Top Issue 1-2024

18 September 2008 Edition

Resize: A A A Print

Obair dheonach

BHÍ mé imo shuí i lár cruinniú Bhord Bainistíochta na scoile an oíche arú nuair a dúirt an Príomhoide go raibh sé ag iarraidh roinnt dátaí a shocrú do chruinnithe idir anois agus deireadh na scoilbhliana. Shínigh mé mo shaol don chéad naoi mí eile amach romham, an féilire ar an tábla breac le spotaí dubha agus dearga, cruinnithe an Bhoird, cruinnithe Choiste na dTuistí, cruinnithe fo-choistí, oícheanta eolais, oícheanta bailithe airgid agus, iontas na n-iontas, oíche shóisialta. I mo shuí ar chathaoir íseal, mo dhroim cromtha ar thábla níos ísle fós, smaoinigh mé gur thrua go raibh an cruinniú Boird seo i seomra Rang 2. Bheadh cathaoireacha agus táblaí níos airde dá mbeadh an cruinniú ar súil thall i seomra Rang 6, ach thall i seomra Rang 6 bhí an Club iarscoile ar siúl.
An oíche dár gcionn bhí mé ar ais sa scoil do chruinniú na dTuistí. An tseachtain seo chugainn beidh an Cruinniú Cinn Bliana ag an scoil agus roimh dheireadh na seachtaine sin beidh an Dioscó ann do na páistí. Cruinniú, imeacht, cruinniú, imeacht, cruinniú . . .

Putnam vs Ahearne
Dhá bhliain go leith ó shin nuair a bhí toghchán fós os ár gcomhair, nuair a bhí Bertie ag cuardach timpeall le téama dá pháirtí agus, (agus is é seo an ghné is tábhachtaí den chothromóid, is dócha) agus nuair a bhí Comóradh 90 bliain den Éirí Amach á cheiliúradh ag an Stát, d’aimsigh Bertie Ahern an coinceap voluntarism nó deonachas. Bhí Bertie ag insint do chách ag an am go raibh sé ag labhairt go rialta le hOllamh Harvard darbh ainm Robert Putnam, eolaí ar chaipitil sóisialta. Ag éirí as na cómhráití sin, tugadh cuireadh do Putnam labhairt ag comhdháil bhliantúil Theachtaí Dála agus Sheanadóirí Fhianna Fáil agus thosaigh Bertie a chraobhscaoileadh a shoiscéil de Shaoránacht Ghníomhach. Cuimhnigh gurbh é seo mar chuid den lead-in do Chomóradh an Cásca 2006 nuair a bhí an tír tiúbh le hairgead agus nuair nach raibh focail mar chúlú, gearradh siar ná dífhostaíocht forleathan ar eolas ag formhór na tíre. Agus má bhí sé ar eolas, is as leabhair staire a thógfadh daoine na focail, agus bhí gach duine ar aon intinn go raibh an todhchaí geal ó thaobh fostaíochta de agus nach mór an trua nach raibh an t-am ag daoine a gcuid den deonachas a chomhlíonadh.
Cúpla bliana ar aghaidh agus tá an scéal athraithe ar fad, ar fad. I mbliana ní scáil Robert Putnam atá mar chúlra chomhdháil Fhianna Fáil ach an geilleagar Alan Ahearne, iar-Chomhairleoir d’Alan Greenspan, iar-Eacnamaí Sinsireach leis an Bhanc Cúlchiste Feidearálach, agus duine a bhfuil liosta fada cáilíochtaí acadúla agus post acadúil ina CV. Má bhí an Chaipitil Shóisialta úsáideach mar ghairm toghcháin dhá bhlian go leith ó shin, tá an ghnáthchaipitil agus iarrachtaí le coinníollacha cruthaithe brabúis ar ais i lár chlár Fhianna Fáil anois.

An tráth ar aimsigh Bertie an earnáil dheonach
Le blianta anuas bhí patrún, dar le socheolaithe, in Éirinn a cheangail fás an tsaibhris agus fás na fostaíochta le dul i léig agus crapadh na hearnála deonaí. Fiú sa chaint a rinne Bertie Ahern faoin Tascfhórsa a mhól sé le ceist an deonachais a fhiosrú dúirt sé:
We are trying to foster the spirit of activism such that people will volunteer some of their time, be it to the scouts, junior schoolboy football, the Irish Girl Guides or any other activity. The ESRI report issued before Christmas (2005) showed that 400,000 people in Ireland are actively engaged in this regard. It happens that as a country becomes more prosperous – this happens in every country – people tend not to give of their time.
B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor, b’fhéidir nach bhfuil.  Ó mo thaithí le heagrais Ghaeilge (agus is earnáil dheonach í an earnáil Ghaeilge den chuid is mó) tá laghdú de shaghas ann i gcodanna áirithe den phictiúir nó tá an bhéim laistigh den earnáil ag athrú. Luaigh mé scoileanna ag tús an ailt seo agus má thógann tú go bhfuil 215 gaelscoil sa tír, agus go bhfuil Bord Bainistíochta (le seisear nach múinteoirí iad ar gach bord, móide dhá mhúinteoir a thugann am deonach le ról a imirt ar na boird chomh maith) tá cúpla míle duine gafa le hobair dheonach. Cuir leis sin na coistí tuismitheoirí agus tá, ar an mheán, 8-10 eile ó gach scoil. Seans maith go mbeidh coiste ‘Cairde na Scoile’ a bhailíonn airgead nó a eagraíonn imeachtaí agus tá líon na n-oibrithe deonacha leathnaithe arís. Agus má dhéantar an mata agus an pátrún seo a úsáid sna 2800 scoil Bhéarla sa tír thiocfadh an 400,000 a luaigh Ahern a aimsiú san earnáil oideachais amháin, éasca go leor.

Spriocanna athraithe
In áiteanna agus sraitheanna eile den seandeonachas, ar ndóigh, tá athruithe tarlaithe, níl aon amhras faoi sin. Cloistear scéalta faoi sheanchoistí nach bhfuil ach triúr nó ceathrar fágtha beo iontu, nach bhfuil fuinneamh ná dánacht fágtha acu agus nach bhfuil i ndán dóibh ach na cruinnithe faoi chruinnithe faoi chruinnithe. Nuair a amharcann duine air sin ón taobh amuigh bíonn sé éasca a shamhlú go bhfuil easpa daoine atá sásta an ról deonach a iompar, ach ní fheicimse é mar sin i gcónaí. Caithfimis a admháil agus a thuiscint go mbíonn spriocanna an tsochaí féin ag athrú agus b’fhéidir nach bhfanann gnéithe a bhí tábhachtach tráth, chomh tábhachtach fós ach go mbíonn spriocanna nua ag éirí agus an beart deonach á thabhairt dóibh siúd.
Mar an tslat tomhais is simplí ar an cheist seo: ar thit an tsochaí s’againne as a chéile le linn bhlianta an Tiogair Cheiltigh? Ar stop an cumann áitiúil ag cur foirne ar an pháirc? Ar druideadh an Comharchumann Creidmheasa? An bhfuil níos mó nó níos lú Gaeilge le cluinstin is le feiceáil timpeall an bhaile/na tíre?
 
Spás d’ionchur na nua-Éireannach
Gné amháin den tsochaí atá athraithe agus a mbíonn tionchar ar an rannpháirtíocht deonach ná déantús an daonra féin. Faoin tuath, i mbailte beaga mar Ghort Inse Guair i gContae na Gaillimhe tá céatadán an-ard d’inimircigh ó Bhrasaíl. Ag pointe amháin dhá bhliain ó shin, sular thosaigh an gearradh siar eacnamaíochta, bhí 1,800 Brasaíleach ina gcónaí i nGort (a raibh daonra de 2,000 aige sular thosaigh tonnta d’inimirce ó Mheiriceá Theas sa bhaile isteach). Saghas feiminéim a bhí ann, leis na céadta fear ina seasamh i lár na cearnóige gach maidin ó 6.00 agus 7.00 r.n. ag fanacht ar dhaoine a thiocfadh, a phiocfadh oibrí ócáideach don lá agus a d’imeodh leis nó leo sa ghluaisteán. Cuireadh na haonaigh fhruilithe i gcuimhne do dhaoine, nó Ardsráid Camden agus na hÉireannaigh ag fanacht ar obair ócáideach tráth den saol.
Ach is é mo phointe faoin fheiniméan seo go raibh cuid acu fostaithe gach lá ach bhí go leor eile nach raibh. De réir an mhiotais faoi na laethanta réamhthíogar Ceilteach, ba chóir go mbeadh na daoine seo nach raibh obair acu ina n-ábhar maith don deonachas, ach ní raibh. Ní raibh siad iontáite ná ionduchtaithe don chultúr, agus don réimse grúpaí deonacha sa tír agus dá bhrí sin ní raibh ról le himirt acu, agus b’fhéidir nach bhfuil fós. Mar sin mar chuid den straitéis le gníomh deonach a mhealladh ó dhaoine, ba chóir na hÉireannaigh nua a chuimhneamh chomh maith leis na hÉireannaigh dhúchasacha agus róil agus rannpháirtíocht a thairiscint dóibh inár gcoistí agus grúpaí agus gluaiseachtaí deonacha.
Cibé scéal, tá sé in am dom imeacht anois nó tá a fhios agam go bhfuil cruinniú 8.30 scríofa imo dhialann agus níl a fhios agam cé leis, nó cad faoi nó cén áit ina bhfuil sé! Eagraithe, mar dh’ea. Mar fhocal scoir, áfach, tá Bertie críochnaithe anois lena laethanta os comhar an Bhinse Fiosrúcháin, agus níl sé chomh gafa is a bhí le linn a réimse mar Thaoiseach. Tá am saor aige faoi dheireadh. ‘Meas tú go bhfuil am aige anois beart a chur le briathar agus a chlárú le cupla coiste deonach áitiúil?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland