Top Issue 1-2024

17 July 2008 Edition

Resize: A A A Print

Focail agus pictiúir

Cad é an rud a deirtear faoi busanna: go mbíonn duine ag fanacht tamall fada ar bhus amháin agus go tobann tagann dhá bhus le chéile. Bhuel ‘seo chugainn anois an dara bhus. Níl ach coicís ó tháinig an chéad bhus nuair a nochtadh an guthán nua Samsung le tuartéacs Gaeilge, an Tocco agus tá go leor daoine ag súil go leanfaidh na comhlachtaí eile eiseamláir Samsung agus go mbeidh an tuartéacs Gaeilge ar fáil go foirleathan. Agus ansin an tseachtain seo caite tháinig an scéal go bhfuil comhlacht teicneolaíochta faisnéise i ndiaidh foclóir a chur in óiriúnt do sheirbhís gutháin.
Get the Focal is ainm don fheidhmchlár nua agus seachtain ó shin sheol Maithú, comhlacht TF ó Contae Maigh Eo, ‘Get the Focal’ an seirbhís nua-chruthaithe le cabhair ó agus Foras na Gaeilge, ag maíomh go bhfuil an feidhmchlár le haghaidh gutháin shoghluaiste in ann breis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge le húsáid as líne a sholáthar.
Tá costas beag leis an pacáiste mar a bheifeá ag dual; ach tá leath den fhoclóir ar fáil ar bhonn trialach laithreach ar 30c/25p. Má sheoltar ‘Focal’ chuig 53503 ó ghutháin sna 26 Chontae nó chuig 82222 sna 6 Chonate nó sa Bhreatain, cuirfear nasc ar ais chuig an ghuthán a ligfeadh d’úsáideoir an ‘foclóir’ a íoslódáil agus na litreacha ó ‘a’ go ‘k’ a úsáid saor in aisce. Beidh an foclóir ina iomlán agat ach cuid de ‘faoi ghlas’. Ar chostas €5 ligtear duit an foclóir iomlán, le 12,000 aistriúchán a oscailt le húsáid ar do ghuthán. Gearrfar na táillí uair amháin ar do bhille ghuthán nó creidmheas má’s guthán íoc de réir úsáid atá agat. Agus ar ndóigh is beag foclóir a cheannófá na laethanta seo ar chúig euro.

Get the Focal – ar do ghuthán
Ar ndoigh tá roinnt foclóirí agus liostaí focail Gaeilge (agus Béarla go Gaeilge) ar fáil cheana féin ar líne ach ceann des na buntáistí is mó leis an seirbhís úr seo ná go bhfuil teacht ar ‘Get the Focal’ go gasta agus saor ar do ghuthán phóca ag am ar bith gan ceangail leis an idirlín. Beidh sé an-éasca úsáid a bhaint as, ní bheidh aon táillí oibreora i gceist, agus deir na forbróirí go n-oibríonn sé ar gach guthán soghluaiste.
Is comhlacht Teicneolaíocht Faisnéise é Maithú Teoranta a bhunaigh na deartháireacha Mícheál agus Cearbhall Ó Droighneáin agus a bhfuil oifigí acu i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo agus sa Mhol Digiteach, Baile Átha Cliath.  Díríonn siad go háirithe ar réimse na mbogearraí saincheaptha le haghaidh ríomhairí agus gléasanna soghluaiste, chomh maith le hóstáil agus forbairt feidhmiúcháin Ghréasáin. Is cúis áthais dóibh anois dar leo féin a bheith ag obair le tionscadail a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na tíre. Forbraíodh an t-aistritheoir ‘Get the Focal’ le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge agus Enterprise Ireland tríd an gclár CÉIM.

Cuidiú d’fhoghlamóirí, tuistí agus... státseirbhísigh!
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Cearbhall Ó Droighneáin, Príomhfheidhmeannach, Maithiú, go ndearna siad an tseirbhís a fhorbairt mar fhreagra ar an ngá le cúnamh maidir le foghlaim na Gaeilge i ndálaí laethúla. “Oireann ‘Get the Focal’ go mór do mhic léinn Ghaeilge, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, do státseirbhísigh agus d’éinne a bhfuil spéis acu sa teanga.
“Le blianta beaga anuas tá borradh le feiceáil ar an spéis atá á léiriú sa Ghaeilge, agus creidimid go gcabhróidh ‘Get the Focal’ le daoine, bíodh go bhfuil an teanga á foghlaim acu nó go bhfuil siad díreach ag iarraidh an cheist choiteann ‘cén Ghaeilge atá ar...?’ a fhreagairt.
Tá an ceart aige, is iomaí duine a bhíonn an cuardach focail ó am go ham a bhainfidh úsáid as an córas seo agus cé go bhfuil an teanga féin i bhfad níos leithne ná 12,000 focal is tús iontach maith é seo. Deirtear go bhfuil sé éascaí l’oideachas a iompar, bhuel seo foclóir go dtiocfadh le haon duine iompar leo gan stró - agus gan aon meacan breis leis!
Agus anois ag tagairt do ghutháin, ‘seo ceann eile a mbeadh speis agaibh ann b’fhéidir, comórtas a bhainean le ceamaraí. Bíonn ceamara d’ard chaighdeán mar chuid de threallamh go leor guthán póca na laethanta seo, agus tá comórtas ar súil faoi láthair do ghriangranna digiteacha 5 mega pixel nó níos mó a bhaineann díreach le saol na nGael.

Saol na nGael – i bpictiúirí
D’fhógair Colmcille - an áisíneacht chultúrtha a chothaíonn an ceangal idir lucht labhartha Gàidhlige  agus Gaeilge as Éireann, (ó Thuaidh agus ó Dheas) agus Albain an comórtas Saol na nGael/The Life of Gaels. Grianghrafadóireacht amaitéarach atá ann le príomhdhuais £2000 do dhaoine fásta, nó an príomhdhuais £500 do shóisearaigh agus tá an lucht eagair ag iarraidh ar na hiontrálaithe gan cloí leis na seanmhúnlaí ach íomhánna a chur ar fáil de shaol cainteoirí Gàidhlige agus Gaeilge in Albain agus in Éirinn a bheidh ina n-ábhar machnaimh agus inspioráide.
‘Sé an spriocdháta ná an 1ú Meán Fómhair agus fuarthas breis is céad iarracht go dtí seo ach tá deis fós áfach ag grianghrafadóir amaitéarach ar bith íomhánna digiteacha a chur isteach agus greim a bhreith ar cheann de na duaiseanna sa chomórtas atá á eagrú ag.   
Deir Bainisteoir Tionscadal Albannach Cholmcille, Mairi S MacLeod: gur chuir caighdeán agus éagsúlacht na n-iarratas ó chéad-eagraíodh an comórtas sa bhliain 2006 ‘iontas orainn, agus chuaigh sé dian ar na moltóirí na buaiteoirí a roghnú sa deireadh. Baineann an tsamhlaíocht agus an cumas céanna le cuid mhaith de na hiarrachtaí atá curtha isteach go dtí seo an babhta seo freisin.’

Bígí samhlaíoch
Moltar do dhuine ar bith a bheadh ag smaoineamh ar Shaol na nGael a léiriú le ceamara áfach, dianmhachnamh a dhéanamh ar an chiall atá leis an teideal. Mar a mhínigh Bean MacLeod, ‘B’fhéidir gurb ionann tírdhreach taibhseach sna Garbhchríocha nó ar chósta iarthar na hÉireann agus an rud is saol Gaelach ann in intinn roinnt daoine, ach ní mór cuimhneamh nach n-oireann na steiréitíopaí traidisiúnta do Ghaeil an lae inniu, agus go bhfuil sé chomh dealraitheach céanna gur i gcallán na cathrach nó faoin tuath a bhfaighfear iad, agus go n-oibríonn siad agus go gcónaíonn siad ar fud an domhain. ‘
‘Is é is mó atá uainn dá bhrí sin íomhánna machnamhacha, dúshlánacha, a thaispeánann na Gaeil féin ar shlí éigin, is cuma cé méid suíomhanna a bheidh i gceist. Gan amhras tá íomhánna eile ar nós tírdhreacha inghlactha, ach ní mór dóibh baint a bheith acu go soiléir leis na Gaeil agus é sin a bheith le tuiscint go follasach ag an duine a bhreathnódh ar an bpictiúr sin.’
Beidh fó-theideal i nGaeilge nó i nGàidhlig (comh maith le haistriúchán i mBéarla) de dhíth ag gach íomha a chuirtear isteach don chomórtas agus dar le lucht an eagraithe tá na fó-theideal féin thar a bheith tábhachtach nó ‘Cé gurb iad na híomhánna an chuid is tábhachtaí den chomórtas, tugann na fortheidil deis do na hiontrálaithe cás maith a dhéanamh ar a son féin cén fáth go dtugann a bpictiúir léargas ar shaol cainteoirí Gàidhlige nó Gaeilge.’

Na sonraí teicniúla
Níl ach sé sheachtaine nó mar sin fágtha daoibh íomha/grianghraf a thógáil. Ní foláir taifeach íosta 2400 x 3000 picteilín a bheith ag na grianghraif, agus iad a bheith glactha le ceamara 5MP nó níos mó d’fhonn a chinntiú go mbeidh an taifeach sách ard leis na pictiúir a chur ar taispeáint.
Agus ní pinginí atá mar dhuaiseanna. Tá £4000 ar fad atá sa duaischiste, £2000 don chéad duais i rannóg na ndaoine fásta agus £500 don chéad duais i rannóg na sóisearach do dhaoine faoi bhun 16. Airgead maith in aon comórtas, airgead iontach maith i gcomórtas amaitéarach.
Tá breis eolais faoin gcomórtas seo le fáil ar www.colmcille.net agus a thuilleadh eolas ar fáil faoi Get the Focal ar www.getthefocal.com.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland