Top Issue 1-2024

7 August 2008 Edition

Resize: A A A Print

Fête na gCrustaithe sa Bhriotáin

Bhuel mar a thuair mé an tseachtain seo caite, bhí baisteach ann beagnach gach uile lá den chéad seachtain saoire agus fiú nuair a stop sé bhí an talamh comh fliuch sin go raibh muid mar a dúirt an file tráth ‘livin’ in Drumlister and clábar dae the knees’.  Ar ndóigh ní raibh gach duine sa ghrúpa ag gearán faoi seo, ní raibh by dad.
Na páistí, mar shampla, cheap siad gurbh iontach an scéal é nach mbeadh aon dóigh le héadaigh nite a thriomú agus dá bhrí sin nár chóir dúinn a bheith ag bacadh le rudaí amaideacha mar cith-fholcadh ná folcadh ná athrú éadaigh ar chor ar bith le linn na laethanta saoire. “Cur amú ama” arsa siad, “agus an mhéad rudaí eile go dtiocfadh linn a bheith gnóthach ag déanamh anseo.” Agus nuair a dúirt bean an tí liom ar lá a trí den saoire nách raibh aon t-léinte glan fágtha agam sa suitcase mhothaigh mé go raibh an saoire seo ag dul i dtreo na leisce ar fad agus bheadh orm luí timpeall don chóicís ag léamh agus ag athléamh Seek the Fair Land le Walter Macken, an leabhar aonair a thóg mé liom agus mé ag súil le haimsir níos fearr.
Comh fhad a’s a bhaineann sé le cúrsaí aimsire tá trua agam do mhuintir na háite. Bíonn siad ag eagrú fêtes agus fest noz dóbhtha féin agus ar son na gcuairteoirí mar muidne ach in ainneoin a gcuid impí ar Naomh áitiúil a bheith ina phátrún nó ina pátrún do nocha faoin gcéad des na féiltí, osclaíonn na spéartha le linn Mí Iúil agus sciobtar na pleananna ar fad leis an díle. Cibé scéal, ar ais go tús an tsaoire...

Lucht na gCuarán
Bhain muid Rostrenn amach oíche Luain i ndiaidh turas thar oíche ar an Oscar Wilde, long farantóireachta nua Irish Ferries isteach go Cherbourge. Long nua, Moill céanna. Bhí muid cúig uair a’ chloig níos déanaí ná an am ar an tAmchlár Oifigiúil faoin am gur thosaigh muid amach ar an tiomáint fada síos tríd Normandaí go dtí an Bhriotáin. Baile i ndiadh baile, agus sráidbhaile i ndiaidh sráidbhaile agus na comharthaí i ndiaidh comharthaí. Fête, fête, fête. Bhí fête ar siúl nuair a bhain muid an baile amach, ar ndóigh: Faîtes de la Place.
Mar a fuair muid amach óna comharsáin bhí coiste beag áitiúíl i ndiaidh teacht le chéile mí roimh ré, cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí (aitheanta agus aimitéaracha araon) ó fud fud na Briotáine agus do na voisins Françaises seó ealaíne a chruthú. Tugadh cuireadh eile do cheoltóírí teacht chun an bhaile agus sraith seisiúin saor in aisce a sheinnt sa Place nó cearnóg i lár an bhaile. Bhí an ‘seó’ díreach tosaithe nuair  a stop muid an gluaisteán agus le titim na hoíche chuaigh an torann i méad nó ar fath éigin is roc miotal grunge an cinéal ceoil a bhí ar súil. Agus bhí cuid mhaith dena hamhráin i mBriotánais, tá súil agam, cé go n-admhóinn nach raibh mé ag éisteacht ró-churamach i ndiaidh an tríú gloine chistr ón síbín a d’oscail fiontraí éigin sa chearnóg. Ní raibh gendarme nó police national nó fiú Maor ón chomhairle contae le feiceáil i rith na hoíche agus ba léir nach raibh siad de dhíth ach an oiread.
Cibé scéal bhí an áit lán den ghné pobal sin ar thug muid crusties orthu tráth: daoine ar dúradh futhú nár nígh siad le cupla lae; na fir ag caitheadh féasóga, iad go léir ag caitheamh sean-éadaigh, t-léinte polaitiúla as-dáta agus cuaráin ar a gcosa, agus a raibh ceithre páistí ag únfairt ar an sráid ós a gcomhair. ‘Sea, ‘sea. Mhothaigh mé go raibh mé san áit cheart ach gruaige fada a bheith agam. In Éirinn nuair a bhí an finiméan crusty i mbarr a réime ag tús na nochaidí chreid muid go raibh an chuid is mó acu ar sos lár téarma ó shaolta meánaicmeacha i Sasana, ach sa Bhriotáin is toradh dúchasach, fásta sa bhaile atá ann. Bhí siad ag labhairt Francaise lena gcéile agus ag briseadh go Briotánais an corr uair, ag cruthú arís domh cé comh deacair is atá sé do mhionteanga friotal agus freastal maith a dhéanamh ar gnéithe nua-aimseartha atá ag athmhunlú agus ag athrú ná mórtheanga agus an mhórchultúr féin. I gcás an cheoil rac/miotal trom is mó Béarla a chloisfeá sna hamhráin ná teanga dúchasach (Francais ná Briotánais) agus go deimhin bhí leáid amháin ann, macasamhail 50%-50% idir Charles Manson agus Marilyn Manson a chain i bhFrancais ach an cleas a bhí aige ná go gcríochnódh sé gach amhrán le focal Béarla, ag screadáil s*** nó f*** ar bharr a ghutha, ag dearbhú a dhintiúirí idirnáisiúnta raic!

Dánlann Pobail
Bhí an taispeántas ealaíne ana-shuimiúil ina dhóigh féin. Bhí an Coiste i ndiaidh dul timpeall na siopaí agus tithe a raibh fuinneoga móra acu sa chearnóg agus an sráidín a imíonn as an Place agus d’iarr siad orthu danlann pobail a dhéanamh don saothar ealaíne. Chuir siad ceist orainn, chomh maith agus mar sin crochadh roinnt píosaí ealaíne san fhuinneog. Dá bhrí sin, bhí deis ag cuairteoirí agus muintir an bhaile, uair a chloig nó níos mó a chaitheamh le linn cuairt ar an boulanger, an créperie nó siopa eile ag amharc ar phéinteáil, dealbhóireacht nó griangrafadóireacht i mbreis agus fiche aonad i mbaile beag le daonra de níos lú ná 4000. Bí ag caint faoi spiorad pobail.

Lúidíní le lúidíní
Níor chuidigh an aimsir leis an Faîte áfach agus tá an iomarca ama caite agam anois ag féachaint amach an fhuinneog agus ag fanacht ar athrú agus feabhsú ar an aimsir. Aréir chuir muid na páistí sa ghluaisteán ag 9.00 san oíche agus chuaigh muid go dtí Fest Noz i mbaile cúig chileaméadar déag uainn. Bhí sé dorcha nuair a shroich muid an áit, seánmhainistír a  bhí ag ceiliúradh céad caoga bliain ó thug Naomh inteacht cuairt ar an áit. Is tír Caitliceach í an Bhriotáin, go stairiúil ach sa lá atá inniu ann cé go mbíonn an saol tuata níos láidre bíonn go leor pardons agus féiltí i gcomóradh laetha naofa. Bhí puball mór tógtha acu taobh leis an Abbé. Damhsaíonn na Briontánaigh lámh le láimh, nó lúidíní le lúidiní iad ceangailte mar a bheadh slabhra fada ag bogadh go tuathail le linn do cheoltóirí nó amhránaithe fonn fiche véarsa a chasadh. A haon, a dó, a trí, leim bheag; a haon, a dó a trí, léim bheag eile agus uaireanta ag leanúint an damhsa céanna – an stíl áitiúil – don oíche ar fad. Nuair a thuirling muid den ghluaisteán bhí ciorcal iontach mór ag damhsa sa phuball nó ba chirte a rá an sciorradh agus ag sleamhnú tríd an clábar; clábar nár aithin, faraor, an difir idir lasmuigh agus laistigh. Léim na páistí isteach láithreach agus i gceann bomaite bhí an seisear againn mar chuid de slabhra ag lúbadh fud fad an phuball. In amannta bhí muid istigh i bhfoscadh ón baisteach agus níos minice fós bhí muid lasmuigh ach ba cuma, bhí an clábar ins an dhá áit.

Slán leis na cuaráin
Inniu thosaigh an ghriain ag taitneamh agus tá gach rud ag triomadh. Ar maidin ón ocht a chloig bhí trup tormann sa sráid ina bhfuil muid agus tá an danlann poiblí athraithe arís agus an t-aonach seachtainiúil de ghlasraí úra, cáiseanna, iasc, ainmhithe beo agus marbh agus lámhcheardaíocht ar dhíol. I ndiaidh damhsa an oíche aréir bhí orm geilleadh ar maidin agus mé féin a ní, na bristí cludaithe le draoib a athrú, agus an clábar tirim a ghlanadh ó idir mo mhéara chois. Slán leis na cuaráin, inniu tá muid chun an lá a chaitheadh ag éisteach le fuaimeanna an aonaigh, agus cupán caifé a ól sa tabhairne sa chearnóg. Bímis inár dturasóirí ar feadh tamaill; tá ré an chrustaí thart.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland