Top Issue 1-2024

22 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Pádraig Ó Cuanacháin, a fuair bás 2ú Márta 2008, Gael Dilis, i measc na nGael go raibh sé

Pádraig Ó Cuanacháin, a fuair bás 2ú Márta 2008, Gael Dilis, i measc na nGael go raibh sé

Gníomh Deonach i lár Plean Straitéise 20 Bliain

Le cúpla seachtaine anuas bhí sraith chruinnithe poiblí á reáchtáil i mbailte éagsúla ar fud na tíre faoin téama Plean Straitéiseach 20 Bliain don Ghaeilge. B’é Fiontar, Ollscoil Bhaile Átha Cliath a bhí ag eagrú na gcruinnithe thar cheann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus is é a bhí iontu ná  éisteachtaí poiblí leis an bhéim curtha ar thuairimí agus caint na ndaoine ón urlár seachas ón ardán. Bhí deis agam freastal ar dhá chruinniú, ceann amháin i nGaillimh agus an oíche dar gcionn, seisiún poiblí eile i Sligeach.
Ar ndóigh ní thiocfaí a rá go raibh an dá chruinniú mar an gcéanna. Bhí rudaí cosúil le chéile eadarthu ach bhí difríochtaí ann comh maith. Cheapfá go mbeadh cruinniú faoi thodhchaí na Gaeilge i nGaillimh, an Chathair ar imeall na Gaeltachta, agus cathair atá aitheanta mar chathair dhá theangach sa chiall Éireannach, cheapfá go mbeadh an cruinniú sin lán go doras. Ní raibh. Go deimhin bhí go leor cathaoireacha folmha sa halla agus chuir sé ag smaoineamh mé faoin earnáil Ghaeilge atá sa chathair agus a lú freastal a bhí ag an chruinniú. Ní cáineadh gineáralta é seo - bhí daoine ann ón saol acadúil, agus an saol gnó agus an saol polaitiúil comh maith le ionadaíocht ó roinnt eagrais Ghaeilge ach bhí go leor ar chóir a bheith ann nach raibh ann.
Céad agus daichead ciliméadar thuas an bóthar i Sligeach bhí a bheag nó a mhór an líon céanna tóineanna ar chathaoireacha an tseomra cruinnithe; slua breá bríomhar neartaithe ba léir le gníomhaithe óna chomharsana as Contae Liatroim, contae ina bhfuil daonra ag titim agus úsáid na Gaeilge ag fás. Is ann a osclaíodh Gaelscoil nua anúraidh i gCluainín. Trí bhliain ó shin tharla ócáid stáiriúil nuair a osclaíodh Gaelscoil i gCóra Droma Ruisc, an contae deireannach sa tír nach raibh Gaelscoil ann roimh sin. Mhothaigh mé go raibh níos mó ‘gníomhairí’ i láthair ag an chruinniú sin cé go raibh Gaeil atá fostaithe san earnáil teanga ann comh maith.

13 bhliain teagasc...amú
Cibé scéal b’é cúrsaí oideachas agus torthaí nó tionchar an chórais oideachais a spreag cuid mhaith den chaint ón urlár agus léiríodh mí-shastacht faoin dóigh a caitear trí bhliain déag ag páistí agus óganaigh na tíre ag foghlam Gaeilge ach ag an deireadh is beag ‘toradh’ atá le feiceáil nó le cluinsint den fhoghlam sin. Níl aon rud nua faoi sin ach tá sé tábhachtach go luaitear é arís agus arís eile go dtí go musclaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus go dtuigeann siad cé comh mí-éifeachtach ‘s atá an córas reatha ó thaobh foghlaim na Gaeilge de.
Pléadh níos mó ná cúrsaí oideachais, áfach. Pléadh, mar shampla, an earnáil deonach agus na hathraithe atá i ndiaidh teacht ar an gníomh deonach le deich mbliain anuas. Agus i Sligeach chuala muid focal nua á chruthú don chéad uair nuair a labhair cainteoir amháin, Seosamh Mac Muirí, faoin gníomhaí Gaeilge Corcaíoch, Pádraig Ó Cuanacháin, a fuair bás ag tús Mí Márta na bliana seo. Leaba sna flaithis dó, bhí Pádraig ina bhunaitheoir agus gníomhaire leis an grúpa forbartha Gaeilge Gael-Taca le blianta anuas agus é gnóthach ar son na cúise go lá a bháis in aois 76 dó.
Tá scéal agus saol Phádraig Uí Chuanacháin ar eolas ag Gaeilgeoirí (agus lucht gnó) ar fud na tíre agus bhí sé díograsach gan a bheith maslach faoin creideamh Gaelach a thiomáin é i rith a shaoil.  Mar a dúirt a chara agus comhleacaí Barra Ó Caoimh nuair a bhásaigh Pádraig, “Fear breá cairdiúil, lán de scéalta agus de ghreann a bhí ann, dearfach i gcónaí agus ní raibh suim ar bith aige i ndrochscéalta. Bhí sé go hiontach ag gríosú daoine agus ní raibh éinne níos fearr ann chun daoine a thabhairt le chéile.”
Poblachtánach ó bhí sé óg, choinnigh sé teagmháil le sean chairde agus am ar bith a labhair mé leis d’fhiafródh sé faoi Sheán Ó Cianáin agus sean Phoblachtanaigh eile as Doire, nó stop sé i dtithe Poblachtánacha nuair a bhí sé sa Tuaisceart.
 
Sean-bheart, briathar úr
Scríobhadh faoi i Lá Nua gurbh é “an Mana a bhí aige le fada an lá maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná nach raibh gá le mórán ach dul amach a labhairt le daoine agus do mholtaí a mhíniú dóibh, agus óna thaithí féin, go mbeidís sásta éisteacht leat agus glacadh leis na moltaí”. Agus is é sin a luaigh an cainteoir i Sligeach nuair  a mhól sé an saghas obair deonach a rinne Pádraig. “Tá níos mó Ó Cuanacháineachas ag teastail” arsa sé. Ó Cuanacháineachas. Nó b’fhéidir:

ócuanacháineachas. Ainmfhocal teibí, m1 gníomhaíocht díograsach, deonach tríd dea-shampla agus argoint simplí ar son na cúise

Chaith Pádraig na blianta ag obair go tánaisteach ina phost leis an Údarás, ag bunú Gaelscoileanna i gCuige Mhumhan agus mar a deirfeadh sé féin, lasmuigh den chúige sin nuair a bhí deis aige tacaíocht a thabhairt do scoileanna nua bhunaithe nó do choistí a bhí ag teacht le chéile le ceist scoil nua a phlé. Chreid sé nach raibh móran de dhíth ach na fíricí gurbh fhéidir an Ghaeilge a athréimniú agus nuair a chloisfeadh saol an Bhéarla an argoint sin, thiontódh cuid acu chuig an Ghaeilge.
Bhí sé i measc na nGael a chreideann nach bhfuil Foras na Gaeilge ag dáileadh go leor tacaíochta do ghrúpaí pobail Gaeilge agus ní raibh sé cuthaileach sin a rá nuair a bheadh deis aige. Is iomaí coiste agus grúpa ins an ceithre chúige a bhfaigheadh clúdach A4 ó am go ham le giorrúcháin as nuachtáin faoi obair margaíochta Gael-Taca, nó le comharthaíocht lannach agus pictiúirí de bhusanna Chorcaigh lena n-íomhaíócht tarraingteach Gaeilge ar an taobh (agus an fógraíocht maoinithe ag Gael-Taca).
Níl aon dabht ná go gcailltear a leithéid de ghníomhaí agus nuair a ríomhaítear na Gaeil uaisle mar é a imíonn uainn ó bliain go bliain, agus a gcoimitmint agus díogras agus deonachas ag imeacht leo éiríonn sé cé chomh práinneach ‘s atá straitéis leis an teanga a shábháil, a fhorbairt agus a thabhairt ar aghaidh go sláintiúil don chéad ghlúin eile.

Níl 20 bliain againn...
Ach fíche bliain? Dúirt cainteoir amháin i nGaillimh gur chóir próiséas measúnaithe a bheith i bhfeidhm ar éifeacht an phlean taobh istigh de thréimhse oifige an rialtais reatha nó má fágtar é go cionn 20 bliain beidh glúin gníomhaithe eile ar slí na firínne mar atá Pádraig.
Cibé ar bith, beidh an tuairisc agus na moltaí pobail á ndreachtadh idir anois agus an Fómhar agus ansin foilseofar an plean. Idir an dhá linn, tacaím leis an mhéad a dúradh ag Mac Muirí i Sligeach. Níl aon ionadaíocht don obair ar an talamh, leis na daoine agus i measc na ndaoine. An ócuanacháineachas. Narbh íontach an rud é duine a chuimhneamh tríd a ainm féin?

 

Má tá aon mholtaí agat féin don Phlean Straitéiseach 20 Bliain thig leat do thuairimí a líonadh isteach ar líne ar www.plean2028.ie 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland