14 August 2008 Edition

Resize: A A A Print

Acht na Gaeilge faoi ionsaí

Le míonna beaga anuas tá aontachtóirí ag cur dlús lena n-ionsaithe ar an Ghaeilge agus ar an éileamh d’Acht na Gaeilge ó thuaidh.
Ag slógadh de chuid an Óird Óráistigh ar 12 Iúil, thug David McNarry, ar ball sinsear den Ord agus de Pháirtí Aontachtach Uladh (PAU) é, thug sé le fios go mbeidh daoine nár labhair ach Béarla thíos leis dá ndaingneofaí Acht na Gaeilge.
Gan amhras, tá scanradh a gcraiceann ar aontachtóirí roimh a leithéid, díreach mar a bhí eagla orthú roimh chomhionannas sna 1960í.
Ní daoine dona iad ina iomlán agus creidim gur eagla roimh an rud nach eol dóibh is cúis leis an eagla is mó a fhulaingíonn an chuid is mó dóibh.
Le linn sos cruinnithe ag a raibh mé in 2003, bhí deis comhrá ciúin agam le haontachtóir amháin a bhí ina bhall den PAU, an bheirt againn ag baint sult as cupán caife.
Agus sos cogaidh Óglaigh na hÉireann i bhfeidhm, ar sé, bhí dhá rud a scanraigh aontachtóirí. Ba é an Tiogar Ceilteach ábhar scanraithe uimhir a haon agus an Ghaeilge ábhar scanraithe uimhir a dó.
Bhí siad buartha go slógfadh an Tiogar iad suas. Is dócha anois go bhfuil cúlú geilleagrach ann gurb í an Ghaeilge namhad uimhir a haon.
Ní rud aisteach é reachtaíocht teanga mar chreidtear go forleathan go bhfuil éagsúlacht teanga ina rud maith. Ní amháin go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla againn taobh ó dheas den teorainn, ach tá reachtaíocht teanga san Aifric Theas, i gCeanada, sa Spáinn agus go leor áiteanna eile san Eoraip.
Maise, tá reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus san Albain leis an Bhreatnais agus Gàidhlig na hAlban a chosaint.
Ag éirí as Comhaontú Aoine an Chéasta, dhaingnigh rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
Ionstraim idirnáisiúnta é agus gléas réiteach choimhlinte, nuair a dhaingnigh rialtas na Breataine é thug sé coimitmint dá chomhpháirtithe idirnáisiúnta go mbeadh seirbhísí ag lucht na Gaeilge ó thuaidh.
Ní comharba í an Chairt do reachtaíocht dár gcuid féin dírithe ar ár riachtanas féin. Fós féin tugann sé cosaint áirithe agus tá dualgas air Gaeilgeoirí gach deis a thapú leis na seirbhísí sin a lorg. Thabharfadh sin le fios ar bhonn léiriú leanúnach praicitiúil go bhfuil éileamh ann d’Acht na Gaeilge.
Eagla orthu roimh an rud nach eol dóibh, beidh scanradh ar aontachtóir roimh Acht na Gaeilge go mbeidh sé ann. Is ansin a fhoghlaimeoidh siad nach ionann é agus séanadh a gcuid Bhéarla.
Ba chóir do rialtas na Breataine i Westminster gníomhú ar an ábhar anois

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group