Top Issue 1-2024

2 October 2008 Edition

Resize: A A A Print

Óg agus Ársa maith, meánach riamh...

Le roinnt seachtainí anuas tá fógraí sna meáin ag ceiliúradh daoine aosta agus ag cur i gcuimhne duinn go bhfuil go leor le tairiscint ag an aos aosta fós. Bhí a fhios agam sin cheana, nó mar atá scríofa agam roimhe seo bím ag obair le coistí agus le grúpaí Gaeilge ar fud na tíre ina mbíonn seandaoine gníomhach agus is beag a cheapaidís d’aon tuairim nach bhfuil aon rud fágtha acu le tabhairt don saol reatha agus don saol rompu mar oidhreacht.
Cuireadh é sin i gcuimhne dom ag an deireadh seachtaine nuair a d’fhreastal mé ar Ardfheis an Chonartha thíos i dTrá Lí (áit dála an scéil ar tógadh Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán nua Chonradh an Gaeilge). Mar a bhíonn de ghnáth, bhí meascán d’aosghrúpaí ag freastal ar an Ardfheis, idir óg agus aosta ann. Caithfidh go bhfuil mé óg fós nó níor thug mé mórán daoine meánaosta faoi deara ann. Is dócha go mbíonn sé deacair a admháil go bhfuil meánaois ag teacht ort: tá boladh éigin faoi, cuireann sé an SDLP nó fear le geansaí fallaingithe timpeall a ghuailne nó rud inteacht mar sin i gcuimhne duit. Tá difear, ar ndóigh, nuair atá an focal aosta ann, nó ársa. Suaitheantas onórach, measúil atá san fhocal ársa. Ní bhainean sé leis an tseanré, bainean sé le ciall, le folt liath, le saíocht, le hinbhraiteacht agus stuamacht agus buanseasmhacht. Na Gaeil Óga agus na Gaeil Ársa a thaitníonn linn, ach riamh na Gaeil Mheánaosta.
Agus ba léir go raibh na Gaeil Ársa corraithe agus b’fhéidir, eagraithe ag an Ardfheis seo nó glacadh le roinnt rún a chuir stop leis an phróisas ardoifig an Chonartha a dhíol agus, go deimhin, baineadh cuid den chumhacht ar ais ón feidhmeannas, agus ón Choiste Gnó le rún a glacadh a dúirt go mbainfeadh sé le hArdfheis an Chonartha cinní ‘den sórt sin’ a fhaomhadh feasta. Agus níor stop na Gaeil Ársa a ról gníomhach ansin nó toghadh Coiste Gnó nua a d’fhág cuid den óige dóchasach, bhuel, díomách. Sin daonlathas, ar ndóigh. Beidh lá fada agus oíche leis ag na dlíodóirí aimitéaracha amach anseo ag aontú ar cad a thiteann laistigh den fhoclaíocht áirithe sin ‘den sórt sin’ ach sin lá eile don chéad Choiste Gnó eile.

Poblachtánach ársa
Roimh mo thuras go Trá Lí d’amharc mé ar an chlár teilifíse Dé Domhnaigh @ 5. Bheadh sé deacair do rannpháirtithe an chláir áirithe seo a mhaíomh nach raibh tréithe (fiú mura bhfuil an boladh ag dul leis) den mheánaois leo nó tá Séanna Breathnach thar an caoga bliain órga agus tá an aois chéanna bainte amach ag an dílseoir Billy McQuiston. Ar fhath éigin tá sé deacair McQuiston a lua mar dhílseoir ársa cé gur poblachtánach ársa é an Breathnach gan amhras.
Mheabhraigh an clár dúinn stair agus pian an phríosúin ach bhain an ghné ‘thacair’ den chlár in amanna. Bhí saghas trua agam do Shéanna a bhí ag iarraidh scéal a insint tríd an chlár a fhad a bhí lucht déanta an chláir ag iarraidh props a úsáid le cosúlachtaí idir an bheirt a mhéadú (an clog, na trí thréimhse faoi ghlas, seanchara ón tréimhse istigh ag casadh leo ar an taobh amuigh, an teaghlach, srl). Ach ba léir (agus ní bheinn claonta ar ndóigh) go dtáinig Séanna amach as an chlár mar dhuine réasúnta, smaointeach, gníomhach i gcónaí a fhad a léiríodh McQuiston mar dhuine ar fhág an stair ar an trá fholamh é ag pointe éigin agus anois atá céim amháin ó ról réaltach a fháil sa chlár Last of the Summer Wine.

Dia ar ár dtaobh
Timpeall deich mbliana ó shin bhí mo 15 nóiméad agam i gclár Gaeilge eile a tháispeáin scéal agus saol ceithrear iarchimí, beirt phoblachtánach agus beirt dhílseoirí. Is cuimhin liom ag an am go raibh mé míshásta leis an léiriú a rinneadh, agus rinne mé gearán leis an léiritheoir go raibh an scéal claonta trí eagarthóireacht glic. Bhí an chomhthuiscint sna meáin ag an am sin fabharach do na dílseoirí rud nach raibh le feiceáil in Dé Domhnaigh @ 5. Mar a déarfadh Bob Dylan, anois tá God On Our Side. Tá go leor athraithe ó 1998.
Bob Dylan. Tá mé ar ais ar an cheist aoise arís. Rock ‘n Roller ársa. Cheapfá go mbeadh Robert Zimmerman níos cóngaraí anois do Robert Zimmerframe ach bheadh sé sin aoschlaonta. Mar chuid mhaith dá chomhaosaigh tá go leor le tairiscint ag Dylan i gcónaí (m’s fan thú...) Agus ceann de na nithe is suntasaí faoin liosta ‘réalt ceoil’ a thug cuairt ar an tír seo i mbliana ná go raibh an chuid is mó acu i dteideal taisteal saor in aisce nuair a bhí siad ar an bhus ón Aerfort isteach go lár Bhaile Átha Cliath. Idir Leonard Cohen atá sna seachtóidí, Lou Reed agus Neil Young atá ar an taobh eile de 67, an t-ógánach féin, Bruce Springsteen nach bhfuil seasca fós ach nach bhfuil fá scread asail uaidh sin is léir go bhfuair muid blas maith retro i mbliana agus scoth den cheol, de réir tuairiscí, leis.

Joan Baez: amhránaí ársa
Oíche Shathairn bhí mé in Vicar Street i mBaile Átha Cliath ag seó Joan Baez, a bhí tráth den saol an-mhór le Dylan. Cosúil le Dylan, Reed agus Young rugadh í sa bhliain 1941 ach thug sí seó a chuirfeadh éad ar dhuine leath dá haois agus bhí cion ag an lucht féachana di. Ársa nó aosta bhí a guth go maith agus nuair a chan sí God on Our Side thug sí míniú beag ag rá go raibh gá i gcónaí sna laethanta seo d’amhráin agóideacha. Lean sí le Day After Tomorrow a scríobh Steve Earl. Tá sí ar chamchuairt lena halbam nua (Day After Tomorrow) a phoibliú agus tá lámh Steve Earl le cluinstin ann le hamhráin mar Come Back Woodie Guthrie agus Jerusalem.
Bhí níos mó de bhaint ag Baez leis an gluaiseacht frithchogaidh agus ceardchumannachais i Meiriceá ná mar a bhí ag Dylan cé go bhfuil a ainm luaite níos minice mar fhile réabhlóideach den sórt sin... Nuair a chan sí Joe Hill bhí muid ar fad ag canadh léi agus bhain an slua an-sult as a leagan beoga den clasaic Wonderful World le Sam Cooke (a rinneadh níos gasta ná mar a sheinneann sí é de ghnáth ach tabharfaimis buíochas dá ceoltóirí Éireannacha as a ucht sin). Ní thiocfadh leat óg a thabhairt uirthí ach ní thiocfadh leat sean a thabhairt uirthi ach an oiread. Ársa an focal is fearr dí, ársa mar na Gaeil Ársa, agus Poblachtánaigh ársa agus le go leor le tairiscint fós.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland