Top Issue 1-2024

21 August 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ceannrodaí Ghaeilge agus Údar torthúil

Chaill saol na Gaeilge agus saol na hiriseoireachta in Éirinn fathach an tseachtain seo caite nuair a fuair Nollaig Ó Gadhra bás tobann, i ndiaidh blianta ag troid easláinte, ag a bhaile sna Forbacha i gContae na Gaillimhe. Bhí sé 64 bhlian d’aois agus bhí go leor bainte amach aige abhus agus i Meiriceá Thuaidh, tír ina raibh sé an-aitheanta ag Gaeil agus Éireannaigh le blianta fada.
Is beag Gael nó polaiteoir sa tír seo féin nach mbeadh aithne aige nó aici ar ghné amháin nó eile de shaol agus saothar Nollaig nó le daichead agus beagnach caoga bliana anuas bhí sé ag scríobh altanna, litreacha, tuairimí agus léirmheasanna sna nuachtáin áitiúla agus náisiunta. Altanna faoi stair na hÉireann, faoin Ghaeilge, faoin pholaitíocht, agus scéala báis a chomhleacaithe agus daoine a raibh aithne aige orthu is mó a spreag a pheann nó ábhar a ghoill é ar fath amháin nó eile. Roinnt bhlianta ó shin tugadh beartán sean-chóipeanna den Éireannach Aontaithe ó na 50aidí agus 60aidí domh ar iasacht, agus fiú siar sna laethanta sin bhí litir ann ó Nollaig ag tabhairt amach faoi rud éigin. Is dóigh liom go raibh an meas céanna aige ar an trí chéad focal foilsithe sa Clare Champion nó trí chéad focal eile san Irish Independent. B’í a fhís agus a chuspóir ná a chuid smaointí agus teoiricí a roinnt orainn – bíodh fáilte rompu nó nach mbíodh.

Uachtarán an Chonartha
Gael go smior a bhí ann a bhain amach an chéim is airde ina shaol mar Ghael nuair a toghadh é mar an 30ú Uachtarán ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge in Inis i 2004. Tharla sé seo i ndiaidh blianta mar cheannródaí i bhfeachtas ar mhaithe cearta don Ghaeltacht; feachtas Teilifís na Gaeilge agus feachtas d’Acht Gaeilge agus Stadás don Ghaeilge in Eoraip. Cuimhneoidh éinne a bhí sa halla an oíche sin an bród agus an paisean ina ghlór nuair a labhair sé don chéad uair mar Uachtarán: bhí sé sóiléir go ndeachaidh an bua i bhfeidhm air agus is dócha gur aithin beagnach gach duine sa halla cé comh tábhachtach a’s a bhí sé dó. Luaigh sé na spriocanna a bhí aige don Chonradh agus na spriocanna a bhí aige ina shaol féin. Meas a chothú arís don teanga; meas a spreagadh ar stair na tíre seo agus sreachailt na tíre seo sna scoileanna; an díoma a bhí air nach raibh Amhrán na bhFiann fiú ar eolas ag páistí scoile agus nach raibh aon ní sa churaclam len’ é a mhúineadh. Fealsúnacht simplí, agus dar leis, spriocanna insroichthe. Ar ndóigh cé gur chaith sé cuid mhaith ama ag casadh le chraobhacha agus Gaeil in áiteanna difriúla sna míonna i ndiaidh sin ní raibh a shláinte ró-mhaith agus bhí tréimhsí fada san otharlann i ndán dó le linn na mblianta ó shin. Bliain amháin a chaith sé mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Beartán giorrúcháin sa phost
Bhí nosanna dá chuid féin aige. Má’s boichte an saol gan é, is saibhre a bheas oifigí an Údaráis nó ba mhinic a fheictí Nollaig ag éalu as na hoifigí béal dorais, a lámha lán de leathanaigh fótócóipeáilte de ghiorrúcháin as nuachtáin go bhfaighfeadh daoine beartáin tríd an phost an lá dar gcionn, le peann dearg ag timpeallú altanna, abairtí nó fiú focail aonaracha a cheap Nollaig a bheith tábhachtach. D’admhóinn, áfach (mar dhuine a fuair beartán ó am go ham) nach raibh an tábhacht comh inaitheanta don duine a bhfaighfeadh é. ‘Céard faoi seo?’ a scríobhfadh sé. Nó focail níos láidir: ‘Níl sé seo fíor!’ nó rudaí eile scríofa comh ghasta aige go raibh an teachtaireacht do-léite. Agus ar ndóigh ní bheadh a ainm ná litir mínithe leis an bheartán cé gur thuig mé i ndiaidh tamaillín cé a bhí ag seoladh na gcludach chugam nó d’fhagfadh sé an corr léid, tagairtí dá scríobhnóireacht féin agus ionsaithe ar pholasaithe agus athraithe sa saol nár aontaigh sé leis. Agus nuair a nach raibh litreacha uaidh bheadh glaonna gutháin.
Mar údar scríobh Nollaig Ó Gadhra roinnt mhaith leabhar thar na blianta – an mhórchuid acu siúd i nGaeilge. Go deimhin is minic a chuala mé Nollaig ag cáineadh Gael a scríobhfadh as Béarla ach le réalachas cúrsaí teanga agus an díogras lena theachtaireacht a chraoladh is dócha, d’fhoilsigh sé The Civil War in Connacht i 1999, i mBéarla, agus cosúil lena shaothar eile sa chéad teanga oifigiúil, tugtar ardmholadh dó. I measc an ábhair eile ar thug a pheann faoi tá dosaen teidéal ag síneadh ón Chéad Dáil Éireann 1919-21 agus an Ghaeilge, go  Guth an Phobail : Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann (1984) agus leabhair idir an dhá linn faoi Méara Chicago Richard Daley, an Fínín John Boyle O’Reilly agus fiú beathaisnéis de Gandhi a scríobh sé beagnach 40 bliana ó shin.

Iriseoir go deireadh
Chuir mé aithne air i nGaillimh tríd an Conradh agus is dócha gur ag cruinnithe agus imeachtaí Gaeilge is mó a mbualfaimis le chéile. Dála an scéal bhí sé lách lena chuid ama, agus thug sé cuairt ar chuireadh uainn cupla uair go léachtanna i mBaile Locha Riach. Uaireanta bheadh an léacht uaidh rud beag scaipthe le fó-nótaí faoi na fó-nótaí agus rudaí ag rith ar thadhall anseo agus ansiúd. Bhí sé mar a chéanna ag cruinnithe, cruinnithe coistí agus poiblí agus is minic a bheadh frustrachas ar Chathaoirligh bhochta ag iarraidh ar Nollaig a phointe a chríochnú! Bhí stór iontach de scéaltaí, ráflaí agus staróga bailithe aige, léite agus cloiste thar na blianta ach bhí a chroí i bhforbairt na Gaeilge gan an ghluaiseacht a bheith ag titim as a chéile.
‘Sin ráite is duine polaitiúil a bhí ann agus dúradh go minic go raibh liosta teagmhálacha polaitiúla aige níos fearr ná bunachar sonraí Charlie Bird. Chuirfeadh sé glaonna ar iriseoirí agus ar pholaiteoirí am ar bith a thiocfadh fonn air – bhí na huimhreacha gutháin aige agus is minic a d’úsáid sé iad. Bhí sé, fiú nuair a bhí sé tinn agus ar an chathaoir rotha, ag lorg scéalta. Chás mé air ag Tostal na Gaeilge níos luaithe i mbliana agus d’iarr sé orm an raibh mé imo chónaí i bhfad ón Easpag Ó Cathasaigh agus dúirt nach raibh. ‘Tar amach chun na Forbacha agus pioc suas mé lá éigin’ arsa sé. ‘Tá scéalta ag an fhear sin nach bhfuil fiosraithe fós agus tá mé ag iarraidh agallamh a chur air.’ Roinnt seachtaine ó shin chas mé air arís  ‘Níor tháinig tú chugam fós’ a dúirt sé. ‘Tá mo dhuine ag dul in aois, agus caithfidh mé agallamh a chur air.’ Dúirt mé go ndéanfainn sin ag deireadh an tsamhraidh ach ar ndóigh tá sé ro-mhall anois agus tá rún an Easpaig slán leis!

Polaitíocht agus crógacht
Cosúil le go leor Gaeilgeoirí choinnigh Nollaig Ó Gadhra a chuid polaitíochtaí féin taobh amuigh den seomra nuair a bhí ceisteanna teanga faoi caibidil ach ó am go ham mhothófainn uaidh gur chloígh sé le tuairimí poblachtacha difriúla ó mo chuidse agus thiocfadh leis a bheith searbh go leor faoi Sinn Féin nuair a bhí sé ag caint. Aisteach go leor, bhí sé cóngarach do Sinn Féin ‘Poblachtach’ ach an chéad duine a d’éisigh ráiteas i ndiaidh a bháis ná an Taoiseach, Brian Cowen.
Ach fiú má bhí argóint eadrainn ó am go ham ar cheisteanna pholaitiúla bhí meas agam air. Bhí an leabhar a chuidigh sé a chóiriú le Aine agus Eibhlin Nic Giolla Easpaig Girseacha i nGeibheann faoina dtréimhse faoi ghlas ag Gallaibh ar cheann des na céad leabhar Gaeilge a léigh mé agus bhí sé cróga ag an am (1985) d’aon iriseoir náisiúnta a ainm a chur le leabhar mar é. Go deimhin scríobh sé faoin Seisear Birmingham, agus bhí sé ina ghuth aonair go minic in aghaidh Alt 31.
Deirtear go minic ar imeacht daoine nach mbeidh a leithéid arís ann sa chás seo is dócha go bhfuil sé fíor. Féaraim mo chomhbhá lena bhean Máirín, a iníon Máirín agus a chlann go léir.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland