Top Issue 1-2024

3 April 1997 Edition

Resize: A A A Print

Bristear an ceangal le Béarla

Sa bhliain 1975 foilsíodh cnuasach filíochta le Michael Hartnett inar fhógair sé go gcloífeadh sé le Gaeilge feasta mar mheán liteartha. Farewell to English be theideal don chnuasach sin. Tá an frása ceanann céanna le léamh i sainleabhar duine de mhórsmaointeoirí na hAfraice, Ngugi wa Thiong'o.

Ag scríobh dó i 1981 dúirt Ngugi: ``This book, Decolonising the Mind, is my farewell to English as a vehicle for any of my writings. From now in it is Gikuyu and Kishwahili all the way.'' Bhain Ngugi cáil amach san 1960í agus 1970í mar úscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir Béarla. I 1977 thiontaigh sé ar scríobh ina theanga dúchais, Gikuyu. Mhínigh sé a mheon: ``I believe that my writing in Gikuyu langauge, a Kenyan language, an African lanauge is part and parcel of the anti-imperialist struggle of Kenyan and African peoples.''

Níorbh é Ngugi i an chéad scríbhneoir Afracach a ghlac an seasamh sin. San 1960í dúirt David Diop ón tSeineagáil: ``Colonialism... when it can no longer keep its subjects in slavery, transforms them into docile intellectuals patterned after Western literary fashions.'' Tharraing Obi Wali ón Nigéir an cheist anuas ag comhthionól pan-Afracach de scríbhneoirí Béarla in Kampala Uganda chomh fada siar le 1962: ``The whole uncritical acceptance of Englisn and French as the inevitable medium for educated African writing is misdirected.''

Tá an t-impiriúlachas teanga imithe i bhfeidhm chomh mór sin san Africa go dtagraíonn Afracaigh féin dá dtíortha mar stáit Bhéarla, Fhrainacise agus Phortaingéilise. ``An pléascán cultúrtha'' a thugann Ngugi ar an uirlis smachta is cumhacthaí atá ag na himpiriúlaithe. Deir sé in Decolonising the Mind gurb é toradh an phléascáin chultúrtha seo go scriostar pobail ina n-ainmneacha, a dteangacha, a gcomhshaol, a n-oidhreacht ghleice, a n-aontas agus a gcumas agus sa deireadh loitear pé creideamh atá acu iontu féin. ``It makes them see their past as a wasteland of non-achievement and it makes them want to distance themselves from that wasteland,'' a deir sé. (Cén fáth go dtugann sé sin ``An Irishman's Diary'' san Irish Times i mo cheann?)

Leanann Ngugi leis: ``It makes them want to identify with that which is furthest removed from thesemvles; for instance, with other peoples' langauge rather than thier own. It makes them identify with that which is decadent and reactionary, all those forces which would stop their own springs of life. It even plants serious doubts about the moral righteousness of struggle.''

Níl Ngugi aineolach ar ghleiceanna teanga san Eoraip. I saothar eile dá chuid, Moving the Centre, tagraíonn sé do chúlú na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus don cheangal idir ``suasógú'' sa tír sin agus dul le Béarla. Tuigeann sé mar a úsáidtear an coinceip ``Briotanach'' sna hoileáin seo le féiniúlacht na bpobal Ceilteach a mhúchadh.

Deir sé nach bhfuil sé in aghaidh teanga amháin a roghnú mar mheán cumarsáide idir phobail an domhain ach ní fheiceann sé cén fáth gur Béarla a bheadh ansin. Go deimhin ní ghlacann sé leis go gcaithfí teanga Eorpach a roghnú. Dar leis dhéanfadh Kiswahili cúis chomh maith céanna agus níos fearr. Molann sé glacadh le Kiswahili mar theanga náisiúnta na Céinea ach go gcothófaí na teangacha áitiúla san oideachas agus sa litríocht. Tá feachtas ar siúl aige le thabahirt ar na Náisiúin Aontaithe glacadh le teanga Afracach mar theanga oifigiúil bhreise.

Le Colm de Faoite


Oíche Sathairn sa Chlub



Tá mí fágtha i Sraith an Earraigh de choirmeacha ceoil gach oíche Sathairn i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Atha Cliath.

Cuireadh tús leis na seisiúin i mí Feabhra agus tá ceithre cinn le teacht i mí Aibreán. Ar an 5ú Aibreán beidh Albert Fry agus an grúpa Delos ann. As Béal Feirste Thiar a thagann Rosa, amhránaithe den scoth a mbeidh i láthair ar an 12 Aibreán. Ar an 19 Aibreán beidh Sean-nós Cois Life le cloisteáil, Pádraig O Cearbhaill fear an tí agus roinnt de na hamhránaithe is fearr sa tír geallta.

Chun deireadh a chur le Sraith an Earraigh beidh Na Casaidigh ann ar an 26 Aibreán. Nuair a sheinn siad ag an Ghig Gaelach san Olympia anuraidh dúirt tráchtaire amháin gurb iad Osmonds an cheoil traidisiúnta iad! Scéal cinnte go bhfuil siad thart chomh fada céanna le muintir Chathair an Locha Shalainn ach tá siad beo bríomhar fós ag deireadh na 90í.

Ní bheidh samhradh ciúin sa Chlub ar ndóigh agus tá Sraith an tSamhraidh á ullmhú faoi láthair. Tá Nomos fógraithe don chéad seisiún agus beidh siad ann ar an 3 Bealtaine.

Tá na seisiúin ar fad ar siúl ag Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Atha Cliath 2.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland