Top Issue 1-2024

11 September 2008 Edition

Resize: A A A Print

Súile Gaelacha ar Thrá Lí

Tá rud amháin dearfach faoi Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana: beidh Uachtarán nua i mbun na heagraíochta i ndiaidh chinneadh Dháithí Mhic Cárthaigh, an tUachtarán reatha, gan ligean dá ainm dul ar aghaidh arís mar Uachtarán. Tá Mac Cárthaigh i diaidh trí bliana a chaitheamh ag stiúradh an Chonartha; toghadh é ag Ard-Fheis 2005, trí bliana go leith ó shin nuair a chinn an tUachtarán a chuaigh roimhe, Nollaig Ó Gadhra, a fuair bás mí ó shin, gan dul san iomaíocht agus d’éirigh sé as i ndiaidh bliana mar cheannaire. Toghadh Ó Gadhra i gcomórtas géar in aghaidh an Dr. Helen Ó Murchú, ag Ard-Fheis a tionóladh in Inis, Co an Chláir, nuair a d’éirigh Séagh Mac Siúrdáin as oifig. Baineadh geit as go leor le himeacht Mhic Shiúrdáin ag an am. Ní raibh ach bliain amháin curtha isteach aige mar Uachtarán, ról a bhuaigh sé ag Ard-Fheis an Chonartha i dTrá Lí sa bhliain 2003 nuair a bhuaigh sé toghchán a d’éirigh as a dhúshlán don Uachtarán reatha, Tomás Mac Ruairí. Ba léir gur chuir cúrsaí sláinte isteach ar Shéagh le linn tréimhse ina raibh go leor athruithe ag tarlú laistigh den eagraíocht agus nuair a bhí athruithe foirne sa nuacht chomh maith.
I mbliana, tá an Ard-Fheis ar ais sa Ríocht agus ionadh na n-ionadh tá an Tomás Mac Ruairí céanna san iomaíocht arís do cheannaireacht na heagraíochta agus i dtroid díreach idir beirt sheanfhondúirí tá Pádraig Mac Fhearghusa, iar-Thanáiste an Chonartha agus duine a bhfuil a ainm nasctha le cúrsaí an Chonartha le breis agus tríocha bliain. Tá sé aitheanta mar scríbhneoir agus file, agus tá sé ina eagarthóir ar Feasta, iris an Chonartha.
Is múinteoir scoile é Pádraig agus duine de bhunaitheoirí Scoil Lan-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí. Ar ndóigh, cé go bhfuil cónaí air i gContae Chiarraí beagnach chomh fada lena rannpháirteachas sa Chonradh is Corcaíoch é ó dhúchas agus is dócha leis an Ard-Fheis chomh congárach don bhaile beidh sé ag súil le vótaí Mumhan a sciobadh leis. Ach tá níos mó ná paróisteachas i gceist nuair atá toghcháin an Chonartha idir chamáin.

Easaontas faoi thodhchaí na hArdoifige
Níos luaithe i mbliana cuireadh Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ar cheant agus cé nár éirigh leis an díolachán ag an am tá an cheist fós ar na bacáin agus tá díospóireacht bhríomhar ar siúl i measc na mball faoi cé acu is fearr é a dhíol agus bogadh go dtí Ionad Cultúrtha ar leith, nó an tArás a choinneáil agus ligean don Ard-Fheis ceisteanna a bhaineann leis an Ardoifig a réiteach (agus b’fhéidir infheistíocht a dhéanamh ann nuair atá an t-am cuí ann do sin). Tá Pádraig Mac Fhearghusa i ndiaidh gairm toghchána a scaipeadh trí r-phostanna ag dearbhú go bhfuil sé in aghaidh aon díolachán agus, dar leis ‘Is trí chinneadh Ardfheise amháin is ceadaithe Ceannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, a dhíol, agus ní mór aon rún dá shórt a bheith ar chlár gnó na hArdfheise’.  
Ar ndóigh tá cáil ar Mhac Ruairí mar iriseoir cuairte, mar údar People at War (le Colman Doyle) agus mar Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le ceithre bliana anuas. Má tá a mhalairt tuairime aige faoi dhíol na hArdoifige, bheadh go leor faoi ról agus gníomhaíochta agus polasaithe an Chonartha a mbeadh sé ar aon intinn le Mac Fheargusa fúthu agus tá siad ann a deir nach drochrud é ar chor ar bith toghchán don oifig is airde san eagras nó spreagfadh toghchán freastal ar an Ard-Fheis, agus léireodh sé beocht ag an leibhéal ceannaireachta.

Ag feidhmiú faoi bhunreacht nua
Seo an dara huair le cúig nó sé mhí anuas atá lucht an Chonartha ag cruinniú d’Ard-Fheis. Níos luaithe i mbliana gairmeadh na teachtaí craoibhe le chéile in Óstán Wynnes i mBaile Átha Cliath le vóta a chaitheamh ar bhunreacht nua don eagraíocht. Nuair a glacadh leis an bhunreacht sin, agus nuair a tháinig sé i bhfeidhm sé seachtaine i ndiaidh na hArd-Fheise bhí deis ag daoine clárú mar bhaill aonair in ionad bheith ag clárú trí chraobhacha (mar a bhí mar riail ó bhunaíodh Conradh na Gaeilge níos mó ná 100 bliain ó shin). Ceadaíodh chomh maith Ard-Fheis eile a thionól roimh dheireadh na bliana le gnáthobair an Chonartha a aontú.
Ag an Ard-Fheis seo chugainn, sa Meadowlands i dTrá Lí idir an 26 agus 28 Meán Fómhair, beidh toghcháin chomh maith do Choiste Gnó an Chonartha ó na craobhacha agus ó líon na mball aonair. Toghfar beirt tríd an phróiséas sin agus tá 23 duine ag ligean dá n-ainm dul ar aghaidh don 12 spás ar an Choiste Gnó.
I measc an 52 rún áta le plé ag an Ard-Fheis tá cuid mhaith a bhaineann le tumoideachas, iad go léir ag tacú le tumoideachas agus ag iarraidh ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta a dhéanamh amhlaidh. Tá rúin chomh maith ag lorg Ionad Oideachais le lonnú sa Ghaeltacht a sholáthródh múinteoirí Gaeilge d’ardchaighdeán amach anseo.
Beidh deis ag na baill an dá thaobh den scéal a chluinsin agus a phlé nuair atá rúin éagsúla á moladh maidir le díol 6 Sráid Fhearchair, agus beidh rúin eile faoi neartú agus méadú na Gaeilge san ardchathair agus ar fud na tíre trí éileamh ar Fhoras na Gaeilge €2.5 milliún a cheadú in aghaidh na bliana le hoifigígh forbartha a mhaoiniú don Ghaeilge i ngach contae in Éirinn.

Tacaíocht á lorg do Acht na Gaeilge
Beidh spéis ag gníomhaithe teanga chomh maith i rún a ‘Éilíonn ar Rialtas na Breataine seasamh lena dhualgas de bhun Chomhaontú Chill Rímhinn agus Acht na Gaeilge a achtú don Tuaisceart, Acht a bheas bunaithe ar mholtaí POBAL agus iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó agus ar gach chuid den eagraíocht leanúint ag comhoibriú le POBAL agus le hACHT go mbainfear an aidhm seo amach’.
Taobh leis sin beidh rúin faoin Ghaeltacht, cuid ag tacú le bunú Gaeltachta nó aitheantas Gaeltachta a thabhairt do Chontae an Chláir (mar gheall ar thorthaí an daonáirimh dheireanaigh), rúin nó dhó faoi úinéireacht na Gaeilge a bheith ag gach duine sa tír - sean agus nua - agus fiú rún ag moladh an FAI as an focal Éire a chur ar gheansaithe na foirne sacair (rud a chruthaíonn aincheist duinn nach n-aithníonn aon rud náisiúnta faoi fhoireann 26 chontae!).
Tá cupla lá comhluadair, cainte agus díospóireachta roimh theachtaí ach ar ndóigh beidh craic ann leis agus deis casadh ar sheanchairde agus sean-naimhde (!) is dócha. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ó Chonradh an Gaeilge (01-4757401) nó ar [email protected]

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland