Top Issue 1-2024

31 July 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ar chuairt ar na colcheathracha

Tá mé ag dul ar shaoire an tseachtain seo chuig an Bhriotáin; tá an bosca ar dhíon an ghluaisteáin, lán go béal le héadaí, bróga, crocs, buicéid agus rámhainn, uachtar réamhghreine, uachtar iarghréine, culaith snámha agus éadaí do na laethanta fliucha. Agus beidh laethanta fliucha ann, thig liom a bheith cinnte faoi sin.
Tá an Bhriotáin cosúil i mbealaí leis an tír seo. Is dócha go bhfaighimis an córas aimsire céanna ón Aigeán Mór agus ó thaobh tírdhreacha de tá na sléibhte agus na gleannta céanna acu, agus go deimhin na beithígh agus na hainmhithe céanna ag innilt go sámh sna páirceanna céanna (ach gan na ballaí clocha N17acha). Cad chuige, mar sin, a rachadh Éireannach thall ar laethanta saoire? Bhuel, tá ar a laghad ceithre chéim celsius de theocht níos airde thall agus is leor sin do na mic cormaicí lena gcraiceann bándearg nuair atá muid ag déanamh machnaimh ar shaoire. Sin agus cuairt a thabhairt ar na colcheathracha  – na colcheathracha Ceilteacha, an dtuigeann tú.
Aithníonn tú láithreach go n-aithníonn na Briotánaigh na naisc Cheilteacha; uaireanta é bainte le náisiúnachas na mBriotánach ach uaireanta eile na naisc á léiriú i ngan fhios dóibh féin. Is minic a bhíonn Brat na hÉireann ar foluain taobh le taobh le bratacha na náisiún Ceilteach eile (móide Tír na mBascach) ach cé go gcloistear scéalta ó Éireannaigh go minic faoin chion a bhíonn ag na Briotánaigh agus na Francaigh ar Éireannaigh thar Sasanaigh, mar shampla, is minic a fheictear naprún an bhuistéara in airde. Comhartha buíochais as fuascailt 1944-’45 atá ann sin is dóigh nó is ar thránna na Briotáine agus Normandie a doirteadh go leor fola agus maraíodh an iomarca Sasanach óg le linn an Dara Cogadh Domhanda. Agus i stair chásta na hEorpa is fíor go raibh tioránaigh i dtír amháin aitheanta mar fhuascailteoirí i dtíortha eile.

Bratacha agus Naisc le hÉirinn
Sin ráite bíonn brat na hÉireann le feiceáil chan mar bhrat de bhratacha an AE mar shampla ach mar bhrat náisiúnta ó thír Cheilteach eile agus tá níos mó ná siombalachas i gceist lena dtuiscint ar an comh-Cheilteachas fiú nuair a shuíonn an tuiscint sin taobh le taobh le cultúir, nósanna, teanga agus bród as an náisiúnachas eile, an taobh Francach den saol – nó tá sin ann comh maith le brod Briotánach.
Cé nach bhfuil aon stádas oifigiúil ag Brezhoneg, a dteanga féin, bíonn an Bhriotáinis le feiceáil go forleathan ar chomharthaí i siopaí, i dtithe tábhairne, i mbialanna agus ar chomharthaí reachtúla mar shráidainmneacha, ar imeall bailte agus ar fhoirgnimh rialtais agus rialtais áitiúíl. Fiú i sráidbhailte beaga bíonn an Mairie, nó oifigí an rialtais áitiúil, tofa go háitiúil agus i mbun seirbhísí áitiúla. Gan tuairim a thabhairt ar cé chomh ‘daonlathach’ is atá na hinstitiúidí seo is féidir a rá go bhfuil an íomhá dhaonlathach ann ar a laghad agus fiú má tá an stát (Francach) uilechumhachtach go bhfuil duine, nó daoine, ar fáil thíos sa Mairie atá freagrach as na cinní ó lá go lá. Agus sna spásanna a cruthaítear tríd an daonlathas áitiúil bíonn náisiúnaithe ag troid a gcatha le fís níos Briotánaí fós a dhaingniú.

Nascadh Bailte agus íomhá an náisiúnchais
Tá cara liom a bhí thall níos luaithe i mbliana agus chaith sé trí seachtaine ag tiomáint timpeall Cotes d’Armor agus Finistere, dhá réigiúin sa Bhriotáin ina bhfuil an teanga réasúnta láidir (i gcomhthéacs na Briotáine) agus ina bhfuil náisiúnachas le mothú san aer. Nuair a d’fhill sé chuir mé ceist air cad a bhraith siad faoin tír agus cad a sheas amach dó.
‘Cuairt ar an Ghaeltacht,’ ar sé.
‘Ó thaobh úsaid na Briotáinise?’ a d’fhiafraigh mé.
‘Chan fhuil. Ó thaobh na n-áiteanna ar thug muid cuairt orthu,’ ar sé agus thosaigh sé a léamh liosta de bhailte agus de shráidbhailte sa Ghaeltacht in Éirinn atá nasctha le bailte agus sráidbhailte sa Bhriotáin. De ghnáth, bheifeá ag súil le bailte móra bheith nasctha ach nuair atá áiteanna beaga mar Cill na Martra nó Cúil Aodha nó an Spidéal nasctha le bailte agus crosbhóithre thall is léir go bhfuil na naisc bunaithe ar níos mó ná gnó (mar a bheadh, mar shampla, idir Lorient agus Gaillimh). Agus amuigh faoin tuath sa Bhriotáin castar baile i ndiaidh baile ort a bhfuil a gcomharthaí ina seasamh go bródúil ag maíomh as na naisc le hÉirinn, leis an Chorn, le hAlbain agus leis an Bhreatain Bheag.
De réir cairde liom sa Bhriotáin bhíodh an t-am ann nuair a bhí sé réasúnta éasca do Comité de Jumelage nó Coiste Nasctha a chur ar bun. D’aon ghnó nó de thaisme thosaigh bailte a dhul le naisc le tíortha Ceilteacha eile a fhorbairt níos mó ná le bailte i dtíortha eile san Eoraip agus is dócha go raibh an treocht seo ag cuidiú le sainiúlacht, féiniúlacht agus scarúnachas a threisiú. Ag pointe áirithe thug an stát faoi deara cad a bhí ar bun agus ritheadh reachtaíocht a chuir dualgas ar an rialtas áitiúil cead a lorg ón stát lárnach le haon nascadh úr feasta. Fágadh tréimhse d’fhiche lá idir ritheadh na reachtaíochta agus í teacht i bhfeidhm agus de réir mo chara rinneadh níos mó nasctha le háiteanna sna tíortha Ceilteacha eile le linn na ‘fuinneoige’ sin ná mar a rinneadh sna blianta beaga roimhe sin!

Teanga, fest noz agus pubanna Éireannacha
Cé go bhfuil an Bhriotáin níos cóngaraí, agus níos gaolmhaire ó thaobh teanga de leis an Chorn agus an Bhreatain Bheag tá níos mó nasc déanta le hÉirinn. Tá an Bhriotáinis ar na teangacha P-Cheilteacha mar a thugtar orthu a fhad is atá an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Oileán Mhanann aitheanta mar Q-Cheilteach – cé nach bhfuil aon Q ann, ach  an fhuaim Q [C] atá i gceist. Mar shampla tá ceathair agus cúig againne, agus tá pedwar agus pump acu. Bí eolach faoi na Ps and Qs agus beidh gach rud eile i gceart. Mar sin sa teaghlach Ceilteach tá gaol teanga níos láidre ag na Briotánaigh leis na Coirnigh agus na Breatnaigh ach tá beagnach dhá oiread bailte nasctha le bailte Éireannacha ná leis na tíortha eile. Tá pubanna Éireannacha in Lorient, Brest agus bailte móra eile feicthe agam ach ní fhaca mé riamh Welsh Pub nó Cornish Pub os cionn dorais an tí tábhairne. Is é an nasc Éireannach an nasc Ceilteach.
Is maith leis na Briotánaigh ceol na hÉireann ach tá a gcuid ceoil féin acu atá Ceilteach ach éagsúil uainne. Tá píopaí agus an bombard, agus drumaí an-choitianta chomh maith leis an bhosca ceoil. Fest noz nó oíche féile atá ar aon dul lenár gcéilí ach aithneoidh cuairteoir difear mór idir céilí agus fest noz: le linn fest noz déanann daoine an stíl damhsa chéanna i rith na hoíche ar fad, ní bhíonn seiteanna ná a leithéid ann agus thiocfadh le cúpla céad duine bheith ar an urlár le chéile, gach mac agus iníon máthar acu lámh le láimh ag damhsa agus an líne fhada ag bogadh go mall, go tuathal, go hiontach.
Cibé scéal is ann a bheidh mé den chéad choicís eile ag cleachtadh an bheagáin Fraincise agus ag foghlaim, tá súil agam, roinnt Briotáinise, agus bheith ag éisteacht lena gcuid ceoil. Ní déarfaidh mé tada faoi croissants agus pain au chocolat ar maidin ná chistre (ceirtlis) agus fíon dearg istoíche. Ní déarfaidh ach bíodh a fhios agaibh go mbeidh siad ann áit éigin le linn na saoire.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland