14 August 2008 Edition

Resize: A A A Print

Gaeil Trasteorann

Hannons: Muintir Uí hAinín a chaith seachtain i mBéal Feirste le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain mar chuid den chomhoibriú idir Ghaeilge Locha Riach agus Glór na Móna; Margaret, Pádraig, Pól, Sao

Hannons: Muintir Uí hAinín a chaith seachtain i mBéal Feirste le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain mar chuid den chomhoibriú idir Ghaeilge Locha Riach agus Glór na Móna; Margaret, Pádraig, Pól, Sao

De bharr chomhoibriú idir ‘Glór na Móna’, Béal Feirste agus ‘Gaeilge Locha Riach’ i gContae na Gaillimhe, d’éirigh leo duais trasteorann Ghlór na nGael a bhuachaint don dara bhliain as a chéile.
Tá an nasc idir na grúpaí seo neartaithe i rith an ama agus go leor samplaí den chomhoibriú l’imeachtaí an tsamhraidh. Mar chuid den chomhoibriú idir Ghaeil thuaidh agus theas, bhí cuairteoirí in Oirthear na Gaillimhe le linn Scoil Ceoil an tSamhraidh, Féile Touhey agus teaghlach ann fá láthair le haghaidh Campa Samhraidh Bhaile Locha Riach.
Bhí neart ceoltóirí Feirsteacha ag múineadh agus ag glacadh páirte sa Scoil Ceoil agus cuid acu rann-pháirteach i bhFéile Touhey, píobaire a bhain clú idirnáisiúnta amach.
Ag deireadh na féile, dúirt Cormac Ó Briain, Oifigeach Gaeilge Ghlór na Móna gur thaitin imeachtaí na seachtaine go mór leo agus é ag súil go mór go mbeidh sé ábalta filleadh ar an cheantar arís.
Mar aon leis sin, bhí cuireadh tugtha do theaghlach amháin dul go Béal Feirste agus freastal ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 20 - 25 Iúil. Bhí an oiread sin éileamh ar an chuireadh seo go raibh ar ‘Gaeilge Locha Riach’ crannchur a dhéanamh as.
Cuireadh teach trí sheomra codlata ar fáil mar lóistín don teaghlach agus fáilte freastal ar réimse leathan imeachtaí a bhí ar siúl le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ina raibh dianchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta, Campa Samhraidh do pháistí, Scannáin, Drámaíocht, Taispeántais, Ceardlanna Ceoil, Ealaíne agus Scéalaíochta. Bhí go leor seisiún ceoil, ceolchoirmeacha, céilithe, siúlóidí agus cainteanna ar siúl le linn na seachtaine fosta.
Tuigtear go raibh saoire iontach ag Muintir Uí hAinín a raibh an t-ádh orthu freastal.
Ag labhairt ar an tsaoire, dúirt Margaret Hannon gurbh é seo an chéad uair a raibh an teaghlach i mBéal Feirste agus gur thaitin sé go mór leo a bheith sa cheantar. Chinntigh sí gur mór an spreagadh a fuair siad ó mhuintir Bhéal Feirste i dtreo na Gaeilge agus gur fhoghlaim siad go leor i rith na seachtaine. Luaigh sí fosta go raibh an t-am acu dul ar thuras lae go Clochán an Fháthaigh ar chósta Aontroma agus roinnt siopadóireachta a dhéanamh leis.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland