Top Issue 1-2024

26 June 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Gréasán beo do theanga bheo

Bíonn go leor staitisticí a fhoilsiú ag an am seo den bhliain nuair a nach mbíonn nuacht eile ann, agus tá sé éascaí teacht ar eolas bailithe ag ollscoileanna agus taighdeoirí faoi, faoi, bhuel faoi go leor leor téamaí agus nithe éagsúla. Mar shampla: líon na sorn mion-tonn atá i ngach teach, líon na ndaoine a léann úrscéal sa leaba sula dtiteann siad a chodladh, cé mhéad madraí, cait, coiníní agus peataí eile atá maraithe ar bhóithre na tíre... agus gan amhras ar bharr mo liosta – staitisticí teicneolaíochta. Fad is atá leath den tír ag iarraidh éalú ón teicneolaíocht tá an leath eile ag titim i ngrá lei.  Tá teicneolaíocht linn gach céim, gach nóiméad den lá agus tá a tionchar ag fás in aghaidh an lae.
Ag deireadh 2005, mar shampla, foilsíodh figiúirí a thaispeán go raibh an líon céanna guthán póca sa tír a’s a bhí daoine. An tseachtain seo caite fógraíodh go raibh sin athraithe agus anois tá ar a laghad an méad sin móide an ceathrú cuid eile arís nó má a bhaintear páistí faoi deich mbliain as, agus an mionlach eile a sheasann an fód agus nár cheannaigh guthán póca riamh is léir go bhfuil ar an mheán dhá ghuthán póca ag fórmhór againn agus i gcásanna áirithe níos mó ná sin.  Tá úsáid na teicneolaíochta lárnach do bheagnach gach uile gné den saol anois agus go deimhin muna bhfuil teanga in ann a athrú agus a fhorbairt chun an saol teicneolaíochta a shásamh, beidh fadhbanna ann di.
 
9,910,000 bhuailtí Gaeilge
Tuairiscíodh an tseachtain seo chaite go bhfuil an DUP ag maíomh anois go bhfuil aon dóchas go reachtófaí Acht Gaeilge ‘comh marbh leis an teanga féin’. Os rud gur chaill mé amach ar eagrán nó dó den nuachtán laethúil Gaeilge Lá Nua le deanaí, agus toisc nach raibh deis agam éisteacht le ceachtar an craoladh beo Raidió na Gaeltachta, Raidió na Lífe ná Raidió Fáilte le cúpla lae anuas, chinn mé go raibh an fógra báis agus na socraithe socraide caillte agam. Dúirt mé liom féin gurb é an rud is fearr ná cuardach ar líne a dhéanamh ag lorg eolais faoin scéal nó bhí mé in amhras an raibh sé fíor nó an raibh an DUP bocht ar strae. Chuir mé an focal Gaeilge isteach i gcuardach Google agus 0.15 soicind i ndiaidh sin bhí mé ag treabhadh tríd 9,910,000 suíomh ina ndéantar tagairtí don Gaeilge. 9.9 Milliún. Quelle surprise. Beagnach, mar a déarfadh Gaybo tráth den saol, péire do gach duine sa tír.
Mar sin, ar mhaithe leis an Aire nua, mo sheanchomharsa Gregory a chur ar an eolas faoi na rudaí seo, tá camchuairt ar chuid des na suíomhanna is beoga curtha le ceile agam d’alt na seachtaine seo.
Nuair a thosaigh mé ag amharc tríd an 9.9 milliún suíomh gréasáin ina ndéantar tagairt don Ghaeilge – agus níl mé ach leath bhealach tríd, an dtuigeann tú – bhí go leor a bhí idir speisiúil agus nua-aoiseach. Tóg, mar shampla, an t-inneall cuardaigh is mó sa domhan, Google. Tá an teanga comh marbh sin go bhfuil an Ghaeilge ar cheann des na teangacha úsáideora aige, agus daoibhse a théann isteach ar Google ó am go ham, mólaim daoibh google.ie a roghnú agus an nasc Gaeilge a chnagadh, athróidh sé sin an teanga ó Bhéarla ar an scáileán.

Vicipéid, deis agus dushlán duinn
Suíomh eile a bhfuil go leor obair déanta leis ó thaobh na Gaeilge de ná Vicipéid, an leagan Gaeilge de Wikipedia, an chiclipéid ar líne. Seo mar a chuireann an suíomh Vicipéid síos ar a ghnó féin:
‘Tionscadal ilteangach vicí is ea Vicipéid chun ciclipéid iomlán chruinn a bhfuil ábhar saor inti a chur ar bun. Saghas feidhmchláir Gréasáin is ea vicí a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram Idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú.’
Cuireadh tús leis an eagrán Gaeilge i Mí Eanáir 2004 ins an ceithre bhliain go leith ó shin cruthaíodh nó aistríodh 6,768 alt nó vicí. Is féidir le duine aonar nó le grúpa daoine a teacht le chéile agus vicithe a scríobh agus níos luaithe i  mbliana, mar shampla, rinne grúpa mic léinn iarracht líon mór vicithe a aistriú ar aon lá amháin le linn Seachtain na Gaeilge ionas go n-ardófaí an Ghaeilge níos airde ar liosta na vicithe.
As na teangacha ar fad le vicithe cruthaithe tá an Ghaeilge sa 92ú háit (as 254 teanga éagsúil) agus is í Vicipéid na Gaeilge an tríú Vicipéid Cheilteach is mó atá ann, tar éis Brezhoneg (Briotáinis - 55ú) agus Cymraeg (Breatnais - 63ú) agus roimh Gàidhlig (Gaeilge na hAlban - 95ú). Dala an scéal níl vicithe Ultaise ann ach tá roinnt Scots le fáil, (127ú ar an liosta).
Rud nach mór a chuimhniú faoi na vicithe ná go bhfuil an chumhacht againn féin stadas na Gaeilge a ardú láithreach ach vicithe Gaeilge eile a chur suas agus cad chuige nach nglacfá leis an cuireadh ó Vicipéid: ‘téigh chuig an leathanach cabhrach agus bain triail as an gcóras ar an gclár dubh agus féadfaidh tusa freisin alt a chur in eagar, anois díreach.’
Dála an scéil, tá wiki (Béarla) ar fáil ag tagairt don pháipéar uasal seo An Phoblacht ach níl aon vicí Gaeilge ann dó. An bhfuil spéis ag duine ar bith amuigh ansin vicí a scríobh?

Teip bheag i leagan trialach?
Ag leanúint ar aghaidh tríd an reilig ag lorg uaigh na Gaeilge tháinig mé ar shuíomhanna úsáideacha eile ar nós focal.ie agus acmhainn.ie, dhá fhoclóir ar líne, agus suíomh nua eile logainm.ie a thabharfaidh leagan de logainmneacha bailte, bailte fearainn, barúntachtaí srl ó fud fud na tíre agus iad rangaithe de reir contae. Tá gearán (mór) amháin agam faoin suíomh seo, áfach, atá maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus curtha le céile ag DCU agus Fiontar. Tá L*****derry luaite tríd an suíomh mar an leagan Béarla do Doire. Nach maith an rud é go bhfuil Fógra Tábhachtach ar na leathanaigh: Leagan trialach é seo de shuíomh atá fós á fhorbairt. Bhuel, theip ar sa trial seo! Forbairt amháin a mhólfainn na an diabhal L*****derry sin a athrú láithreach!
D’aimsigh mé comh maith, go bhfuil suíomh nua-seolta gur fiú tagairt a dhéanamh de, abair.ie an suíomh atá curtha le chéile ag Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath le maoiniú ón Fhoras, a gheallann go dtiontaíonn sé focail scríofa go hurlabhra. Thig le húsáideoirí abairt Ghaeilge a chlóscríobh i mbosca ar an suíomh agus tabharfaidh Cabóigín, guth ríomhaire Conallach, fóghraíocht na habairte duit. Anois, ‘sin forbairt!
Agus ní stopann an cheangail agus nascadh idir an Ghaeilge agus an nua-theicneolaíocht ansin, ag an leibhéal ‘foghlamtha’. Má’s é gréasán sóisialta atá uait, tá go leor Gaeilgeoirí ag úsaid blaganna, Facebook, Bebo agus araile, ach má tá tú ag lorg an suíomh féin trí Gaeilge téigh chuig anlionra.net suíomh ar cruthaíodh mar chuid den chúrsa Fiontraithe le Gaeilge agus atá leathnaithe amach ó shin. Tá go leor tagairtí don Ghaeilge agus postanna trí Gaeilge ar youtube comh maith, le ranganna, dialanna, fóghraíocht srl agus cuid acu thar a bheith greannmhar.
Marbh mar dhea. Má tá ionchas don Acht chomh marbh leis an Ghaeilge, ní fada uainn an tAcht!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland