Top Issue 1-2024

9 October 2008 Edition

Resize: A A A Print

Mórshiúl d'Acht Gaeilge sa Tuaisceart

Mar ‘chomóradh’ ar Chomhaontú Chill Rímhinn an deireadh seachtaine seo beidh na sluaite Gael ag tionól i mBéal Feirste, nó ba cheart a rá ar fud Bhéal Feirste le sraith mórshiúlta chun tacaíocht a léiriú d’Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann agus chun brú a chur ar rialtas na Breataine an reachtaíocht a gheall siad i gComhaontú Chill Rímhinn a thabhairt os comhair na parlaiminte. Taobh leis sin tá bliain amháin ann ó ráiteas diúltach an aire a bhí ann ag an am, Edwin Poots, acht Gaeilge a reachtú in Stormont cé gur gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge don Tuaisceart trí Westminister mura n-éireodh lena leithéid d’Acht teacht ón bhFeidhmeannas ó thuaidh. Tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht, fós mí-fhoighdeach, ach fós cinnte go gcaithfear acht a reachtú má tá a gcearta teanga le cosaint i mbealach nach bhfuil ag brath ar thoil athrach institiúidí stáit. Tá Acht Gaeilge cuimsitheach, ceartbhunaithe á éileamh ag Acht, an Grúpa Comhordaithe um Acht Gaeilge don Tuaisceart le fada an lá agus tá an grúpa sin ionadaíoch ar na mórghrúpaí Gaeilge sa tír. Le linn do dhá phróiseas rialtasach comhairliúcháin a reáchtáil POBAL, an scátheagras Gaeilge ó thuaidh, léirigh 75% do na freagraí tacaíocht d’Acht na Gaeilge, bunaithe ar mholtaí chuimsitheach cheartbhunaithe na heagraíochta d’Acht don tuaisceart.
Tríd na mórshiúlta atá beartaithe don Satharn seo tá pobal na Gaeilge agus na heagrais Ghaeilge ag iarraidh a gcuid tacaíochta a léiriú arís don éileamh bunúsach seo, d’Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann agus chun brú a chur ar rialtas na Breataine an reachtaíocht chuí a thabhairt os comhair parlaiminte, mar ba mhian le daoine, fórmhór suntasach na ndaoine le linn an phróisis chomhairliúchin dhá bhlian ó shin.

Gairm/cuireadh náisiúnta
Ní hé seo an chéad uair a raibh cosa ar shraideanna Bhéal Feirste ar son Acht Gaeilge, agus ós rud é go bhfuil an Ghaeilge cosanta faoi reáchtaíocht ó dheas, san Eoraip, agus na teangacha Breatnais agus Gaeilge na hAlban cosanta faoi reachtaíocht sna dlínsí siúd, is léir go bhfuil an Ghaeilge sa Tuaisceart anois mar an píosa ar iarraidh as míreanna mearaí. Agus cé go bhfuil an mórshiúl i mBéal Feirste tá lucht an eagraithe ag iarraidh ar dhaoine teacht ó gach carn den tír lena dtacaíocht a léiriú don éileamh.  Tá bus ag fágáil Ard-oifig Chonradh na Gaeilge (6 Sráid Fhearchair) ag 9.30 maidin Dé Sathairn le héinne atá ag iarraidh tacú le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt a thabhairt ó thuaidh. Beidh an bus saor in aisce agus cé go raibh gá le suíocháin a chur in áireamh roimh an tseachtain seo is fiú ghlaoch a chur ar (0)1 4757401 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] lena cinntiú nach bhfuil aon spásanna fágtha.
An Satharn seo beidh daoine ag cruinniú le chéile sna hionaid éagsúla seo a leanas: Iarthar na cathrach Ag imeacht ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál ar 11.45
Tuaisceart na cathrach Ag imeacht ó Theach Mhic Reachtain, 156 Bóthar Aontroma, Barr an Lóiste Úir ar 12.00
Oirthear agus deisceart na cathrach Ag imeacht ó An Droichead, Sráid Cooke, Íochtar Ormeau ar 12.00
Uair a chlóig ina dhiaidh sin tiocfaidh na mórshiúlta tacaíochta ó na ceantair dhifriúla le chéile ag Cearnóg an Bhainc i lár Bhéal Feirste ar a 1.00.i.n. Tá na heagraitheoirí ag maíomh go mbeidh idir ‘cheiliúradh, shiamsaíocht agus chraic’ le fáil le linn na mórshiúlta agus siúlfaidh an príomh-mhórshiúl uilig timpeall na cathrach leis an tionchar is mó a imirt ar shiopadóirí agus lucht an tSathairn, áit a rachaidh an mórshiúl thart ar Halla na Cathrach agus a fhad le hAscaill Ormeau, ceannáras an BBC sula bpilleann sé ar an gCearnóg.

R-phost chuig an Taoiseach
Agus mar chuid dá suíomh nuadheartha tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Ghaeil ríomhphost a chuir chuig Brian Cowen (agus leis seo a dhéanamh ón suíomh féin ní gá ach cliceáil ar chnaipe!) ag iarraidh tacaíochta uaidh agus ó Rialtas Bhaile Átha Cliath d’fheachtas um Acht Gaeilge ó thuaidh.
Ar ndóigh is rud amháin é an chosaint reachtúil a thabharfadh Acht, agus ansin an dea-chleachtas agus an normálaú a chinntiú ina dhiaidh sin a dhéanfadh teanga oibre normálta den Ghaeilge. I ndiaidh na mblianta san fhasach le Parthalan mar Thaoiseach agus an fiórbheagan Gaeilge uaidh ag aon imeacht poiblí baineadh geit as go leor daoine le tabhairt faoi úr-Bhrian Cowen a labhrann Gaeilge go minic mar chuid dá ghnó oifigiúil – fiú má labhrann iriseoirí RTÉ go haineolach thar a ghuth Gaeilge, amhail is nach raibh aon rud fiúntach le cluinstin sa chuid Ghaeilge. Ach tá feachtas beag, gearrthéarmach idir lámha  anois ag cur brú ar an Aire Airgeadais, Brian Lenihan,  cuid dá óráid le linn fhógairt na Cáináisnéise an tseachtain seo chugainn, a thabhairt as Gaeilge. De réir Julian de Spáinn tá “moladh mór tuillte ag an Rialtas nua agus ag an Taoiseach ach go háirithe as an oiread úsáide a bhaineann sé as an nGaeilge ag ócáidí Stáit agus oifigiúla, faoi mar is nós le ceannairí i dtíortha dátheangacha ar fud an domhain.” Anois, áfach, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go leanfadh an Rialtas leis an ndea-thoil seo agus “go gcuirfeadh Brian Lenihan an chéad cháinaisnéis dá chuid i láthair go dátheangach.”

R-phost eile,
chuig Brian Lenihan
Dá dtarlódh sé, níl aon cheist ach go ndéanfaí céim mhór chun tosaí i normálú úsáid na Gaeilge go poiblí. Tá moladh ann go dtabharfadh an tAire leath den óráid as Gaeilge agus leath den óráid as Béarla chun urraim cheart chuí a thabhairt don phríomhtheanga oifigiúil agus don teanga oifigiúil eile. Tá córas teangaireachta comhuaineach ar fáil don phreas agus don phobal sa Dáil, ar ndóigh, mar sin ní fhágfaí éinne ar lár leis an chur chuige dhátheangach seo ach níl slí níos fearr ná níos éifeachtaí, ó thaobh costais de chomh maith, chun tiomantas an Rialtais agus an Stáit don Ghaeilge a leiriú ná óráid cháinaisnéise fhíordhátheangach.
Fiú an chuid is measa, is géire, is troime orainn, éistimis leis as Gaeilge, is dócha gurb é sin teachtaireacht an fheachtais seo agus de réir gach tuairisc agus tuar beidh go leor piollaí searbha le slogadh sa cháinaisnéis seo chugainn.
Má tá spéis ag daoine tacú leis an togra beag seo, is féídir cóip den litir thíos a chur chuig:

Brian Lenihan TD
An Roinn Airgeadais,
Tithe an Rialtais,
Sráid Mhuirfean Uacht,
Baile Átha Cliath 2,  
nó ar ríomhphost ag [email protected]

A  Aire, a chara,
Agus do chéad cháinaisnéis le cur i láthair agat mar Aire Airgeadais an mhí seo chugainn, tá an-deis agat cur leis an normálú seo maidir le húsáid na Gaeilge go poiblí.
Molaimid go dtabharfá leath den óráid as Gaeilge agus leath den óráid as Béarla chun urraim cheart chuí a thabhairt don phríomhtheanga oifigiúil agus don teanga oifigiúil eile. Ó tharla go mbíonn córas teangaireachta comhuainí ar fáil don phreas agus don phobal sa Dáil is féidir é seo a chur in iúl do na meáin roimh ré.
Ar ndóigh, beidh formhór mór den phlé, den chaibidil, agus den chonspóid ar an lá i dtaobh shubstaint na cáinaisnéise féin seachas cúrsaí teanga, ach ó thaobh úsáid na dteangacha oifigiúla de níl slí níos fearr ná níos éifeachtaí, ó thaobh costais de chomh maith, chun tiomantas an Rialtais agus an Stáit don Ghaeilge a léiriú ná óráid cháinaisnéise fhíordhátheangach.
Léireodh sé freisin gur Rialtas é seo atá seiftiúil agus sásta dul le cleachtais nua ar scothchleachtais iad a chuimsíonn cúpla cuspóir in éineacht.

Is mise le meas,
............................................................

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland