Top Issue 1-2024

5 June 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Caitríona Ruane agus Eoghan ‘Gino’ Mac Cormaic

Caitríona Ruane agus Eoghan ‘Gino’ Mac Cormaic

The Gaeilgeoir formerly known as...

Bhí mé ag tiomáint go Baile Átha Cliath oíche amháin an seachtain seo caite agus toisc go ngiorrann beirt bóthar bhí an raidió ar siúl sa ghluaisteán mar chomhluadar an turais. Níl a fhios agam cén stáisiún a bhí ann ach bhí clár painéil de shaghas éigin ag plé imeachtaí agus nuacht an lae. I measc an ábhair faoi chaibidil bhí an scannán nua Hunger faoi bhás Bobby Sands. Sa stiúidió bhí Alan Dukes agus cuireadh ceist air faoina thuairim d’íobairt Bhobby. ‘Bhí mé sa rialtas le linn cuid den tréimhse sin’ arsa sé ‘ agus tá mo thuairimí féin agam faoi ach ní raibh am agam riamh don IRA ná Sinn Féin blah blah scéimhlitheoirí blah blah...’ Tháinig tuirse orm lemo chomhluadar bóthair.
‘Bhuel a éisteoirí’ arsa reachtaire an chláir ansin ‘céard a cheapann tú? Bobby Sands: Scéimhlitheoir nó Laoch? Bhur dtuairimí le bhur dtoil; téacs anois chuig an uimhir seo 54321 ag rá ‘sea nó ní hea. Texts cost 30 cent ach tá muid ag lorg bhur dtuairimí. Téacs an uimhir anois, scéimhlitheoir nó laoch...’


Tuairimí Luachmhara

Tá do thuairimí luachmhar, ana-luachmhar. Tá daoine gur cuma sa tsioc leo faoi íobairt Bobby Sands anois ag déanamh airgid as. Chuirfeadh sé deistín orm ach is nós é san aois seo ina bhfuil muid go bhfuil daoine i gcónaí ag iarraidh brabús a dhéanamh as duine eile. Go hard i measc na mbrabúsóirí seo tá na stáisiúin raidió lena dtéacsanna agus i gcónaí an spin go bhfuil ár dtuairimí ‘tábhachtach’. Nílim ag rá nach mbíonn ceisteanna tábhachtach ann riamh. Tá an cheist faoi Bobby tábhachtach comh fad agus go mbeadh feidhm le toradh na pobailbhreithe ach ní bheadh. Ní athraíonn na cluichí nó comórtas nó caidreamh téacs seo tada ach déanann na comhlachtaí gutháin agus craolacháin brabús as. Déanta na fírinne cnuasaitear i bhfad níos mó airgid ag comhlachtaí guthán ná mar a bhailíonn na stáisiuin ó tháillí an chomórtais féin.
Tógaimis sampla simplí. Beidh plé ar chlár éigin ar Newstalk nó Today FM nó Mooney ar RTÉ nó a leithéid agus luaitear, deirimis, Tumoideachas. ‘Anois, a éisteoirí, tá do thuairimí ar an cheist seo ana-thábhachtach’ a deireann an guth mealltach. ‘Téacs anois chuig 54321 ag rá ‘sea nó ní hea. Cosnóidh téacsanna 30c srl” Agus cad a tharlaíonn ansin. Bhuel in ionad do Mháire, Seán agus Aoife ag cur téacs isteach ag rá ‘sea agus Mary, John agus Evie ag téacsail isteach ag rá ní hea, thosaíonn Máire ag téacsáil Seán agus Aoife, Aoife ag téacsáil Máire agus Seán, Seán ag téacsáil fiche duine eile agus Mary, John agus Evie ag déanamh amhlaidh – gach mac agus iníon mháthar acu ag gríosú, spreagadh agus moladh don chuid eile againn ár dtuairimí luachmhára a théacsáil isteach láithreach chun an ruaig a chur ar an taobh eile den díospóireacht... Ní nach ionadh go bhfuil tinneas ceann agam leis an seordán comharthaí bluetooth/fiacal gorm, sméartha dubha, mion-tonn, raidió leictreonach atá mórthimpeall orm ó mhaidin go hoíche. Mar a dúirt mé bíonn do thuairimí luachmhar – do na comhlachtaí gutháin comh maith leis na stáisiuin raidió.


Rún scaoilte

Cibé scéal bhí mé ar mo bhealach go Baile Átha Cliath agus an lá dar gcionn bhí mé ag ócáid eagraithe ag Foras na Gaeilge ina raibh an t-Aire Oideachais Caitríona Ruane CTR i láthair. Ar fath amháin nó eile luaigh Caitríona m’ainm nuair a bhí sí ar an ardán nó ba chruinne a rá gur luaigh sí ainm atá agam, agus í ar an ardán. Gino a dúirt sí. Nó Eoghan. Mar a tharla, d’fhógair sí gurbh fhearr leí ceann amháin thar an ceann eile ach ba chuma, ‘sé an pointe ná go raibh ainm ó thréimhse eile imo shaol anois as an mála agus crochtha go poiblí os comhair slua daoine a raibh aithne acu orm le 16 nó 17 mbliain anuas faoi ainm eile.
Nuair a cuireadh an t-uisce orm fadó fadó i nDoire tugadh ainm m’athar, Eugene orm ach sula raibh deis ag éinne sa chlann a bheith cleachtaithe leis an ainm bhaistí d’athbhaistigh uncail liom Gino orm. Ní chuir mé ceist ar m’athair riamh faoina thuairimí faoin athrú seo, agus ní raibh deis aige a thuairim a théacsáil isteach chuig stáisiuin raidió ach an oiread. Is dócha gur ghlac sé leis toisc go raibh sé éascaí ar an teanga. Agus ghreamaigh an t-ainm, tríd an bunscoil, an meánscoil, obair agus fiú nuair a chríochnaigh mé sna Blocanna H. Bhí ainm amháin ar an teastas breithe agus ainm eile ag gach duine eile orm. Clann, comradaithe agus fiú na diabhal bardaigh.
Thosaigh mé ag foghlam Gaeilge le linn na hagóide plúid agus faoin am go raibh sé thart bhí mé Gaelaithe agus ainm bhreá nua agam: Eoghan. Bhí mé ag síniú litreacha agus altanna sna páipéar faoin ainm sin agus blianta i ndiaidh sin nuair a bhí muid ag troid dár gcearta mar Ghaeil sna Blocanna H thóg mé cás in aghaidh an OTÉ (an sean Oifig Thuaisceart Éireann) lem’ainm (úrnua) Eoghan a aithint go hoifigiúil. Ní raibh a dhath agam in aghaidh na hainme eile, ach bhrúigh mé Eoghan chun tosaí ar gach páipéarachas, foirm, agus comhfhreagras eile ar son na cúise. Nuair a bhóg mé go Gaillimh i 1991 i ndiaidh na mBlocanna is Eoghan a thug mé liom agus cé go gcásfadh an saol roimh 1991 leis an saol iar-1991 ó am go ham thit cuid mhaith de na seanchairde isteach leis an cleachtas nua agus choinnigh mé Gino don teaghlach agus an Tuaisceart agus Eoghan don saol reatha laethúil.


Comradaithe dalba

Le deireannas, áfach, tá Gino ag cnagadh ar an doras arís. B’fhearr lemo bhean go n-aistróinn ar ais arís agus tá sí ag cleachtadh na fuaime de ar a teanga ó am go ham. Sceith bligeard éigin an t-ainm le daoine in eagraíocht Ghaeilge ina bhfuil mé páirteach bliain go leith ó shin agus tá sé ag úscadh amach ó shin chuig an corr duine eile a bhógann isteach a’s amach as na lúbanna céanna. Tá sé ag mo chomradaithe polaitiúla le fada an lá ach le déanaí tá cuid acu-siúd ag éirigh dalba agus ag glaoch orm san aimsir chaite, má a thuigeann tú mé. Tá an corr cúinne sábháilte fós ó Gino, ach ó thosaigh na páistí ag magadh faoi, tá mé ag déanamh gur beag am atá fágtha, agus anois, tá an cat as an hata go hiomlán i ndiaidh tagairt oscailte phoiblí Hairicín Caitríona.
Mar sin a léitheoirí tá do thuairimí sa cheist seo luachmhar dom. Eoghan nó Gino? Má a cheapann tú gurbh fhiú Eoghan a choinneáil beo, téacs Eoghan chuig 085 8262147. Má’s fearr leat lá eile a thabhairt do Gino, téacs Gino chuig 085 8262147. Cloífidh mé le toil an phobail. Níl a fhios agam cad a chosnóidh na téacsanna daoibh ach bígí cinnte nach ndéanfaidh mé féin aon brabús as!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland