Top Issue 1-2024

25 September 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

 

 

 

 

 

 

Lá na Cinniúna thart

BHUEL, nuair atá an deannach ina luí i ndiaidh an cinnidh a thóg Foras na Gaeilge an tseachtain seo, is dócha nach mbeidh nuachtán laethúil Gaeilge clóite fós beo ar an oileán seo an bhliain seo chugainn. Dé Aoine seo chuaigh thart, ag cruinniú an Fhorais i mBéal Feirste pléadh rún a mhol maoiniú a chur ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge agus dá bhrí an rúin sin cuirfear deireadh le maoiniú nuachtáin laethúil Gaeilge ó luath i 2009.
Tá coimhlint leasa agam, is dóigh liom, ag scríobh faoin chás seo. Tá mé imo leas-Chathaoirleach den Fhoras agus mar sin glacaim leis go bhfuil comhfhreagracht orm as an cinneadh ach is fiú a rá nár tógadh an cinneadh go héascaí agus go raibh an Bord ag iarraidh teacht ar réiteach leis an intinn agus chan leis an croí. Go pearsanta beidh díoma orm má a thagann deireadh le Lá Nua. De réir an taighde áfach, agus de réir an bheithigh úd a chuirtear an ‘margadh’ air, níl a dhóthain de léitheoireacht laethúil ann chun coimitmint mhór airgead phoiblí a chur isteach sa tionscnamh agus an fhís seo, go fóill, ag an phointe seo.
Mar atá cúrsaí faoi láthair bhí dhá chineál deontas maoinithe ar fáil, dhá chomórtas poiblí a bhí ann, ceann amháin acu a thosaigh trí bhliain ó shin nuair a bronnadh cabhair ar an chomhlucht Mhóinéar a leanstan le foilsiú an nuachtán seachtainiúil Foinse agus an tarna maoiniú a thosaigh dhá bhliani ó shin le todhchaí Lá Nua a chinntiú. Tá Foinse ar an saol le 12 bhlian anois, é ina chomharba ar Anois, Feasta, Amárach agus Inniú sna blianta roimhe seo.

Maoiniú de €400,000 bliantúil geallta
Faoin chonradh maoinithe go dtí Mí Aibreán seo chugainn tá €300,000 in aghaidh an bliana ag dul go Foinse agus níl aon duine ag séanadh gur mhéadú suntasach a bheas ann nuair a ardaíonn an Foras an maoiniú sin go €400,000 in aghaidh na bliana don dream a ghnóthóidh an conradh nua chun nuachtán seachtainiúil (le seirbhís leictreonach laethúil táthar ag súil) a chur ar fáil feasta. Agus cuimhnigh gur comórtas oscailte, chan teorannta a bheas ann.
Mar is léir ón liosta thuas luaite, tagann agus imíonn nuachtáin, agus is cruthúnas é sin ar cé comh deacair a’s atá sé le nuachtán a choinneáil beo. Ní iriseoir mé, ní eagarthóir mé, agus ní chuirfinn le tuiscint go bhfuil mé eolasach ar chúrsaí foilsitheoireacht nuachtáin, ach tá roinnt bunphrionsabail dar liom a dhéanann an dushlán níos deacra ó thaobh nuachtán Gaeilge dó. Is léir nach bhfuil an léitheoireacht ann. Ní céineadh é seo ar na daoine a cheannaigh Lá Nua agus a cheannaíonn Foinse, ach is caineadh é orthu siúd nár cheannaigh neachtar den dhá pháipéar agus ansin a dhéanann clamhsán nach bhfuil nuachtán laethúil ann. Cúig bhliain ó shin, i Mí Meán Fómhair 2003 rinneadh agallamh i Beo.ie le heagarthóir bainistíochta Lá Nua, Máirtín Ó Muilleoir. Iarradh air an leor na deontais (i 2003) leis an nuachtán a choinneáil ar an saol. ‘Séard as dúirt sé:
“Ní maith liom a bheith ag caint faoi dheontais, tá sinne ag soláthar seirbhíse- nuachtán Gaeilge – agus ba mhaith linn go n-íocfadh an dá rialtas as cuid den tseirbhís sin sa dóigh chéanna is a íocann siad as an iomad seirbhísí eile. Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú”.

Tréimhse deacrachtaí ag Lá Nua
Léitheoirí agus fógraíochta. I gcás Lá Nua níor éirigh leis an nuachtán an síleáil gloine frith-náisiúnach, frith-Ghaelach a bhriseadh agus is beag airgead fógraíochta stát a cuireadh ar fáil dó riamh fad a’s a bhí leathanaigh Foinse breac le fógraíocht stáit go rialta. Cuimhneoidh daoine comh maith go raibh treimhse ana-dheacair ag Lá Nua ag tús na bliana seo nuair a d’fhógair Ó Muilleoir go raibh an nuachtán ag cur stop leis an leagan clóite laethúil, ag dul ‘ar líne’ agus ag clóbhualadh leagan seachtainiúil leis an scéalta ar fad ó rith na seachtaine istigh ann. Mar a tharla sé chuir Foras na Gaeilge in aghaidh sin ag an am ag rá go mbeadh an conradh sáraithe dá ndéanfadh Lá Nua amhlaidh. Mar gheall ar feachtas poiblíochta agus roinnt mhaith stocaireacht príobháideach, méadaíodh fógraíochta stáit ar feadh tamaill ach ba léir go raibh todhchaí an nuachtán i mbaol.
Níorbh é go raibh coimhlint idir an dhá nuachtán a bhí ann (don fhógraíocht) agus níor chóir coimhlint a bheith ann. Bhí i dhá nuachtán ag freastal ar dhá mhargadh éagsuil: laethúil agus seachtainiúil agus, le bheith fírinneach faoi, deisceartach/tuaisceartach. Ní díoltar mórán cóipeanna d’Fhoinse ó thuaidh agus mar a dúirt Ó Muilleoir:
“Tá an-deacrachtaí againn leis an dáileadh ó dheas mar níl ionainn ach iasc an-bheag taobh leis na nuachtáin eile a scaipeann an imdháileoir s’againn. Ach táimid ag iarraidh cur ina luí orthu nach bhfuil de dhíth orainne ach cóip amháin a dhíol in achan cheann den 4,000 outlet atá acu, agus tá linn”.

Ó Muilleoir ‘fealsúnach’
Cúig bhliain chun tosaí agus an t-airgead maoinithe ar tí triomaithe tá meon fealsúnach ag Máirtín Ó Muilleoir faoi dtaobh an nuachta. Fáiltíonn sé roimh chinneadh Fhoras na Gaeilge tairiscintí a lorg don nuachtán nua.
‘Fáiltíonn Lá Nua roimh an ‘sóiléireacht’ ón institiúid tras teorann teanga, Foras na Gaeilge faoi thodchaí foilsitheoireachta i nGaeilge,’ arsa sé.
‘Ó mí Aibreáin na bliana seo chugainn, cuirfidh Foras na Gaeilge deontas amháin de €400,000 le haghaidh foilseacháin seachtainiúil agus seirbhís nuachta laethúil ar líne, rud a thógfaidh áit an socrú atá ann faoi láthair, agus Lá Nua ag cur nuachtán laethúil ar fáil agus Foinse i gConamara ag foilsiú in aghaidh na seachtaine.
‘Tá muid ag tnúth an cinneadh seo a phlé go mionsonrach leis an Foras, agus tá muid ag tnúth leis an phróiseas tairisceana,’ arsa Ó Muilleoir.
Thug Foras na Gaeilge le fios go mbeidh comórtas poiblí á reáchtáil go luath le comhlacht a roghnú chun an nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú agus beidh roinnt mhaith coinníollacha le comhlíonadh ag iarrthóirí sa chomórtas sin a chinnteoidh go bhfuil an margadh reatha méadaithe, agus go bhfuil iarrachtaí ar bun le léitheoirí nua a aimsiú.

Tréaslú dá bhfuil bainte amach ag Lá Nua
Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh: nach raibh sé éasca cinntí mar seo (deireadh a chur le deontas i gcomhair nuachtán laethúil) a dhéanamh. “Caithfear a bheith réalaíoch agus a chinntiú go bhfuil an leas is fearr á bhaint as na hacmhainní teoranta atá againn,’ arsa an tUasal Mac an Fhailigh. ‘Tréaslaím le Lá Nua as an obair ar fad atá déanta acu le sé bliana anuas ach léiríonn an díolachán atá ag an bpáipéar nach bhfuil an margadh sách mór. Níl sé sin le rá nach mbeidh amach anseo ach, faoi láthair, níl na léitheoirí ann,’ arsa sé.
Bhuel, ní gá domh a rá go n-aontaím leis an mothúchán sin. Níl lá Lá Nua thart fós, mhair an nuachtán i bhfoirm amháin nó eile le 24 bhliain anois, agus cé fios cad a tharlóidh amach anseo. Ach má’s beatha teanga í a labhairt, is beatha nuachtán é a cheannacht agus a léamh. Mar pobal Gaeilge, mar ghrúpa, níor éirigh linn an taobh sin den chonradh le Lá Nua (agus Foinse) a chomhlíonadh. Go n-éirí níos fearr leis an chéad nuachtán eile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland