Top Issue 1-2024

29 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

COWEN: Taispeánann sé nach bhfuil a cheann suas a thóin féin

COWEN: Taispeánann sé nach bhfuil a cheann suas a thóin féin

An F focal – agus cúpla cinn eile leis

Briseann an dúchas trí shúile an cháit, agus is dócha gurbh é an rud dúchasach a rinne Brian Cowen an tseachtain seo caite ná focairí a chur ar dhaoine a bhí ag cur isteach air. Sula dtosaím ar an droch theanga, áfach, nár mhothaigh aon duine amuigh ansin saghas comhbhá leis an freasúra bocht, (Fine Gael agus an Lucht Oibre atá i gceist agam anseo) nuair a bhagair Cowen go socródh sé cúrsaí nach gcloisfí iad uair ar bith go raibh siad ag caint sa Dáil? D’airigh mé a bpian, iadsan a chuir Alt 31 i bhfeidhm, iadsan údair saoirse cainte a thacaigh le cinnsireacht frith Shinn Féin ar feadh 25 bhliain. Fásaigí suas a leaids. 
Cibé ar bith ar ais go Brian Cowen, aka An Taoiseach. Aka Biffo. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é agus deirim sin mar mholadh agus ní mar chaineadh. Má’s nós é le duine an corr beiceadh a scaoileadh uaidh, bhuel lig dó. Thiocfadh rudaí níos measa a bheith ag teacht as a bhéal...
Ach cad faoin focal seo Biffo? Tá mise den tuairim nach bhfuil móran de chéimeanna idir an lipeadú agus an ciníochas, agus i gcás na leasainme áirithe seo, Biffo, is lipeadú contae atá ann. Go deimhin tá sé mar chuid den cuimhlint tuaithe/cathrach comh maith. ‘Sin ráite, má éiríonn muid go cruinn-pholaitiúil nó fiú ró-chruinn pholaitiúil faoi seo ní bheadh aon chúis gáire fágtha sa tír. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil rud duineata, cairdiúil agus coitianta faoi leasainm mar Biffo a bheith ar Thaoiseach na tíre. Taispeánann sé nach bhfuil, mar a dhéarfá, a cheann suas a thóin féin agus má bhíonn deis agat é a fheiceáil ar youtube ag canadh ballad faoin athair Ber is léir go bhfuil taobh de ina bhfuil focal mar focairí inghlactha, soghlactha. Go deimhin bheifeá ag dual leis an corr f-focal uaidh.

Léintí Gorma, léintí stufáilte
Éist ansin leis na léintí gorma, na léintí stufáilte gorma ag clamhsán faoi theanga neamhpháirliminteach. Táimid san mílaois nua leaids. Tá an f-focal sa ghnáth caint anois, maolaithe ó am go ham go feck (á la Father Jack), aoir agus glámh déanta as uaireanta eile in amhráin (mar a rinneadh in ‘Aon fhocal, dhá fhocal an’ me not knowing no focal at all’) agus i mbeal an phobail ó gach aois, aicme agus áit. Caithfidh mé a rá go bhfuil íoróin sna léintí stufáilte gorma céana ag caineadh na drochteangan nó nárbh iadsan a bhí freagrach/ciontach as cuid des na f***anna polaitiúla is cáiliúla in Éirinn? Cuimhnígí Paddy Donegan ag ionsaí ar Chearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na tíre ag imeacht poiblí sa bhlian 1976. Cé gur maolaíodh an abairt a d’úsáid sé sna meáin go thundering disgrace ar son cluasa leochaileacha mhuintir na hÉireann sna 1970aí bhí daoine i láthair a thuairiscigh i gcónaí gurbh iad ‘a f***ing disgrace’ na focail a dúradh. Níos déanaí fós sa bhliain 1995 bhí John Brutal, Taoiseach an lae, ag screadail ar iriseoir bocht i gCorcaigh go raibh sé tinn ó labhairt faoin ‘f***ing Peace Process’. Pass the swearbox Enda.

Asal agus focain asal
D’iarr mé ar chúpla cairde liom i Rosmuc le déanaí do shamplaí de dhroch theanga/masla sa Ghaeilge. Cad a chuirfidís, mar chainteoirí dúchais, mar shampla ar dhaoine nach raibh aon mheas orthu, mar dhea. Focain asail a dúirt siad. Thuig mé dóibh, uaireanta is gá do teanga síneadh amach, lasmuigh dá stor focal féin agus focal eile a thabhairt isteach ar iasacht.
‘Sin ráite, tá focail agus abairtí dúchasacha a dhéanann iarracht ciall an  f-focal a thabhairt dúinn ach mar a chomhairligh cara eile liom an tseachtain seo, uaireanta ní hé an focal féin atá ina dhrochfhocal ach an slí a deirtear é nó an dóigh a úsáidtear é. Níl aon dochar san fhocal asal ann féin, ach ní maith liom duine asal a chur orm agus searbhas ina ghuth. Ná focain asal ar ndóigh.

Bíobla na drochtheanga
Tá sé ráite faoin Taoiseach nua go bhfuil bá ar leith aige don Ghaeilge. Mar sin, cén áiseanna atá ann dó a chabhródh dó an corr drochfhocal dúchasach Gaeilge a chaitheadh isteach ina chómhrá? Roinnt bhlianta ó shin d’fhoilsigh Breandán Mac Gearailt a leabhar 500 Mallacht a bhí ar feadh tamall, an Bíobla (má a thuigeann tú mé) don drochtheanga. Anois ar ndóigh thiocfadh leis, nó lena thaighdeoirí scripte, cuardach Google a dhéanamh agus na céadta suíomhanna amuigh ansin ag tairiscint mallachtaí Gaeilge. Níl cuid acu siúd thar moladh beirte is fiú a rá, agus tá go leor acu lán de ‘mhallachtaí’ a chruthaígh údair na suíomhanna féin. Mar shampla:

English: May the malevolent hedgehogs soil your cornflakes.

Gaeilge: Go salaí na gráinneoga cealgrúnacha do chuid calóga arbhair.

Hmmm.

Ach ar shuíomhanna eile tá teacht ar na focail dalba a d’fhoghlaim muid fadó ar shaoire sna Doirí Beaga agus i mBun Beag; focail ní mór a rá a cheap muid a bheith risqué cé nár thuig muid cad a bhí ann; agus atá comh éifeachtach inniu a’s a bhí siad riamh ach an drann Cowenesque ceart a chuir leo. Mar sin, ar son cur chun cinn na teanga, ‘seo liosta gairid drochfhocail daoibh a léitheoirí. Níl ach tús den réimse saibhir mallacht atá againn ach fiú ansin b’fhéidir go bhfuil a dhóthain ann d’aon seachtain amháin. Úsáid iad go cúramach.
Mo thóin thú, Cíoch, Póg mo thóin, Focal leat, Dún do bheal, Imigh sa diabhal, Cailleach, Go dtachta an diabhal thú, Múchadh is bá ort, Loscadh is dó ort, Damnú ort, Do chorp don diabhal, D’anam don diabhal, Marbhfháisc ort, Go hifreann leat, Striapach, Bitseach, Feis ort, Focáil leat, Cac, Cac ar oineach, Imeacht gan teacht ort, Titim gan éirí ort, Plá ar do theach, Bí i do thost, Bod! Báltaí, Bastún, Gnuagach mná chugat, Bodalach, Bodalach óinsí, briomaire, graiscín, Scrac ort, Bain as, Scrios leat, Slapaire, striapach...
Agus má a mhaslaigh mé éinne agaibh leis an liosta seo, bog leat!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland