangailte leis na Glasaigh oifigiúla (sa Chéad Life).
Ach cad iad na cathanna a throidfeadh grúpa polaitiúil fíorúil i ndomhan fíorúil? Cad iad na gníomhaíochtaí nuair nach bhfuil sí mar aidhm athrá a dhéanamh ar imeachtaí san fhíorshaol. Cuimhním ar fhocail Bobby Sands go raibh ról le himirt ag cách ach ní dócha go raibh rólghlacadh fíorúil i gceist san abairt cháiliúil sin.
Bheadh spéis agam fáil amach an mbeadh tionchar ag an chúlú eacnamaíochta agus an ghéarchéim airgeadais sa saol fíorúil agus an mbeadh spás ann do pháirtí réabhlóideach dúshlán a thabhairt don status quo, pé status quo atá ann. Nó ar an lámh eile an mbíonn fadhbanna an fhíordhomhain fágtha ag méarchlár an ríomhaire agus daoine ag ullmhú grúpaí laistigh den domhan fíorúil, mar mhacalla ar an domhan ina mhairimid an chuid eile den am?
Dála an scéil, tá nuacht díreach faighte agam go mbeidh Slógadh na bliana seo á reáchtáil i gConamara, mar a tuairiscíodh anseo roinnt seachtainí ó shin, ach le dáta nua anois, Aoine 28 go Domhnach 30 Samhain. Roinn an Chultúir ag iarraidh ar Chomhairlí Ceantair ar fud na tíre tacaíocht a thabhairt don Slógadh; ná ligimis d’éinne a rá gur Gaeilgeoirí fíorúla sinn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland