Top Issue 1-2024

10 April 1997 Edition

Resize: A A A Print

Eilionn Dia Maastricht íobairtí

Oibrithe Renault na Beilge ag agóid i gceannáras na comhlachta sa Fhrainc

Leanann an chorraíl ar aghaidh de dheasca chinneadh na ndéantúsóirí carranna Renault 3,100 oibrithe a bhriseadh agus monarcha Vilvoorde sa Bhruiséil a dhúnadh. Is í an ghné is suntasaí den scéal go bhfuil an mhonarcha á dúnadh ar chúiseanna polaitiúla in ainneoin go bhfuil sí i gcónaí brabúsach.

Níl ach tamall de mhíonna ann ó rinneadh í a athchóiriú. Trí bliana ó shin rinneadh infheistíocht de £60m sa mhonarcha chéanna.

Eascraíonn dúnadh na monarchan as príobháidiú Renault anuraidh de dheasca brú ó Choimisiún an Aontais Eorpagh. Ba leis an stát (Francach) tromlach na scaireanna go dtí sin. Bhí sé de mhí-ádh ar na hoibrithe gur thit díolaíocht carranna nua ar fud iarthar na hEorpa sa tréimhse chéanna mar thoradh ar mhéadú ar dhífhostaíocht. Ar chúiseanna polaitiúla agus seáibhineacha ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go ndúnfadh an chuideachta monarcha dá cuid sa Fhrainc. B'in an fáth gur roghnaíodh an mhonarcha áirithe seo i gcomún Pléimeannach lámh leis an Bhruiséil.

Tá calcadh pá sa Bheilg le trí bliana anuas agus tá an dífhostaícoht ag dul i méid. Ní haon ionadh é go bhfuil olc ag muintir na Bruiséile do mhaorlathaigh ghustalacha an AE a chónaíonn ina measc.

Is í an iarracht le haontas eacanamaíoch agus airgeadúil a bahint amach faoi 1999 an rud is mó atá tar éis cur le géarú na dífhostaíochta i dtíortha an AE. Tá an dífhostaíocht sa Ghearmáin níos measa ná mar a bhí sí ón uair a tháinig HItler i gcujmhacht. Sa Fhrainc tá an ráta dífhostaócht is airde ann ón Dara Cogadh domhanda. Tá an dífhostaíocht ina géarchéim san Iodáil. I gcathair Napoli tá 55% den lucht oibre as obair, mar shampla.

Le linn na 1980í - ré na sainte - bhí an geilleagar go bríomhar i dtuaisceart an AE. B'in an tráth a bheartaíodh tionscnamh Maastricht. Leagadh síos nach rachadh an t-easnamh sa Bhuiséad thar 3% den Olltáirgeacht Intíre. Más féidir é sin a bhaint amach ar chor ar bith roimh an spriocbhliain, 1999, ní féidir é a dhéanamh gan dífhostaíocht a cruthú ar an mórchóir.

In ainneoin na síorbholscaireachta atá ár mbodhrú agus a thugann le fios go bhfuil aontas airgeadúil ordaithe ag Dia nó ina dhlí sa nádúr, tá amhras tagtha ar go leor den bhunaíocht féin maidir leis an tionscnamh. Tuigeann siad go bhfuil athrú bunúsach ar gheilleagar iarthar na hEorpa ó na 1980í nuair a bhí an lá le suasógachas agus Conradh Maastricht á dhréachtadh. Tá athaontú na Gearmáiune (nó forghabháil oirthear na tíre sin, más mian leat) tar éis cúrsaí a chur as riocht ar fad.

Deir ceannasasí chomhlacht comhairleach rialtas na Gearmáine um pholasaí eacnamaíocht, Herbert Hax, nár ceart smaoineamh ar airgeadra aonair roimh 2002 ar a luaithe. Tá Aire Gnóthaí Eachtracha na hIodáile, Luigi Dini, ag caint ar an dul céanna. Fiú iar-Uachtarán na Fraince, Valery Gistard D'Estaing, a bhíodh ina chrann taca le scéim an aontais airgeadúil, tá sé ag moladh go ndéanfar an Franc Francach a dhíluacháil. Tuigeann sé go rímhaith go gcuirfeadh sé sin an chaidhp bháis ar an airgeadra aonair. Téann iar-Choimisinéir Gearmánach den AE, Ralph Dahrendorf, níos faide ná aon duine eile acu. In agallamh in Der Spiegel deir Dahrendorf nach leor an tionscnamh a chru ar thló, gur botún tubaisteach a bhí ann an chéad lá.

San idirlinn leanann dúnadh morachan, briseadh oibrithe, ciorrú ar sheirbhísí poiblí, calcadh pá agus méadú ar chánacha ar fud an Aontais Eorpagh - liodán d'íobairtí nach mór a dhéanamh le cirtéir Maastricht a bhaint amach.

Le Colm de Faoite


Na bleachtairí ag faire ar Fhine Gael agus Fianna Fáil



LE MICHEAL MacDONNCHA

Ba mhór an conspóid le cúpla seachtain anuas mar gheall ar tapáil teileafóin an iriseora Vincent Browne. Tá eolas níos leithne anois ar an gcumhacht atá ag an stát chun tapáil a dhéanamh ach níl caint ar bith faoin na fir agus na mná dhéanann an tapáil - an Craobh Speisialta den Gharda Síochána.

Tá cumhachtaí móra ag na póilíní seo, cumhacht a léiríonnn gur póilíní polaitiúla atá iontu. Mar shampla bíonn siad i láthair ag gach comóradh poblachtach eagraithe ag Sinn Féin um Cháisc chun faire ar an slua, agus uaireanta chun griangrafanna agus fístéip a fháil.

Ach ar Domhnach na Cásca i gContae Luimnigh bhí an Craobh Speisialta i láthair ag comóradh eagraithe ag grúpa chomhphobail ag faire agus ag déanamh fístéip den slua - TD de chuid Fhine Gael ina measc.

Comóradh leathan a bhíonn ann i mBéal an Atha, Contae Luimnigh chuile bliain. Tá baill de Fhianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, agus daoine neamhspleacha ar an gcoiste. Tá na comóradh ag fás i gcónaí agus bhí níos mó daoine i láhtiar i mbliana ná riamh. Ar Domhnach na Cásca bhí Michael Finucane TD (Fine Gael) an Seanadóir Dan Neville (Fine Gael) Michael Noonan TD (Fianna Fáil) agus comhairleoirí chontae de na bpáirtíthe sin i láthair.

Bhí ionadaíocht ann ó Chumann Lúthchleas Gael, an Cumann Soccor, agus an Cumanna Liathróid Láimh. Bhí Bannacheoil Píobairí Tomás Daibhís as Malla, Contae Chorcaigh, ann agus garda brataigh sibhialta. An Comhairleoir Pagraigín Uí Mhurchú (Sinn Féin Muineacháin) a thug an óráid. Iarradh uirthi mar `sé 1997 an 40ú chomóradh ar bhás a dheartháir Fearghal O hAnluain le Seán Sabhat ag Brookeborough, Contae Fear Manach i 1957.

Bhí fearg ar an slua nuair a chonaic siad go raibh sé ghluaisteán lán de ghardaí ann ag tús an chomóraidh. Bleachtairí de chuid an Craobh Speisialta is mó a bhí ann. Bhí dhá ceamara fístéip acu. Bhí eagla ar roinnt daoine nár chonaic a leithéid riamh agus d'eirigh cuid acu as an chomóradh. Ach lean an chuid is mó den slua ar aghaidh go dtí an reilig.

Dúirt Coireall MacCurtáin as Sinn Féin Iarthar Luimnigh gur ``dea-shampla a bhí ann de chlipeadh ag an Craobh Speisialta ar náisiúntóirí, ní hamháin ar phoblachtóirí''. Lean sé:

``Seo fórsa polaitiúl agus is ceist polaitiúl é úsáid an Chraoibh Speisialta sa stát seo. Ba chóir é a ardú.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland